Aighneas dlí le duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc is cúis le scrúdaitheoir a bheith ceaptha do chomhlacht Gaeltachta

Tá an comhlacht Baker Tilley Hughes Blake ceaptha mar scrúdaitheoirí don chomhlacht Eirecomposites, atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara agus os cionn 50 duine fostaithe aige

Aighneas dlí le duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc is cúis le scrúdaitheoir a bheith ceaptha do chomhlacht Gaeltachta

Aighneas dlí le duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc is cúis le scrúdaitheoir a bheith ceaptha chun plean tarrthála gnó a ullmhú do chomhlacht Gaeltachta.

Tuairiscíodh inné go raibh na scrúdaitheoirí Baker Tilley Hughes Blake ceaptha mar scrúdaitheoirí don chomhlacht Eirecomposites Teoranta, atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara. 100 lá atá tugtha do na scrúdaitheoirí chun plean tarrthála gnó a ullmhú mar gheall ar an tsáinn airgeadais ina bhfuil an comhlacht Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann an tsáinn sin le cás cúirte a thug Romain Zaleski, duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc, ina n-aghaidh.

Tá amhras anois faoina bhfuil i ndán don chomhlacht a dhéanann earraí don earnáil aeraspáis mar gheall ar an gcás cúirte a bhain le conradh iasachta €2 milliún.

In 2014 chuir fochomhlacht de chuid Carlo Tassara, cuideachta sealbhaíochta a láimhseálann sócmhainní Romain Zaleski, tús le próiseas dlí i gcoinne Eirecomposites. Cuireadh i leith an chomhlacht Gaeltachta gur caitheadh le hinfheistíocht Carlo Tassara mar scaireanna seachas mar iasacht.

Bhí an cás liostáilte ar chlár na hArd-Chúirte Dé Máirt.

Tá os cionn 50 duine fostaithe ag Eirecomposites agus i measc na gcliant atá ag an gcomhlacht, a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tá Airbus, Bombardier agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Bhí an comhlacht Gaeltachta ar cheann de cheithre chomhlacht in earnáil aeraspáis na tíre seo ar bhronn an Coimisiún Eorpach deontas orthu ag deireadh na bliana seo caite. €5 milliún san iomlán a bronnadh ar an gceithre chomhlacht. Bhain an comhlacht cáil amach thar na blianta chomh maith de bharr a gcuid táirgí a bheith á n-úsáid ag carranna Formula One agus ag an roicéad Ariana.

Beifear ag súil anois gur féidir plean tarrthála a cheapadh d’Eirecomposites a cheadóidh dó teacht ar shocrú maidir lena fhiacha a ghlanadh agus leanúint i mbun gnó.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go raibh an eagraíocht ar an eolas faoin scéal go bhfuil scrúdaitheoir ceaptha don chomhlacht, go rabhthas i mbun cainte le Eirecomposites agus go gcuirfí “cíbe tacaíocht ab fhéidir ar fáil dóibh”.

Fág freagra ar 'Aighneas dlí le duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc is cúis le scrúdaitheoir a bheith ceaptha do chomhlacht Gaeltachta'