Ainmniúcháin faighte ag deich gclár Gaeilge do ghradaim raidió

Tá cúig cinn de chláir Ghaeilge san iomaíocht sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge agus ainmniúcháin faighte ag na cúig chlár eile i dtrí rannóg eile

Ainmniúcháin faighte ag deich gclár Gaeilge do ghradaim raidió

Snaoisín Bán, clár a rinne Cóilín Ó Neachtain

Tá deich gcinn de chláir Ghaeilge ainmnithe do mhórgradaim raidió IMRO i mbliana.

Tá cúig cinn de na cláir san iomaíocht sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge agus ainmniúcháin faighte ag na cúig chlár eile i dtrí rannóg eile.

Tá trí chlár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge – An Saol ó Dheas a chuireann Helen Ní Shé i láthair, Dúshlán na Feirme le Treasa Bhreathnach, agus Snaoisín Bán, clár a rinne Cóilín Ó Neachtain faoi fhadhb an chócaoin i gConamara.

Tá ainmniúchán i rannóg na Gaeilge faighte ag an gclár Beo ar Éigean, clár a bhíonn á chur i láthair ag Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin ar RTÉ Radio 1 agus ag eagrán den chlár Abair Amach É le Mollaí Nic Eochaidh, clár faoin ghalar Alzheimer a craoladh ar WLR FM.

Fuair trí cinn de chláir Ghaeilge ainmniúchán sa rannóg do chlár speisialta ceoil; eagrán Barrscéalta Raidió na Gaeltachta le Michelle Nic Grianna a craoladh in ómós dóibh siúd a bhásaigh i dtragóid an Chraoslaigh; Live at the Ulster Fleadh a chuir Lynette Fay, Caoimhe Ní Chathail agus John Toal i láthair ar BBC Gaeilge; agus an cheolchoirm RnaG50 a craoladh ó Amharclann Ghaoth Dobhair mí Feabhra.

Fuair eagrán speisialta den chlár ar Ón Taobhlíne (BBC Gaeilge) faoi bhua Ard Mhacha i gCraobh Peile na hÉireann in 2002 ainmniúchán sa rannóg don scéal spóirt is fearr agus tá an tsraith An Eachtra ar BBC Raidió Uladh ainmnithe freisin don dráma raidió is fearr.

Bronnfar gradaim IMRO i mbliana ag ócáid bhronnta i gCill Chainnigh Dé hAoine, an 6 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Ainmniúcháin faighte ag deich gclár Gaeilge do ghradaim raidió'