‘Aisghairtear Acht 1737 a chuireann cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna’ — Ó Muilleoir

Tá éileamh atá déanta ag an Aire Ó Muilleoir cáinte ag ceannaire an TUV a deir gur ‘cur amú airgid’ a bheadh ina leithéid agus go gcuirfeadh sé na cúirteanna trína chéile dá mbeadh cead gnó a dhéanamh trí Ghaeilge iontu

‘Aisghairtear Acht 1737 a chuireann cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna’ — Ó Muilleoir

Tá an tAire Airgeadais ó thuaidh Máirtín Ó Muilleoir ag iarraidh go n-aisghairfí dlí, a achtaíodh 279 bliain ó shin, a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Bhuail Ó Muilleoir le saineolaithe dlí Dé Céadaoin lena gcomhairle a fháil faoin gceist.

Tugadh an dlí isteach in Éirinn tar éis do dhlíthe eile cosc a chur ar úsáid na Gáidhlig in Albain agus úsáid na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Aisghaireadh na hAchtanna sin sa bhliain 1863 ach tá an dlí fós i bhfeidhm in Éirinn.

Luaitear an Laidin agus an Fhraincis go sonrach san Acht agus is leis an mbéarlagair dlí sna teangacha sin a chosc a tugadh ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’ isteach, ach toisc go bhfuil cosc san Acht ar “the use of any other tongue or language whatsoever”, ní cheadaítear an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí na gcúirteanna ach an oiread.

“Agus mé i m’Aire a bhfuil freagracht orm as rialú na hearnála dlí, ba mhaith liom go gcosnófaí cearta na ndlíodóirí agus na saoránach ar mhian leo an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna, agus tá mé ag casadh le lucht dlí lena léamh féin ar úsáid na Gaeilge a chloisteáil.

“Níl an cineál seo reachtaíochta i bhfeidhm áit ar bith eile sna hoileáin seo. Tá ceist curtha agam ar an Aire Dlí agus Cirt faoi seo agus leanfaidh mé orm i mbun comhairle le grúpaí Gaeilge dlí leis an mbealach is fearr le dul i ngleic leis an gceist a aimsiú,” a dúirt Ó Muilleoir.

Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737
Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737

Tá ráiteas ar an gceist iarrtha ar an Aire Dlí agus Cirt Claire Sugden ag Tuairisc.ie.

Tá éileamh Uí Mhuilleoir cáinte ag ceannaire an TUV, Jim Allister, a dúirt gur cur amú airgid a bheadh ina leithéid agus go gcuirfeadh sé na cúirteanna trína chéile dá mbeadh an ceart ag cainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh iontu i nGaeilge.

“Shílfeá go mbeadh ceisteanna níos práinní ag déanamh imní don Aire Airgeadais i bhFeidhmeannas atá ag dó na milliún punt de chuid an cháiníocóra. Ach breathnaímis ar impleachtaí praiticiúla aisghairm Acht 1737. Ar ndóigh, is í an cheist a bheidh ag gach duine ná cén costas a bheadh ar Sheirbhísí Cúirteanna Thuaisceart Éireann le seirbhísí aistriúcháin Gaeilge a chur ar fáil.

“Anuas air sin, is ceist níos tromchúisí fós í go gcuirfí isteach ar riaradh an chirt trí éisteachtaí cúirte a bheith ilteangach. Is minic a mheastar an bealach a chuirtear an fhianaise os comhair na cúirte chomh maith leis an fhianaise féin. Ní fios céard a chaillfí nuair a thiocfadh aistritheoir idir finné agus iadsan a bheadh ag éisteacht na fianaise,” a dúirt Allister.

Dúirt sé go bhfuil “cúiseanna fónta” ann gan a úsáid ach an Béarla sna cúirteanna agus gur “céim ar gcúl” a bheadh ann dá n-aisghairfí an tAcht.

De réir an Achta, gearrtar fíneáil £20 ar dhuine ar bith a labhródh teanga seachas an Béarla sna cúirteanna.

Ní hí seo an chéad uair ar tugadh dúshlán na reachtaíocht seo ó ré na Seoirseach.

Diúltaíodh san Ard-Chúirt in 2010 d’iarracht grúpa cainteoirí Gaeilge an tAcht a aisghairm.

Rialaigh an Breitheamh Girvan an uair sin gurb é an Béarla teanga oibre na gcúirteanna, go bhfuil an Béarla ag gach duine agus go gcuirfí as d’obair na cúirte dá mbeadh an Ghaeilge in úsáid.

Rinne Caoimhín Mac Giolla Catháin, as Béal Feirste, iarratas i nGaeilge ar cheadúnas d’ócáid a bhí le bheith i gCultúrlann Macadam Ó Fiaich. Dhiúltaigh an Breitheamh Girvan don iarratas sin toisc é a bheith i nGaeilge.

Dúirt an Breitheamh nár tháinig an tAcht salach ar chearta Mhic Ghiolla Catháin. D’admhaigh sé go ndéantar idirdhealú san Acht idir cainteoirí Béarla agus cainteoirí teangacha eile ach gur “léir go bhfuil sé sin riachtanach agus cuí i sochaí dhaonlathach”.

“I ndlínse gurb é an Béarla teanga fhormhór mór na saoránach, is riachtanas praiticiúil agus féaráilte é go mbeadh cáipéisí cúirte lena gcuirtear tús le himeachtaí cúirte i mBéarla, teanga oibre na cúirte,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Aisghairtear Acht 1737 a chuireann cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna’ — Ó Muilleoir'

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá Jim Allister ar na MLA’s is fearr sa Tionól, cé nach bhfuil an iomaíocht chomh géar sin. Bíonn sé ina chrá croí ag Stormont. Is madadh faire é a a léiríonn mí-úsáid cumhachta go minic. Admhaím go bhfuil dualgas air súil ghéar a choinneáil ar caiteachas. Admhaím nár caitheadh cuid mhaith den airgead a bhí ar fáil don Ghaeilge go ciallmhar san am a chuaigh thart. Ach níl tionscnamh peata i gceist anseo, ach ceart bunúsach – ceart a bheith agat úsáid a bhaint a do theanga féin i do thír féin. Is mór an trua nach n-aithníonn True Ulster Voice go bhfuil teanga eile sa stáitín.