Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire

Deichniúr atá ainmnithe ar an mbord agus rogha ag an Aire beirt eile a cheapadh amach anseo

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire

Tá bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Rialtas ach tá dhá fholúntas air go fóill. 

Tháinig deireadh le tréimhse an bhoird dheireanaigh ag deireadh 2024 ach ní dhearna Aire na Gaeltachta Dara Calleary an bord nua a fhógairt go dtí tráthnóna. 

Deichniúr atá ceaptha ar an mbord nua – cúigear a cheap an tAire agus cúigear eile atá ainmnithe ag na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínsí.  

Fágann seo go bhfuil dhá fholúntas ar an mbord go fóill agus an rogha ag an Aire beirt eile a cheapadh más mian leis. 

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist ag an Aire líonadh na bhfolúntas seo “a choinneáil faoi athbhreithniú” ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an mBille um Údarás na Gaeltachta san Oireachtas sna míonna amach romhainn. 

Tá sé mar phríomhsprioc ag an ndréachtreachtaíocht, a pléadh sa Dáil an tseachtain seo, toghchán Údarás na Gaeltachta a athbhunú. 

Bhí ochtar den bhord nua ina mball den bhord deireanach. Ceapadh Máire Áine Uí Ailín, Micheál Ó Drisleáin, Caitlín Ní Bhroin agus Seán Ó Cuireáin tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus Aire na Gaeltachta a cheap Siobhán Ní Ghadhra ina cathaoirleach arís ar an mbord. 

Ionadaithe de chuid na gcomhairlí contae iad Anthony Molloy (Dún na nGall), Pádraic Ó Conaire (Maigh Eo) agus Breandán Mac Gearailt (Ciarraí), a bhí ar an mbord deireanach, agus ionadaithe ó chomhairlí contae eile iad an bheirt nua a ceapadh – Máirtín Ó Laoi (Gaillimh) agus Cathal Seoighe (An Mhí). 

Comhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil ó Thír an Fhia é Máirtín Ó Laoi agus roghnaigh Comhairle Contae na Mí Cathal Seoighe as Ráth Chairn, nach comhairleoir contae é, mar ionadaí ar an mbord. Tá breis is 20 bliain caite ag an Seoigheach mar bhall de bhord an Údaráis roimhe seo. 

Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí agus is ag an Mhí a bheidh ionadaíocht ar bhord an Údaráis don téarma nua seo. 

“Tuigim an tábhacht a bhaineann le hobair bhord agus fheidhmeannas Údarás na Gaeltachta,” a dúirt an tAire Calleary agus an bord nua fógartha aige. “Tá sé i gceist agam anois brú ar aghaidh leis an leasú reachtaíochta a chur i bhfeidhm, mar a bhaineann sé le toghcháin don bhord a athbhunú. Guím gach rath ar na comhaltaí nua-cheaptha agus iad i mbun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh ar son phobal na Gaeltachta.” 

Fág freagra ar 'Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cúldoras Bhord Údarás na Gaeltachta!