Aighneas idir lucht bainistíochta agus baill foirne RnaG faoi shocrú le Raidió na Life

Tá aighneas ann idir lucht bainistíochta agus baill foirne RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le hidirbheartaíocht a bhí ar bun idir an stáisiún Gaeltachta agus Raidió na Life i mBaile Átha Cliath

Raidio na Gaeltachta

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil aighneas idir lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus lucht ceardchumainn mar gheall ar threoir a tugadh do bhaill foirne an stáisiúin ceannlínte nuachta a chur ar fáil don stáisiún Raidió na Life i mBaile Átha Cliath.

Dúradh le foireann Raidió na Gaeltachta na ceannlínte náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil do léitheoirí nuachta Raidió na Life. Faoin socrú a moladh, léifeadh léitheoir Raidió na Life an nuacht ar an stáisiún sin agus thabharfadh sé an t-aitheantas do RTÉ Raidió na Gaeltachta as na scéalta a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile.

Deis mhargaíochta agus bhrandála do Raidió na Gaeltachta a bheadh ina leithéid de shocrú a mhaígh lucht bainistíochta an stáisiúin. Dúradh chomh maith gur stáisiún deonach Gaeilge a bhí i Raidió na Life agus gur cheart comhoibriú leo dá bharr sin. D’fhéadfadh, a dúradh chomh maith, go meallfaí éisteoirí nua ó Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird – an limistéar a bhfreastalaíonn Raidió na Life air.

Tuigtear do Tuairisc.ie nár ghlac baill foirne Raidió na Gaeltachta leis an socrú sin ar chor ar bith agus go bhfuil an plean anois idir dhá cheann na meá.

Cháin lucht ceardchumainn an socrú ar an mbonn go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life in iomaíocht dhíreach lena chéile san ardchathair. Dúradh nach raibh mórán céille leis an gcinneadh ábhar nuachta a sholáthar do stáisiún eile. ‘Masla’ a bhí sa dearcadh nach mbeadh an oiread sin dua ag baint leis na ceannlínte a sholáthar do Raidió na Life, a mhaígh lucht ceardchumainn.

Moladh go bhféadfaí teacht ar réiteach dá mbeadh comhchraoladh idir an dá stáisiún, mar a bhíonn idir Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí Rá, socrú, dar le baill foirne, a chuirfeadh Raidió na Gaeltachta chun cinn gan lucht éisteachta a bhaint uaidh. Maíodh, áfach, gur iomaí deacracht a bhainfeadh lena leithéid de chomhchraoladh.

Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta gur ceist inmheánach don stáisiún a bhí anseo agus nach mbeifí ag déanamh aon ráiteas ina leith.

Fág freagra ar 'Aighneas idir lucht bainistíochta agus baill foirne RnaG faoi shocrú le Raidió na Life'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Nár cheart go mbeadh an socrú céanna ar fáil do Raidió Fáílte dá mbeadh sin ag teastáil uathu…..