Aireoidh muid uainn Seanie O’Leary agus an scairteadh gáirí a bhí mar shaibhriú saoil againn

Naoscaire ar an tseanstíl arb iad na cúil ab ansa leis ab ea Seanie O’Leary a bhásaigh an tseachtain seo

Aireoidh muid uainn Seanie O’Leary agus an scairteadh gáirí a bhí mar shaibhriú saoil againn

Seanie O'Leary. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

I lár na seachtaine a tháinig an scéal brónach chugainn go raibh ceann de mhórimreoirí iomána na seachtóidí agus na n-ochtóidí imithe ar shlí na fírinne. Ní raibh Seanie O’Leary ach 69 bliain d’aois nuair a fuair sé bás Dé Céadaoin. Bhí fadhbanna sláinte ag cur as dó le tamall de bhlianta.

Mar imreoir bhí sé ina naoscaire ar an tseanstíl agus cúil ab ansa leis. D’fhan sé gar don chúl i gcónaí agus bhí an scil aige chun cúil a scóráil, an chrógacht aige chun cur suas le cosantóirí crua agus an éirim iomána ann a d’fhág go mbíodh sé san áit cheart ag an am ceart.

Bhí an-tionchar aige ar fhoireann Chorcaí a bhuaigh trí chraobh na hÉireann as a chéile i 1976, 1977 agus 1978 agus in éineacht le Ray Cummins agus Charlie McCarthy bhí sé mar bhall den líne lántosaithe is aitheanta, is fearr agus is dainséaraí a bhí sa tír ag an am.

I ndiaidh a shaoil imeartha bhí sé mar bhainisteoir ar fhoireann Uí Mac Coille a bhuaigh dhá chraobh chontae, i 1997 agus 1998, agus ansin bhí sé mar roghnóir le Corcaigh, faoi Jimmy Barry Murphy agus Dónal O’Grady, nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann i 1999 agus in 2004.

Bhí aithne mhaith agam ar Sheanie ó 1976 agus bhíomar an-chairdiúil lena chéile, go háirithe nuair a bhíomar ag obair le chéile le foirne sinsir an chontae idir 1998 agus 2004. Bhí sé deisbhéalach agus greannmhar ach bhí sé an-dáiríre faoin iomáint.

Aireoidh muid uainn an scairteadh gáirí a bhí mar shaibhriú saoil againn i gcomhluadar Sheáin, i ndiaidh na traenála nó ar an mbus ag taisteal chuig cluichí nó ag dul abhaile ina ndiaidh.

Cailliúint mhór dá bhean Geraldine, dá gclann Aideen, Tomás (iarimreoir rugbaí le Cúige Mumhan), Ciarán agus a ngarchlann.

Suaimhneas síoraí go raibh agat, a Sheáin, a chara.

Fág freagra ar 'Aireoidh muid uainn Seanie O’Leary agus an scairteadh gáirí a bhí mar shaibhriú saoil againn'

  • alan titley

    Píosa álainn ó John. Is ea, fuair sé cúil mhíorúilteacha agus níos tábhachtaí nuair a bhí Corcaigh i gcruachás, Is mó cluiche nach mbuafaí gan é. Laoch agus duine uasal déanta. Grma…agus tuilleadh.

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Píosa deas ag fear a sheas an fód leis. Is cuimhin liom na cúil bhreatha a Fuair Sé.