Agóid in aghaidh ‘cur chuige frith-Ghaelach’ lasmuigh d’oifigí an BBC i mBéal Feirste

Maíonn an brúghrúpa An Tionól Dearg gur cuireadh cosc ar cheist faoin nGaeilge le linn Dhíospóireacht na gCeannairí a craoladh ar BBC NI an tseachtain seo caite

IMG_8692
Cónall Ó Corra ag labhairt le lucht agóide taobh amuigh d’oifigí an BBC i mBéal Feirste. Pictiúr: Conchúr Ó Muadaigh.

D’eagraigh an Tionól Dearg, eagraíocht feachtais Gaeilge i mBéal Feirste, agóid taobh amuigh d’oifigí an BBC ar Bhóthar Ormeau inniu in aghaidh “cur chuige frith-Ghaelach” an chraoltóra phoiblí.

Maíonn an Tionól Dearg gur chuir an BBC cosc ar Chónall Ó Corra, cainteoir óg Gaeilge as Béal Feirste, ceist a chur faoin teanga le linn Dhíospóireacht na gCeannairí a craoladh ar BBC NI roimh Thoghchán Stormont an tseachtain seo caite.

Dúirt Ó Corra gur léargas iad na fadhbanna a bhí aige ar “fhadhb atá níos leithne” maidir leis an BBC agus meon an chraoltóra i leith na teanga.

“Is annamh a iarrann siad ar bhaill de phobal na Gaeilge labhairt ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh, agus leanann siad ar aghaidh leis an bhréagscéal Glas/Oráiste i dtaca leis an teanga nuair a chuireann siad fáilte roimh bhaill ó pháirtithe polaitiúla chun argóna. Is annamh a tharlaíonn seo agus iad ag plé cúrsaí cearta eile,” a dúirt sé.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh ón Tionól Dearg gur éirigh go maith leis an agóid inné ach nach raibh rud ar bith cloiste ag an eagraíocht ón BBC go fóill.

“Bhí Cónall i láthair ag taifeadadh de chuid an BBC dár teideal ‘Páistí Chomhaontú Aoine an Chéasta’ agus nuair a tugadh deis dó ceist a chur chuir sé síos air féin ar dtús mar ‘Irish-language speaker’ agus dúradh leis go rabhthas ag bogadh ar aghaidh go ceist eile.

“Bhí sé ag taifeadadh eile ina dhiaidh sin agus nuair a tugadh deis dó ceist a chur, dúirt sé gur séanadh an deis chéanna air an uair roimhe sin agus chuir ceist faoi Acht Gaeilge agus cearta teanga. Dúradh arís go rabhthas ag bogadh ar aghaidh go ‘more important issues’,” a dúirt Ó Muadaigh le Tuairisc.ie.

Níor chuir an BBC aon ráiteas faoin scéal seo ar fáil fós don Tionól Dearg ná do Tuairisc.ie, ach i ráiteas a foilsíodh i scéal nuachta ar a suíomh féin tráthnóna dúradh:

“BBC Northern Ireland produces a range of Irish-language content across television, radio and online. This reflects commitments detailed in the BBC’s current charter arrangements. Our Irish-language programming benefits from creative collaborations with different organisations, including Northern Ireland Screen and other broadcasters.”

Dúirt Ó Muadaigh nach raibh aon scéal cloiste ag an lucht agóide féin ón BBC fós.

“Char chuala muid a dhath ar bith go fóill. Bhí thart ar 60 nó 70 duine ann taobh amuigh den BBC agus dúirt Cónall go raibh sé chun litir ghearáin a leagan isteach. Chuaigh scaifte den slua mór a bhí taobh amuigh isteach leis, ach ní dúirt duine ar bith ón BBC rud ar bith, ach glacadh leis an litir,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Agóid in aghaidh ‘cur chuige frith-Ghaelach’ lasmuigh d’oifigí an BBC i mBéal Feirste'