‘Áiféiseach’ nach bhfuil riachtanas teanga le post an Commissioner fer the Ulster-Scots an’ Ulster British Tradeetion

Luaitear san fhógra poist don Choimisinéir Gaeilge go mbeidh scrúdú teanga le déanamh ag iarratasóirí ach níl riachtanas teanga luaite ar chor ar bith do phost an Choimisinéara don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach

‘Áiféiseach’ nach bhfuil riachtanas teanga le post an Commissioner fer the Ulster-Scots an’ Ulster British Tradeetion

Tá cáineadh déanta ag an gCoiste um Riar an Chirt (CAJ), ar an easpa riachtanais teanga atá san fhógra poist do Choimisinéir don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach sa Tuaisceart.

Foilsíodh fógraí poist an tseachtain seo caite don dá Choimisinéir atá le ceapadh ag Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart – Coimisinéir don Ghaeilge agus Coimisinéir don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach.

Luaitear go sonrach san fhógra poist don Choimisinéir Gaeilge go mbeidh ar iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú teanga ina ndéanfar measúnú ar a gcumas labhartha, cluastuisceana, léite, agus scríofa agus gur gá caighdeán C2 ar an gcóras CEFR a bhaint amach.

Níl riachtanas teanga luaite ar chor ar bith ar an bhfógra don phost eile.

Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir an Choiste um Riar an Chirt (CAJ), go gcaithfeadh cibé duine a cheapfar ina Choimisinéir don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach a bheith ina chainteoir Ultaise agus go mbeadh sé “áiféiseach” mura mbeadh Ultais ag an gCoimisinéir nua.

“Rinne an Coiste Saineolaithe a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh na ndualgas teanga moladh, agus ní haon ionadh é, gur gá, sa chás go bhfuil Coimisinéir Ultaise le bheith ann, go mbeadh an duine sin ina chainteoir Ultaise. Bheadh sé áiféiseach smaoineamh ar rud ar bith eile ó tharla gurb é an cúram a bheidh ar an gCoimisinéir ná an Ultais a fhorbairt mar theanga mar leagan den Albainis,” a dúirt sé i ráiteas.

Dúirt Holder go raibh sé ceart agus cóir go leagfaí riachtanas teanga amach san fhógra poist do ról an Choimisinéara Gaeilge ach go raibh sé “suntasach” nach raibh a leithéid de cheangal luaite san fhógra eile.

“Bheadh sé seo cosúil le post a fhógairt do mhúinteoir Fraincise nach gá dó an Fhraincis a bheith aige. Más é seo an cás, caithfidh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a mhíniú cén fáth a ndearna siad neamhaird den mholadh seo ó ón gCoiste Saineolaithe,” a dúirt sé.

Cé nach luaitear riachtanas teanga san fhógra poist don Choimisinéir tá tagairtí go leor don Ultais féin ann. Sa Candidate Wittens Beuklet: Commissioner fer the Ulster-Scots an’ Ulster British Tradeetion (Leabhrán Eolais d’Iarrthóir) deirtear go mbeidh ar an gCoimisinéir “heftin an’ encouragin’ the apt leid, airts an’ screeds (taakin in relation tae heftin the uise o’ Ulster-Scots in the gien o’ services tae the public ir pairt o’ the public)”.

Deirtear gur gá don té a chuirfeadh isteach ar an ról “tuiscint” a bheith aige ar an gcomhthéacs ina mbeidh an Coimisinéir ag obair agus tuiscint ar “ceisteanna níos fairsinge” a bhaineann leis an traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach sa Tuaisceart. Iarrtar ar iarratasóirí samplaí a thabhairt dá dtaithí ag cur chun cinn na “teanga a shamhlaítear leis an traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach”.

Ní mór d’iarratasóirí ar an dá phost an fhoirm iarratais a líonadh i mBéarla agus reáchtálfar na hagallaimh don dá phost i mBéarla. Beidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn agus iar-Phríomhfheidhmeannach Bhord na hUltaise, Keith Gamble ar na boird agallaimh.

Fág freagra ar '‘Áiféiseach’ nach bhfuil riachtanas teanga le post an Commissioner fer the Ulster-Scots an’ Ulster British Tradeetion'

  • Aonghus

    Ní hionadh nach bhfuil riachtanas teanga i gceist le hiarrathóirí do phost Choimisinéir Teanga na hUltaise mar nach teanga í ach patois atá dá húsáid mar bhac ar an nGaeilge ag na haontachtaithe.
    Níor thug rialtas na Breataine atheantas teanga don Ultais go dtí an bhliain 2000 nuair a thosaigh aontachtaithe ar an cur i gcéill go raibh sí ar chomhchéim leis an nGaeilge.

  • Daithí Ó Féich

    Is deacair an post seo a fháil nuair nach bhfuil an scrúdú C2 le fáil ar TEG. Is C1 an leibhéal is airde. B’fhéidir go mbeidh sé an pointe ;-)

  • WTF

    Aon dul go mbunófaí post le haghaidh ‘Gibris’ amach anseo?

  • Seán Mag Leannáin

    Áiféiseach ó thús deireadh an iarracht seo an Ultais (fochanúint de chanúint an Bhéarla) a chur ar chomhchéim leis an nGaeilge. Ní raibh ann riamh ach iarracht an bonn a bhaint as cur chun cinn na Gaeilge agus duilleog fige a thabhairt do na haontachtaithe san idirbheartaíocht Aoine an Chéasta.

  • Éamonn Ó Gribín

    Tá ról díreach agus gníomhach ag Coimisinéir na hUltaise srl., maidir le cur i bhfeidhm an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (féach Airteagal 78S(2)(b)(ii)), (Tagairt:https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2022/45/enacted#schedule-2 ) ag cinntiú go gcuirtear na cearta agus na cosaintí atá ar fáil don teanga i bhfeidhm agus go gcuirtear chun cinn iad i dTuaisceart Éireann.

    Ní mór don Choimisinéir seo breithniú a dhéanamh freisin ar ionstraimí idirnáisiúnta eile, mar an Chreat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh.

    Cén fáth nach bhfuair an Coimisinéir don Ghaeilge na dualgais seo freisin?