Aiséirí an Phráta i gCorca Dhuibhne

Is mó duine a cheap go raibh na prátaí tréigthe ag na Ciarraígh ach tá borradh arís faoi churadóireacht an phráta agus comórtas breá ann le scoth na bprátaí a aimsiú

Aiséirí an Phráta i gCorca Dhuibhne

Tá Comórtas an Phráta fé lán seoil fé láthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Seo é an naoú bliain don gcomórtas. Ba é Aengus ó Murchú atá ag cur fé sa cheantar a chéad chuimhnigh ar an gcomórtas. Tá coiste ins gach paróiste, dhá cheann i bparóiste na Cille ina mbíonn moltóirí a aontaíonn ar cén práta is fearr a chuirtear féna mbráid.

Ní bhíonn a fhios ag aon mholtóir cé leis na prátaí éagsúla. Tugann gach moltóir marcanna dos na prátaí a cuirtear féna ndéin. Bíonn orthu  práta nó giota de phráta a bhlaiseadh. Cinntíonn an cathaoirleach go gcloítear leis na rialacha. 

Dúirt Aengus linn go mbeidh timpeall ochtó feirmeoir nó garraíodóir páirteach sa chomórtas i mbliana agus thart ar chéad duine i mbun eagraithe. Bíonn ainm ar gach pór práta agus is é an  ‘Duke Of York’, práta le Breandán Ó Cíobháin ós na Gorta Dubha, a bhuaigh an comórtas i bParóiste an Fheirtéaraigh oíche Dé hAoine seo caite.

Bríd Uí Mhaoileoin, Bríd Ní Luing agus Seán Ó hAiniféin

Tá uigeacht, blastacht, crot agus glaine an phráta ar chuid des na tréithe a chuirtear san áireamh i ngach comórtas. Níl cead salann ná aon ní dá shórt a bheith measctha leis an bpráta. Tionólfar an craobhchomórtas i mBaile na nGall chomh luath is a bheidh toradh na gcomórtaisí paróiste ar fáil, agus sin go luath.

Ar an oíche dheireanach beidh comórtas ann atá urraithe ag Bord Bia don ‘bPláta Práta’ nó an béile prátaí is fearr a bheidh réitithe don gcomórtas. Beidh €200 don gcéad duais agus €100 don dara agus don tríú duais. Caithfidh 80% dá mbeidh ar an bpláta a bheith ina phráta. Beidh an t-oideas don bpláta is fearr ar fáil go forleathan. ‘Sí Eléin Ní Laighin príomh-eagraí na gcomórtaisí i mbliana.

Is mó duine a cheap go raibh prátaí tréigthe sa cheantar ach tá borradh tagtha ar churadóireacht an phráta, saghas aiséirí.

Cinnte bíonn an-spórt ag baint leis an gcomórtas a bhíonn ins gach paróiste ó Lios Póil go Dún Chaoin.

Fág freagra ar 'Aiséirí an Phráta i gCorca Dhuibhne'