Aisling Ghéar ‘i mbaol a dhúnta’ de bharr easpa maoinithe

Tá maoiniú á fháil ag Aisling Ghéar ón gComhairle Ealaíon le breis agus deich mbliana ach cuireadh stop leis na tseachtain seo caite

Aisling Ghéar ‘i mbaol a dhúnta’ de bharr easpa maoinithe

Tá an t-aon chomhlacht drámaíochta lánGhaeilge ó thuaidh, Aisling Ghéar, i mbaol a dhúnta tar éis don Chomhairle Ealaíon a maoiniú a ghearradh go hiomlán. 

Bhí an comhlacht drámaíochta ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód an tseachtain seo caite sa Chultúrlann i mBéal Feirste nuair a tháinig an scéal faoin gciorrú. 

Tá maoiniú á fháil ag Aisling Ghéar ón gComhairle Ealaíon le breis agus deich mbliana, agus deir Stiúrthóir Ealaíon an chompántais, Bríd Ó Gallchóir, gur “gearradh go huile is go hiomlán’” an maoiniú i mbliana. 

“Buaileadh muid go trom, ach táimid ag troid go fíochmhar chun achomharc a fháil agus ár maoiniú a fháil ar ais,” ar sí. 

Dúirt an Chomhairle Ealaíon le hAisling Ghéar nach raibh siad ‘nuálach’ a ndóthain agus nach raibh cuid dá gcáipéisí in ord.  

“Ach de réir na dtreoirlínte s’acu féin, is é an próiseas ceart le leanstan ná iarraidh ar an chliant iad a chur ar fáil, rud a bheadh muid breá ábalta a dhéanamh ach iad a iarraidh,” a deir Bríd Ó Gallchóir. 

Beidh tionchar tromchúiseach ag an easpa maoinithe seo ar Aisling Ghéar. Deir Bríd Ó Gallchóir go mbeidh “deireadh leis an chomhlacht” mura n-éiríonn leo an deontas a fháil ar ais. 

Bhí sé i gceist ag Aisling Ghéar a bheith páirteach i bhFéile ar an Imeall Bhaile Átha Cliath agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste le dráma nuascríofa, Minimal Human Contact, le Naoise Ó Cairealláin, ón mbanna ceoil Kneecap. 

“Tar éis do lucht an Dublin Fringe Festival an dráma a léamh bhí siad iontach tógtha leis agus dúirt faoin scríbhneoir – ‘a new voice that is both compelling and authentic’,” a deir Bríd Ó Gallchóir. 

Tá Aisling Ghéar, atá lonnaithe sa Chultúrlann in iarthar Bhéal Feirste, ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh anois. 

“Muna n-éiríonn leis sin, cé go bhfuil dlíodóir s’againn dóchasach, rachaidh muid go dtí athbhreithniú breithiúnach. Táimid fosta ag cur isteach ar fhoinsí eile maoiniú,” a deir Ó Gallchóir. 

Dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle Ealaíon: “Tá aiseolas mionsonraithe tugtha ag an gComhairle Ealaíon d’Aisling Ghéar ar a nIarratas Bliantúil Tosaigh ar Mhaoiniú, chomh maith le comhairle ar chláir deontais eile ar féidir leo cur isteach orthu. Tá iarratas ar athbhreithniú maoinithe curtha isteach ag Aisling Ghéar, iarratas atá á mheas.” 

Fág freagra ar 'Aisling Ghéar ‘i mbaol a dhúnta’ de bharr easpa maoinithe'

  • Mairéad Ní Mhaonaigh

    Tá maoiniú a dhith ar Aisling Ghéar leis an obair fiúntach atá a dhéanamh acu a chuir i gcrích