Ag tuairisciú ó Stormont do RnaG an lá a síníodh an Comhaontú…

Bhí meitheal bheag as Raidió na Gaeltachta i láthair lá na cinniúna 25 bliain ó shin nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an 10 Aibreán 1998

Ag tuairisciú ó Stormont do RnaG an lá a síníodh an Comhaontú…

Faoin earrach 1998 bhí dlús le na comhráití fada idir na páirtithe i dTuaisceart Éireann faoi chathaoirleacht an tSeanadóra George Mitchell ach fós bhíothas gan réiteach. Mheas Mitchell cúrsaí a thabhairt chun críche agus shocraigh sé meán oíche, Déardaoin an 9 Aibreán, mar sprioc.

Beart cinniúnach a bhí ann.

Shocraigh Raidió na Gaeltachta go mbeifí in Stormont an Déardaoin sin. Bheadh Áine Ní Dhioraí i mbun tuairiscí don chlár maidine Adhmhaidin. Chraolfaí Nuacht a hAon beo ó Stormont, á láithriú ag Máirín Ní Ghadhra agus á léiriú agamsa, agus bheadh sé de chúram ormsa tuairiscí a dhéanamh do Nuacht a Sé. Bheadh cabhair againn in Stormont ónár dtuairisceoir, Póilín Ní Chiaráin agus dornán iriseoirí eile a bheadh i láthair. Jimmy Breslin an maor teicniúil a bheadh linn. Bheadh muid ag brath freisin ar na polaiteoirí ar fad a raibh Gaeilge acu.

Ardtráthnóna, Dé Céadaoin, d’fhág muid Casla agus ar shroichint Bhéal Feirste chuaigh muid díreach go Stormont le casadh le chéile, léargas a fháil ar an láthair oibre agus pasanna a chinntiú.

Bhí na háiseanna meán cumarsáide i gcarrchlós in aice láthair na gcomhráití (Castle Buildings) i gcóngaracht Chaisleáin Stormont. Láthair a bhí bunúsach go maith agus ba léir nach mbeadh aon chompord mór ann. Bhí iriseoirí an domhain mhóir cruinnithe sa gcarrchlós an tráthnóna sin, áiseanna teilifíse i gcoirnéal amháin, áiseanna raidió i gcoirnéal eile. Bheadh na hiriseoirí ar fud na háite – amuigh faoin aer den chuid is mó ach dá mbeadh an t-ádh ort gheofá cathaoir nó áit suí ar an urlár san ionad beag preas. Bhí spás beag ag Raidió na Gaeltachta don chraoladh. ach ba chuma, níor theastaigh ach áiseanna craolta dár gcuid fhéin a bheith againn.

Sílim gurb é Jimmy Breslin a thagair de lámh na staire a bheith lenár ngualainn. Tagairt don ráiteas cáiliúil ón bPríomh-Aire, Tony Blair an oíche roimhe sin nuair a shroich seisean Béal Feirste. Níl uair dár casadh Jimmy orm ó shin nach b’é “lámh na staire” an beannú a bhíonn againn dá chéile. Ach níl mise cinnte gur thuig muid ná mórán eile go raibh muid i lár na staire. Bhí cleachtadh mhaith ar chomhráití ar theip orthu.

Rinne muid ár gcuid tuairiscí agus an clár nuachta Déardaoin, is gan le tuairisciú ach nach raibh gach rud socraithe is neart fós idir dhá cheann na meá. Ach bhí rud amháin tábhachtach – bhí na comhráití fós ar siúl. Cé gur imigh an sprioc le meán oíche Déardaoin, bhí leide go raibh léas staire ag borradh.

Díreach roimh mheán oíche Déardaoin, tharla eachtra a fhanann soiléir i m’intinn, sin ruathar Ian Paisley agus a bhuíon tacaíochta, Paisley ag cur a theanga bheag amach ag cáineadh lucht idirbheartaíochta. Bhí mé lena thaobh ar a bhealach isteach is chuala mé chomh tarcaisneach is a chaith sé le comhalta SDLP a d’impigh air, más duine le Dia é, gur i mbun na gcomhráití síochána a ba chóir dó a bheith, ní ag diúltú a bheith páirteach. Ina dhiaidh sin, ag preasócáid le slua iriseoirí, thug comhaltaí mionpháirtithe dílseacha faoi Ian Paisley freisin ag gearradh roimhe is ag fiafraí céard a rinne seisean ar son na síochána. Eachtra a chuir iontas orainne sa seomra. Léiriú go raibh athrú ar na bacáin?

Tar éis lá fada sa gcarrchlós bhí an oíche romhainn anois, ach ní raibh cuimhne againn imeacht cé is moite de néal fánach codlata roimh dheireadh oíche. Bheadh lá eile orainn. Bhí Aoine an Chéasta ag gealadh.

Áine Ní Dhíoraí a bhí ar dualgas do Adhmhaidin. Níor scaoil sise néal féin thart is bhí sé d’ádh uirthi agallamh a fháil ar maidin le Gerry Adams. Thóg grianghrafadóir éicint pictiúr is tá sé ar cheann den bheagán pictiúir de lucht Raidió na Gaeltachta in Stormont ar Aoine an Chéasta. Ní ‘selfies’ ná meáin shóisialta a bhíodh tábhachtach ag an am, ach is minic aiféala orm nár chaith mé ceamara sa mhála taistil.

Ó mhoch maidin ar Aoine an Chéasta, bhí na leidí chugainn go raibh comhaontú déanta agus leidí láidir eile nach raibh. Sin a raibh le tuairisciú ach rinne muid an beart le cabhair ó chuid mhaith.

Sa deireadh, tharla rudaí d’aon léim amháin. Ag a cúig a chloig, thug George Mitchell na páirtithe le chéile is glacadh leis an socrú. Ar mo chrannsa a thit sé tuairisc a chur le chéile do Nuacht a Sé. Ní raibh aon am smaoineamh ar mhórán ach díriú ar na fíricí, ach thuig mé go cinnte gur scéal stairiúil a bhí á thuairisciú agam.

Ach ní raibh ann ach an tús. Níl an scéal críochnaithe fós ná baol air ach níor múchadh ó shin an léas dóchais a músclaíodh an tráthnóna sin agus léargas faighte againn ar lámh na cinniúna.

 

Fág freagra ar 'Ag tuairisciú ó Stormont do RnaG an lá a síníodh an Comhaontú…'

  • Pádraig O'hEipicín

    An t-síocháin atá uainn anois. In Ainm Dé, agus a Mháthair Beannaithe.