Aiséirí na Gaeltachta faoi lán seoil agus iad ar thairseach chluiche ceannais Roinn 1

Tá foireann óg na Gaeltachta sa dara háit i Roinn 1 taobh thiar de Chrócaigh Chill Airne, seaimpíní na hÉireann

Aiséirí na Gaeltachta faoi lán seoil agus iad ar thairseach chluiche ceannais Roinn 1

Gearóid Mac Gearailt (An Ghaeltacht) agus Michael Desmond (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Cothrom an ama seo anuraidh d’éirigh leis an nGaeltacht na cosa a thabhairt leo in aghaidh an Spá ina gcluiche deireanach i Roinn 2 shraith peile Chiarraí.

D’fhág an bua sin go mbeadh cumann caide na Gaeltachta ag imirt i Roinn 1 den tsraith den chéad uair ó 2011.

Cúpla bliain roimhe sin bhí an cumann, a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach in 2004, i mbaol titim go dtí Roinn 4.

Ach cé go bhfuil borradh faoi chúrsaí peile i gCorca Dhuibhne le tamall, is beag duine i gCiarraí a bhí ag súil leis an ngaisce atá déanta acu i mbliana.

Chaill an Ghaeltacht dhá chluiche sa chéad trí bhabhta den tsraith ach tá gach aon chluiche a d’imríodar ó mhí Aibreáin buaite acu. Ar ndóigh, d’éirigh leo Comórtas Peile na Gaeltachta a thabhairt leo le linn na tréimhse sin chomh maith.

Agus gan ach cluiche amháin fágtha sa tsraith acu – i gcoinne Naomh Mhuire Chathair Saidhbhín an Domhnach beag seo – tá foireann óg na Gaeltachta sa dara háit i Roinn 1 taobh thiar de Chrócaigh Chill Airne, seaimpíní na hÉireann.

16 pointe atá ag an nGaeltacht, an méid is mó pointí a charnaigh an club riamh i Roinn 1, agus má chuireann siad fiú pointe amháin leis an stór sin in Uíbh Ráthach Dé Domhnaigh is iad a bheidh á fhéachaint leis na Crócaigh i gcluiche ceannais na sraithe.

Cé go bhfuil siad i mbaol a ndíbeartha ó Roinn 1, ní haon dóithín Naomh Mhuire Chathair Saidhbhín a bhuaigh Craobh Idirmheánach na hÉireann anuraidh. Beidh díomá ar fhir Uíbh Ráthaigh leis an bhfeachtas leachta atá curtha isteach acu go dtí seo i mbliana agus iad ar a ndícheall fanacht i Roinn 1.

D’oirfeadh comhscór dóibh chun fanacht thuas agus ó tharla go mbeidh na foirne seo á fhéachaint le chéile athuair i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach an chontae an Domhnach seo chugainn, ní thógfaí ar aon duine é bheith ag súil le cath na mbó maol eatarthu an deireadh seachtaine seo.

Ach bunaithe ar a bhfuil bainte amach ag an nGaeltacht go n-uige seo i mbliana, agus iad go minic d’uireasa imreoirí a bhí ar dualgas le foirne Chiarraí, idir shóisir agus shinsir, déarfá nach bhfuil sé sa mhianach iontu aon ní a ghéilleadh go bog.

Uair amháin i stair an chumainn, in 2007, a bhuadar Roinn 1 na sraithe agus beidh siad ag iarraidh a léiriú arís an Domhnach beag seo – d’aon duine atá fós dall air – go bhfuiltear ag tógaint arís thiar.

Fág freagra ar 'Aiséirí na Gaeltachta faoi lán seoil agus iad ar thairseach chluiche ceannais Roinn 1'