Agus mé i mbun obair theilifíse le bliain go leith anuas, níor fhág mé an teach ariamh…

Bhí an córas obair ón mbaile seo i bhfad níb éifeachtaí ná an seanchóras

Agus mé i mbun obair theilifíse le bliain go leith anuas, níor fhág mé an teach ariamh…

Casadh seanchara oibre orm sa chaifé ar maidin. Tá sé ar ais ag obair trí lá sa tseachtain, dúirt sé liom. Taitníonn sé sin thar cionn leis.

Agus muid i lár na paindéime cheap go leor nach n-athródh cúrsaí oibre arís go brách – bheadh muid ag obair ‘ón mbaile’ feasta. Go deimhin ceapadh teideal nua gearr a d’fheilfeadh do na meáin shóisialta- #WFH (working from home) agus cheap go leor gur mar sin a bheadh.

Caithfidh mé a rá go raibh mé féin ina measc siúd a cheap go raibh an córas seo i bhfad níb éifeachtaí ná an seanchóras.

Ar an gcéad rud síos, bhí an freastal ar chruinnithe agus a leithéid thar barr ar fad. Tá mé in mo bhall de Bhord Poiblí agus is fíorannamh go mbíonn éinne as láthair níos mó.

Cén leithscéal a d’fhéadfadh a bheith agat nuair nach bhfuil de thuras le déanamh agat ach an tsiúlóid ghearr ón gcistineach go dtí an seomra bia?

D’oibrigh an córas ‘Zoom’ thar cionn le smacht a choinneáil ar chainteoirí agus le smacht a choinneáil ort féin agus ar do chuid smaointe. Ní raibh aon rud chomh héifeachtach leis an gcnaipe le do mhicreafón a mhúchadh agus ansin laghdaigh tú an chontúirt go gcloisfeadh an cruinniú ar fad do mhada ag tafann, nó d’fhear céile i mbun níochán soithigh taobh thiar díot.

Agus mé i mbun obair theilifíse le bliain go leith anuas, níor fhág mé an teach ariamh. Chuidigh mé leis an obair thaighde, ar obair forbartha agus ar obair scannánaíochta a bhí á dhéanamh ag an bhfoireann teilifíse agus iad ag oibriú faoi rialacha daingne na paindéime. Ar shraith amháin, rinne mé stiúradh ar ghuthú – mise ar Zoom sa mbaile, an stiúrthóir ar Zoom ina teach féin i dTuaisceart Éireann agus an tráchtaire i mbun léamh scripte leis féin i mbothán fuaime i mBéal Feirste.

D’fhoghlaim mé cén chaoi le tráchtaireacht a dhéanamh mé féin ar m’fhón soghluaiste agus é a sheoladh chuig an stiúideo gan an seomra a fhágáil.

Níl a fhios fós cé na buntáistí a d’fhág an ghéarchéim sláinte le huacht againn. Táimid róchloíte go fóilleach ag na míbhuntáistí agus an t-ualach bróin agus an galar dubh a d’fhág sé ina dhiaidh. Ní bheidh cuntas ceart ar an drochthionchar sin go ceann i bhfad, sílim.

Is cuimhin liom luath go maith sa phaindéim nuair nach raibh mórán le déanamh ach siúl thart ar an gcathair – 2km i dtosach agus ansin ‘briseadh amach’ go dtí na cúig ciliméadar. Chaith mé lá ag siúl timpeall ceantar a bhfuil, nó a raibh, an-aithne agam air – ceantar Dhug na Canálach Móire agus thart timpeall air.

Scanraigh sé ceart mé nuair a thug mé suntas do na foirgnimh mhóra chostasacha a tógadh go speisialta le haghaidh tionscal na teicneolaíochta. Thall ansin Facebook, thíos píosa eile Linked-In, in aice láimhe seansuíomh Mhuilte Uí Bheoláin agus túir arda nua as an bpíosa tógtha ann i gcomhair Google. Agus bhí Google cheana féin lonnaithe san iliomad blocanna móra oifigí sular tógadh na cinn nua.

Bhí sé ciúin an lá sin agus mé ag siúl thart. Ní raibh éinne ar an uisce – áit ar chaitheamar laethanta taitneamhacha i mbun na mbád dragan ag traenáil agus ag rásaíocht in aghaidh foirne Éireannacha agus uair sa mbliain, foirne idirnáisiúnta.

Bhí na Lochlannaigh iad féin – na turais ‘Viking’ – imithe agus an t-uisce fágtha faoi na healaí.

D’aimsigh mé glac fiailí ag fás faoi dhoras tosaigh AirBnB a bhfuil a gceannáras ansin ar thaobh an duga.

Ní bhfaigheadh duine locht ar an té a déarfadh go mb’fhéidir nach dtiocfadh aon duine ar ais arís go dtí an ceantar seo. Ceantar a bhí faoi mhíbhuntáiste uair amháin agus gan ann ach fothracha den seansaol tionsclaíoch, long bhriste (An Naomh Éanna) agus ceantar bocht thart timpeall air.

Níl a fhios cén t-athrú a thug teacht an tionscail ‘tech’ go dtí an ceantar lár cathrach seo i mBaile Átha Cliath. Measadh go raibh thart ar 40,000 duine ag obair sna hoifigí thart ar an gceantar.

Ach sé mhí ó shin, agus gach éinne ag obair ón mbaile, mé féin san áireamh, bhí an chosúlacht ar an scéal nach dtiocfadh na sluaite ar ais.

Níl aon rud róchinnte fós. Ach tá comharthaí ann go gceaptar anois go bhfuil rud éigin ar iarraidh ón gcomhthéacs oibre nuair nach mbíonn daoine ag castáil lena chéile ar bhonn rialta.

Tá an córas ‘Zoom’ iontach ach tá laigí leis. An ‘teagmháil súl’ mar shampla. Agus tú ag éisteacht nó ag caint ar scáileáin, tá rudaí beaga nach bhfeiceann tú. Ní thugann tú faoi deara ar an bpointe go n-aontaíonn nó nach n-aontaíonn daoine leat. Ní fhaigheann tú tacaíocht ó dhuine de na héisteoirí a gheobhadh tú dá mbeadh sé trasna an bhoird uait.

Go minic ag cruinnithe fisiciúla, castar daoine ar a chéile roimh ré, nó castar baill foirne orthu sa phasáiste ar an mbealach isteach. Piocann siad suas eolas óna chéile. Faigheann siad tuairimí nach rabhadar ag súil leo, bíonn aiseolas ar fáil ar bhealach neamhfhoirmeálta. ‘Bíonn an fhírinne searbh’ a deirtear ach bíonn sí searbh amach is amach i gcló marbh an ríomhphoist.

Agus daoine anois ag déanamh a machnamh ar na gnéithe seo ar fad a bhaineann leis an obair oifige, tá comharthaí beaga anseo is ansiúd go bhfuil athrú intinne ar dhaoine faoi éifeachtúlacht na hoibre ón mbaile.

Cloisim go bhfuil comhlachtaí ag tairiscint seachtainí ‘briste’ do dhaoine – sé sin, trí lá san oifig agus dhá lá sa mbaile. D’fhógair JP Morgan agus Goldman Sachs, dhá bhanc mhóra i Meiriceá go gcaithfeadh an fhoireann ar fad teacht ar ais ag obair go dtí an oifig sna míonna amach romhainn.

Ar an taobh eile tá Facebook tar éis a fhógairt gur féidir leis an fhoireann oibriú ó aon áit gur mian leo ach go gcaithfidh siad a bheith ‘ar fáil’ le haghaidh teacht le chéile san oifig anois is arís. B’fhéidir go mbraithfidh sé ar deireadh ar an tionscal ina bhfuil tú ag obair.

Tá rud amháin cinnte. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na daoine a choinnigh ag obair tríd an drochshaol seo ar fad – na glantóirí sráide, na bailitheoirí bruscair, na hoibrithe sna tionscail bhia, agus go deimhin na hiriseoirí agus na foirne teilifíse is raidió a bhí ar an láthair nuair ba ghá – scartha go sóisialta, le mascanna, le trealamh a bhí le glanadh gach oíche agus nach raibh an comhluadar oifige acu lena gcupán caife ag deireadh an lae. Buíochas libh ar fad.

Fág freagra ar 'Agus mé i mbun obair theilifíse le bliain go leith anuas, níor fhág mé an teach ariamh…'