Ag úinéirí talún cois cósta atá na cearta bainte feamainne

Ag muintir na mbailte cois cladaigh atá na bunchearta a bhaineann leis an bhfeamainn a deirtear i ráiteas ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil

Ag úinéirí talún cois cósta atá na cearta bainte feamainne

Bhí téarmaíocht sna bólaí seo a bhain le baint na feamainne buí, spaidhteanna feamainne. Gaeilge na Gaeltachta a bhí ann, leathnú amach ar fhocal Béarla agus focal Gaeilge sna sála air. Tá meascán nua focal tagtha chun cinn a bhaineann le cladaí an iarthair anois – focal a bhfuil lorg an Bhéarla air agus focail Fhraincise, profit à prendre.

As meánaoiseanna na Fraince a tháinig an téarma dlíthiúil seo, is cosúil. Is éard a chiallaíonn an téarma sin don ghnáthdhuine go bhfuil cearta áirithe cruthaithe, i gcásanna áirithe, má tá traidisiún agus obair ar bun in áit ar feadh blianta fada, traidisiún seanbhunaithe na dteorainneacha feamainne sa gcás seo. 

Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag dul i dtuilleamaí profit à prendre anois sa dearcadh atá acu i leith cearta agus teorainneacha feamainne sna cladaí.

I mbeagán focal, ciallaíonn breithiúnas na Roinne a eisíodh le dhá lá anuas gur ag muintir na mbailte cois cladaigh atá na bunchearta a bhaineann leis an bhfeamainn, díreach mar a ceapadh go traidisiúnta. Caithfidh, a deir an tAire Stáit Seán Kyne as Gaillimh Thiar, atá gníomhach sa scéal seo le fada, na comhlachtaí móra agus beaga atá sa tóir ar sholáthar feamainne socruithe a dhéanamh leis na tionóntaí sna bailte fearainn. Ní thabharfar amach aon cheadúnais, ag an tráth seo ar chuma ar bith, do chomhlachtaí atá á n-iarraidh.

Cor cinniúnach é seo sa díospóireacht agus san aighneas atá tarlaithe le cúpla bliain – go háirithe ar chóstaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo – faoi cheist na gcearta bainte feamainne. Tugann sé stádas i bhfad níos láidre do na cearta traidisiúnta. Ach, tarraingeoidh sé aird freisin ar a bhfuil i ndán don chomhlacht is mó atá ag plé le feamainn sa tír seo, Arramara Teo., atá anois faoi úinéireacht an chomhlachta Acadian Sea Plants as Ceanada. 

Tar éis dóibh Arramara Teoranta a cheannach ó Údarás na Gaeltachta in 2014 rinne Acadian Sea Plants as Ceanada iarratas ar cheadúnas bainte feamainne i réimse mór cladaigh ó chósta an Chláir ó thuaidh go Maigh Eo. Dúirt an comhlacht go rabhadar ag cloí leis an dlí atá leagtha síos i dtaobh ceadúnais bainte feamainne i bPoblacht na hÉireann. Dúradar freisin go rabhadar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh soláthar seasta feamainne acu sa mhonarcha i gCill Chiaráin i gConamara.

Thosaigh feachtas i gConamara – Coiste Cearta Cladaigh Chonamara – ag cur in aghaidh an chórais ceadúnais. Bhíodar sin ar iarraidh go gcoinneofaí leis na cearta traidisiúnta a bhí leagtha amach san aimsir a caitheadh. Bhí an tuiscint ann go raibh stráice cearta feamainne sa gcladach áitiúil ag chuile thionónta i mbailte fearainn cois cósta. Mar a tharla sé bhí na cearta seo scríofa ar cháipéisí úinéireachta talún chuid de na tionóntaí ach ní raibh an ceart chomh daingnithe sin ag cuid mhór tionóntaí.

Bhí Arramara Teo (faoi úinéireacht Acadian Sea Plants) sásta go bhféadfaí a ghabháil i muinín Acht Cladaigh ón mbliain 1933, a leasaíodh sna 1990idí, acht ina leagtar síos gur leis an Stát na hacmhainní atá taobh thíos den snáth mara agus dá réir sin, theastódh ceadúnas le feamainn a bhaint. Bhí Arramara Teoranta ag brath go mór ar cheadúnas lena chinntiú go mbeadh a ndóthain soláthar feamainne acusan. Caithfidh siad athmhachnamh a dhéanamh anois ar an gcaoi a gcinnteoidh go mbeidh an soláthar a theastaíonn uathu ar fáil dóibh ar bhonn rialta as seo amach. 

Tá Acadian Sea Plants ar an gcomhlacht is láidre i dtionscal na feamainne sa domhan agus is in Albain Nua i gCeanada atá a gceanncheathrú. Bhí plean fadtéarmach acu nuair a cheannaigh siad Arramara Teo agus é i gceist acu infheistíocht agus tionscail bhreise a chur ar fáil i gConamara. Ach, ní raibh aon éascaíocht ag baint lena gcúrsa ó tháinig siad go hÉirinn.

Ar an gcéad dul síos, thosaigh feachtas in aghaidh an iarratais a rinneadar ar cheadúnas agus ansin mhéadaigh ar an éileamh a bhí ó chomhlachtaí eile ar fheamainn bhuí. Tá tuilleadh comhlachtaí i gcomórtas leo, ceann i gcontae Mhaigh Eo go háirithe a bhíonn ag easpórtáil feamainne go dtí an tSín. Baintear leas an bhfeamainn ansin in obair fraiceála i gcúrsaí mianadóireachta agus teastaíonn neart di uathu.

Le súil agus go bhfaighidís tuilleadh feamainne, cúpla mí ó shin, d’ardaigh Arramara Teo an praghas go dtí €53, sin ardú €10 an tonna. Ach tá comhlachtaí eile, go háirithe dream Mhaigh Eo, ag íoc chomh maith céanna leo. Ar an drochuair d’Arramara Teo, bhí amanna ann ó thús na bliana seo nach raibh aon fharasbarr feamainne acu agus bhíodar ar sheachtain ghiortaithe oibre. Nuair a labhair Uachtarán Acadian Sea Plants, Jean Paul Deveau, faoi ghnó Arramara cúpla mí ó shin, agallamh a raibh tuairiscí faoi ar Tuairisc.ie, dúirt sé nach bhféadfadh an comhlacht aon infheistíocht eile a dhéanamh in Éirinn nó go mbeadh siad siúráilte go mbeadh cinnteacht ann faoin soláthar feamainne. Dúirt sé freisin nár tháinig Acadian Sea Plants go hÉirinn le bheith ar sheachtain oibre trí lá.

Braitheann go leor anois ar an bpraghas a íocfar le lucht bainte feamainne, dream atá ag éirí gann ar aon nós. Dúirt Jean Paul Deveau san agallamh céanna go raibh teorainn leis an bpraghas in aghaidh an tonna a d’fhéadfaí a íoc ar fheamainn, cé nár luaigh sé céard é an t-uasphraghas sin.

Beifear ag coinneáil súil ghéar i dtreo Cheanada anois go bhfeicfear cén dearcadh a bheidh acu ar shocrú an Rialtais anseo, nó cén beart atá ar intinn acu ó tharla go bhfuil a n-iarratas ar cheadúnas imithe le sruth.

Idir an dá linn, tá prionsabal an profit à prendre curtha i bhfeidhm ag an Roinn Comhshaoil i gcladaí Chonamara agus i gcladaí na tíre ó thaobh na feamainne buí de. Dúirt ráiteas an Aire Stáit, Damian English, go mbeadh tuilleadh socruithe á ndéanamh amach anseo agus go mbeadh córas daingean ceadúnais ann freisin. Ach cé atá ag iarraidh tuilleadh spaidhteanna feamainne a tharraingt? D’fhéadfadh go mbeadh saol fada ag prionsabal an profit à prendre i dtionscal na feamainne anois.

Fág freagra ar 'Ag úinéirí talún cois cósta atá na cearta bainte feamainne'

  • Mánus

    Más go han- mhall fhéin a thuigeann an t-aire aineolach Damian English an luach atá ar tonna slata mara ar an margadh domhanda b’fhéidir gur fearr deireanach ná go brách é an t-eolas luachmhar sin do bheith aige. Neosfaidh an aimsir. Thuig Ray Burke go rí-mhaith an luach a bhí ar gás Mhuigheo agus pingin rua ní bhfuair muid ó Shell de bharr an eolais sin. Ní ar Cheanada a ba chóir ár súile do bheith ach ar stáitín na 26 condae; ar Roinn na Mara, Damian English, Údarás na Gaeltachta idir sean agus nua, BIM srl. Níl tuiscint dá laghad ag muintir an Wild Atlantic Way ar an bpota óir atá ar an gcósta thiar. Ba chóir mana dúshlánach nua do bheith ag na cladóirí ar fad ó Chléire go Ceann Mhálainne “Bíodh an fheamainn againn!” Nuair a thosaigh Gandhi ar salainn a thógaint go mídheathach as uisce sáile na hIinde chuir sé deireadh le hImpireacht na Breataine. Ba chóir do gach Gael feamainn a itheadh go rialta.

  • Páid Ó Donnchú

    “Ba chóir do gach Gael feamainn a itheadh go rialta”

    Cúram eile ar an liosta. ?