Aighneas faoi chúrsaí inscne sa Fhraincis – meabhrú do lucht na Gaeilge faoi dhúshlán na cothromaíochta i ngach teanga

Is minic a bhíonn an curaclam scoile ina chúis achrainn. Tá argóint ghéar ar siúl faoi láthair sa Fhrainc faoi théacsleabhar scoile a ardaíonn mórán ceisteanna, ceisteanna a bhaineann le teanga ar bith, an Ghaeilge ina measc

Aighneas faoi chúrsaí inscne sa Fhraincis – meabhrú do lucht na Gaeilge faoi dhúshlán na cothromaíochta i ngach teanga

I Márta 2017 a chuir an chomhlacht foilsitheoireachta Hatier téacsleabhar bunscoile sa Tíreolas amach sa Fhrainc dar teideal, Questionner le monde (Ceistigh an domhain) dírithe ar pháistí a bheadh ar comhaois le páistí ó Rang 3 seo againne.

Ar aon dul le teideal an téacsleabhair féin, tá go leor ceisteanna ardaithe istigh. Faoin Tíreolas gan amhras, ach faoi chúrsaí inscne agus teanga chomh maith. Conas?

Agus iad i mbun oibre, lean na heagarthóirí moladh a d’eisigh an Ardchomhairle don Comhionannas idir Fir is Mná in 2015. Eagras is ea é seo a bhunaigh rialtas Hollande chun cur i gcoinne na míchothromaíochta inscne sa saol trí chéile. Mar chuid dá cuid oibre, mhol an Chomhairle go n-úsáidfí sa scríobh poiblí an dá leagan, baineann agus fireann, den ainmfhocal nuair is daoine a bhíonn i gceist. Moladh ab ea é nach raibh éigeantach agus cé gur thóg roinnt eagras stáit, ollscoileanna agus údar ar bord é mar pholasaí, ba bheag suntas a tugadh don mholadh go dtí gur tháinig an téacsleabhar seo amach.

Is le poncanna sa litriú a chuirtear an dá leagan in iúl. Mar shampla, seachas ‘citoyen’ (saoránach) a scríobh, d’úsáidfí ‘citoyen.ne’ – agus ‘citoyen.ne.s’ a bheadh ann san uimhir iolra. Gheofar mar sin abairtí den sórt seo a leanas sa téacsleabhar thuasluaite: ‘grâce aux agriculteur.rice.s, aux artisan.e.s et aux commerçant.e.s, la Gaule était un pays riche’. (A bhuíochas do na feirmeoirí, na ceardaithe, agus na trádálaithe, bhí an Ghaill ina tír shaibhir.). 

An scríbhneoireacht chuimsitheach nó an écriture inclusive atá á tabhairt ar an modh litrithe seo. Agus tá aighneas dá bharr idir dhá dhream atá ar mhalairt tuairimí faoi. Tá an chéad dream den tuairim gur cóir aitheantas a thabhairt don chothromaíocht inscne sa litriú sa tslí seo. Is meán í an teanga a chothaíonn leatrom agus a chuireann idé-eolaíocht áirithe chun cinn agus is gá aird a tharraingt air sin agus é a sheachaint.

Cuireann an dream eile ina choinne sin, ina measc, an Académie Francaise a d’eisigh ráiteas an mhí seo caite á cháineadh. Dar leo go gcuireann an nós nua seo cuma mhínádúrtha ar an teanga agus go bhfágann sé róchasta agus doléite í. Dar leosan nach í seo an tslí is fearr chun míchothromaíocht inscne sa phobal a cheartú.

Baineann go leor dúshlán le múineadh na Gaeilge agus leis an nGaeilge sa saol trí chéile, cuid mhaith acu de bharr gur teanga neamhfhorleathan í. Ach is fíor a rá nach bhfuil cúrsaí inscne chomh casta sin. Cuir i gcás an focal ‘stiúrthóir’, focal nach dtugann le tuiscint in aon chor gur stiúrthóir d’inscne amháin (seachas a chéile) atá i gceist. A mhalairt atá fíor sa Fhraincis, mar a bhfuil dhá leagan ann – directeur/directrice. Gan amhras bhí gá le focail nua a thabhairt isteach sa Ghaeilge i roinnt cásanna, mar shampla, altra a thagraíonn don bhanaltra agus don altra fir. 

Níltear ag maíomh go bhfuil an meon i measc cainteoirí Gaeilge aon phioc níos cothroime ná an meon i measc cainteoirí Fraincise. Is iarsmaí iad na nósanna teanga a théann siar go dtí aois nuair a bhí an mhíchothromaíocht inscne i réim go forleathan. Maireann an t-idirdhealú i slite éagsúla agus bíonn roinnt teangacha níos fearr as ná a chéile.

Ach níl scríobh na Gaeilge saor ón gcáineadh go hiomlán. Murab ionann agus foclóir na Gaeilge, bhí go leor samplaí den easnamh agus den míchothromaíocht inscne le fáil in úsáid na bhforainmneacha go dtí le déanaí. Nós amháin a sheasann amach is ea an tslí inar úsáideadh an leagan firinscneach ‘sé’ chomh forleathan sin, nuair ba chirte ‘sé’ agus ‘sí’ a úsáid. Mar shampla, i gCuraclam na Bunscoile ó 1971, ba é an forainm firinscneach ‘sé’ amháin a úsáideadh – cé gur buachaillí agus cailíní araon a fhreastalaíonn ar an mbunscoil! Nós na linne a bhí ann, a bhí ar aon dul leis an mBéarla, ina mbíodh ‘he’ in úsáid, gan aon trácht ar ‘she’.

Baineann an t-idirdhealú leis an aidiacht shealbhach chomh maith, cé nach bhfuil an t-easnamh seo chomh feiceálach sin sa Ghaeilge de bharr an ghramadach a bheith níos simplí i gcomparáid le teangacha eile. Mar shampla, murab ionann agus an Béarla a bhfuil dhá fhocal ar leith ann (‘his/her’), tá sé de bhuntáiste ag an nGaeilge, go seasann ‘a’ don dá inscne, fiú má bhíonn mionathrú le déanamh san ainmfhocal a leanann mar chomhartha idirdhealaithe. Is féidir na mionathruithe a chur i bhfeidhm chun an dá chás a chlúdach – séimhiú i ndiaidh an chonsain sa chás firinscneach agus h roimh ghuta sa chás baininscneach.

Ag filleadh ar an bhFraincis, ní léir cén réiteach a bheidh ar an teannas teanga seo. Tagann an choimhlint chun cinn i gcomhthéacs teanga a bhfuil dúshláin roimpi cheana féin de bharr, mar shampla, tionchar an Bhéarla; an nua-theicneolaíocht; an suaitheadh intleachta agus cultúir a bhaineann leis an domhandú; agus ísliú ar chaighdeán na teanga i measc an aosa óig. Ardóidh na nithe seo go leor ceisteanna don churaclam agus don chaighdeán sna blianta atá le teacht.

Is meabhrú atá anseo do lucht labhartha na Gaeilge go mbíonn dúshláin agus deacrachtaí in aon teanga. Agus más áis í an teanga ar mhaithe le comhthuiscint agus cumarsáid, is minic a bhíonn a mhalairt de thoradh ann, agus gur forlámhas, deighilt, agus easaontas a chothaítear.

Fág freagra ar 'Aighneas faoi chúrsaí inscne sa Fhraincis – meabhrú do lucht na Gaeilge faoi dhúshlán na cothromaíochta i ngach teanga'