Aibha – cosán gearr saoil agus fanacht fada ar fhreagraí faoina bás

Bhí a teaghlach agus a muintir croíbhriste agus duairceas ina baile fearainne nuair a cailleadh Aibha Ní Chonaire. Throid a tuismitheoirí ar feadh ceithre bliana chun freagraí a fháil faoina bás

Screen-Shot-2015-09-23-at-11.04.27

Lá Samhna sa mbliain 2011.  Bhí Aibha Ní Chonaire agus a deirfiúr, Sorcha i gcuideachta a máthair, Caitlín, ar shiúlóid ar bhóthar sléibhe i gConamara. Bhí na gasúir cleachtaithe le hainmhithe, le feilméireacht agus leis an saol mór faoin spéir. Ní ón ngaoth a thugadar é. Bhí luí ag a muintir rompu leis an gcineál sin saoil.

Bhí comharsanaí agus cairde ann an lá Samhna sin. Siúlóid tacaíochta a bhí inti  ar mhaithe le hobair phobail i gceantar Charna agus Chill Chiaráin. Sé bliana go leith a bhí Aibha an uair sin; bhí a deirfiúr, Sorcha bliain níos óige. Th’éis tamaill, tháinig a n-athair, Seán, agus thug siob dóibh. D’ól chuile dhuine braon tae i ndiaidh na siúlóide; bhí Aibha agus Sorcha cúthaileach sa gcomhluadar ar feadh tamaillín ach ba ghearr go rabhadar ar a gcompord – beirt deirfiúr a raibh an saol mór amach rompu.

Idir spraoi na ngasúr agus comhrá na ndaoine fásta, d’éalaigh clapsholas na Samhna isteach i ngan fhios. Bhí sé thar am baile; bhí beithígh agus caoire le beathú sula dtitfeadh sé ina dhorchadas uilig. Ach má bhí oícheannta fada dorcha féin ann, bhí na sméartha dearga ar na crainnte cuillin – ba ghearr go lasfaí soilse na Nollag.

Chuaigh beagán seachtainí thart agus buaileadh Aibha Ní Chonaire tinn ar an 10  Nollaig. B’éigean í a thabhairt faoi dheifir chuig Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh. Th’éis di an oíche a chaitheamh ansin, aistríodh í go hOspidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath ar an 11 Nollaig.  Thaispeáin tástálacha nach raibh beocht ar bith fanta ina hinchinn. Bhí cuisle a croí ag brath anois ar mheaisín análaithe. Stopadh an meaisín ar an 14 Nollaig agus bhásaigh Aibha ar an bpointe.

An Domhnach dár gcionn, cuireadh corp AIbha sa ngaineamh geal i reilig Mhuigh Inse i gCarna. Cuireadh an cuileann as a baile dúchais agus na sméartha dearga faoi bhláth, síos le taobh na huaighe. Seachtain amháin roimh Lá Nollag, 2011. Ní hé amháin go raibh a teaghlach agus a muintir croíbhriste,  bhí duairceas ina baile fearainne dúchais i nGabhla agus ar fud Chonamara uilig. Cuireadh scáile ar shoilse na Nollag.

 Ag cuartú freagraí

Cén míniú nó cén réasún atá le bás gasúir? Bhí an cheist sin ina crá croí i measc an phobail. Ach chuile sheans nach raibh a fhios ag cuid acu go raibh Aibha tugtha do bhabhtaí tinnis scaití – cailín beag spraíúil agus gealgháireach ach d’fhaigheadh sí ruaigeanna tinnis goile agus tinnis cinn. D’éiríodh sí traochta freisin leis na ruaigeanna sin. Cuireadh san Ospidéal í roinnt babhtaí agus tugadh leibheal íseal siúcra fola faoi deara, rud a d’fhéadfadh a bheith an-chontúirteach. D’fhaigheadh sí cóir leighis agus bhíodh sí ceart arís.

Faoi mhí Lúnasa 2011 bhí a muintir ag éirí an-imníoch faoi shláinte Aibha.  Tugadh go hOspidéal na hOllscoil i nGaillimh í ar an 22 Lúnasa, 2011. Arís, bhí an leibhéal siúcra fola an-íseal. Admhaíonn a máthair, Caitlín, gur éirigh sí feargach san Ospidéal agus í ag iarraidh go dtabharfaí Aibha chuig Ospidéal do ghasúir – bhí Ospidéal Chruimlinne i mBaile Átha Cliath i gceist – sa gcaoi is go ndéanfaí tástálacha níos iomláine ar Aibha.

Ina cuid fianaise don Choiste Cróinéara a chríocnaigh an tseachtain seo caite, dúirt Caitlín Uí Chonaire gur fhág sí Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh ar an 24 Lúnasa 2011 agus tuiscint aici go raibh Aibha le tabhairt go Baile Átha Cliath go gairid ina dhiaidh sin le haghaidh scrúduithe cuimsitheacha fola  – le súil agus go bhfaighfí amach cén t-údar a bhí leis an lagachan a bhí ag tarlú ar an leibhéal siúcra.

Dúirt Caitlín Ní Chonaire agus í ag an seastán fianaise go mbeadh Aibha beo inniu dá mbeadh na tástálacha agus scrúduithe cuí déanta le dul go bun an údair a bhí leis an ísliú ar an leibhéal siúcra.

Bhí cur agus cúiteamh faoi seo ag an gCoiste Cróinéara agus dúirt abhcóide an Fheidhmeannais Sláinte, Declan Buckley, nach raibh tada scríofa i nótaí, ná i dtaifead Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh go raibh Aibha le tabhairt go Baile Átha Cliath an uair sin.

Fiú agus dá mbeadh tástálacha déanta, ní shin le rá go mbeadh Aibha slán, a deir an tUasal Buckley. Ach, dúirt an cróinéir, an Dr Farrell, nár bhain tuairimíocht mar sin leis an gCoiste Cróinéara. Bhí baol ann ó thaobh sláinte an ghasúir, a deir sé, agus níor dearnadh na tástálacha cuimsitheacha.

Thug an múinteoir a bhí ag Aibha, sin í Caroline Ní Chonghaile, fianaise don Choiste Cróinéara gur mhínigh Caitlín Uí Chonaire dóibh i Scoil Mhuire i gCarna i mí Mheán Fómhair 2011 go mbeadh uirthi Aibha a thabhairt amach as an scoil ar fhógra gearr mar go mbeadh glaoch uirthi chuig an Ospidéal i mBaile Átha Cliath.

Thug Caroline Ní Chonghaile fianaise freisin gur coinníodh buidéal Lucozade sa scoil le deoch de a thabhairt d’Aibha dá n-éireodh sí lag agus tuirseach; rinneadh é sin ar iarratas ó mháthair Aibha.

Tharla sé gur theastaigh an deoch seo ar thrí ócáid dhifriúla sna míonna ina dhiaidh sin. Thug Caitlín Uí Chonaire fianaise gur thug sí an t-eolas seo don lucht leighis a bhí ag breathnú amach d’Aibha in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh – nuair a thug sí isteach ansin í arís le haghaidh meastóireacht i mí na Samhna, 2011.

Ceist na dtástálacha nár dearnadh

Leag an cróinéir, an Dr Brian Farrell, béim ar fhianaise a chuir saineolai ar fáil dó agus é ag tabhairt a bhreithiúnais an tseachtain seo. Tugadh isteach an Dr Susan O’Connell, a bhfuil ardcháilíochtaí aici, lena barúil a thabhairt faoi cheisteanna a bhaineann le leibéal siúcra agus substaintí eile fola agus lena breithiúnas a thabhairt ar an bhfianaise a bhain leis an ábhar seo uilig.

Dúirt an cróinéir go raibh staidéar déanta aige in athuair ar an bhfianaise a thug an Dr O’Connell. Bhí sé ráite go soiléir aici (an Dr O’Connell), dar leis, go raibh gá le tástálacha ‘criticiúla’ agus cuimsitheacha a dhéanamh ar Aibha Ní Chonaire i 2011. Níor dearnadh iad sin, a dúirt an cróinéir.

Bhí sé seo ar cheann de na hábhair ba mhá ar leag an Dr Farrell béim air agus é ag teacht ar an mbreithiúnas go raibh míthapa leighis (medical misadventure) i gceist i mbás Aibha Ní Chonaire. Lena chois sin, thagair sé do thástálacha ar an leibhéal den ábhar ‘cortisol’ ina cuid fola ach dúirt nach bhféadfaí brath ar na torthaí de bharr na gcúinsí a bhí i gceist san am.

Bunaithe ar fhianaise lucht leighis, fianaise daoine eile agus fianaise na dtuismitheoirí, dúirt an Dr Farrell go raibh cíoradh mór déanta ar chás Aibha Ní Chonaire agus gur míthapa leighis an toradh a bhí ar an bhfiosrúchán.

Dúirt dlíodóir mhuintir Chonaire, Damian Tansey as Sligeach, go raibh iarracht ollmhór déanta ag muintir Chonaire. Chur siad cás os comhair na Comhairle Leighis, a deir sé, ach stopadh é sin ar phointí ‘teicniúla’. Ansin rinneadar iarratas go reáchtálfaí Coiste Cróinéara ach níor glacadh leis sin i dtosach.  Ansin chuir comhlacht dlíodóirí Damian Tansey iarratas eile ar aghaidh agus glacadh leis an iarraidh seo gur theastaigh Coiste Cróinéara.

“Tá eolas níos iomláine ag muintir Chonaire anois,” arsa an tUasal Tansey “agus tá toradh ar an iarracht mhór atá déanta acu le ceithre bliana”.

Níos gaire do bhaile, siúlafidh daoine an bóthar sléibhe i gcuimhne ar Aibha an tseachtain roimh an Nollaig seo chugainn; tá sin déanta chuile bhliain ó bhásaigh sí.

Ní raibh ag Aibha ach cosán gearr sa saol; is beag a cheap duine ar bith go mbeadh ainm an chailín bhig Aibha Ní Chonaire curtha i stair dlí-eolaíochta na hÉireann. Ba é an Coiste Cróinéara ab fhaide ariamh é i stair an Stáit seo; bhí sé ar siúl ar feadh naoi lá.

Suaimhneas síoraí d’Aibha Ní Chonaire.

Fág freagra ar 'Aibha – cosán gearr saoil agus fanacht fada ar fhreagraí faoina bás'