Ag troid in aghaidh ionraitheoirí na Rúise atá laochra spóirt na hÚcráine

Is beag moladh a bhíonn ag dul do na heagraíochtaí móra spóirt i gcásanna go mba chóir seasamh i gcoinne an oilc

Ag troid in aghaidh ionraitheoirí na Rúise atá laochra spóirt na hÚcráine

Vitaly Klitschko

Más féidir ar chor ar bith é, is fearr le móreagraíochtaí spóirt na cruinne fanacht chomh glan agus is féidir leo ar imeachtaí polaitíochta. Réadúlacht a fhágann an cás mar sin, dar le daoine. ‘Tadhg an dá Thaobhachas’ a déarfadh go leor eile. 

Is ar an gcuma sin freisin atá siad ag déileáil le ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ar cheart lorg a láimhe a bheith le feiceáil níos troime ar an scéal ná mar atá, nó an beag eile atáid in ann a dhéanamh? 

Is cuma cén taobh den chlaí a bhfágann a thuairim duine, tugann ar tharla san am atá caite le fios gur beag moladh atá ag dul do na heagraíochtaí céanna i gcásanna go mba chóir seasamh i gcoinne an oilc.

Ní le cogaíocht amháin a bhaineann sin, ná fiú le polaitíocht agus naimhdeas idirnáisiúnta.  

Scannal amach agus amach cuir i gcás is ea an chaoi ar chaith an PGA, an      eagraíocht a dhéanann maoirseacht ar an ngalf sna Stáit Aontaithe le daoine nárbh den chine geal iad ina dtír féin. Seo spórt a bhfuil sé le rá faoin té is cáiliúla riamh a rug ar mhaide gur den mhianach sin é. 

Ainneoin breith ard-chúirte i 1954 a d’fhógair ciníochas a bheith mídhleathach ar chúrsaí poiblí agus orthu siúd a bhain aon tairbhe as buntáistí cánach, rinne an PGA a míle dícheall roimhe sin agus fiú ina dhiaidh sin Meiriceánaigh Afracacha a choinneáil amach as a gcuid comórtas.

Inniu féin, níl ach ceathrar díobh siúd ar an PGA Tour; is den chine geal 99% de na himreoirí gairmiúla atá ceangailte le clubanna; bhí an Mhílaois linn nach mór nuair a thug Augusta National ballraíocht do dhuine dubh. Tá Tiger Woods níos so-aitheanta ná 99% de cheannairí polaitíochta an domhain – fós ní imríonn ach 3% de na ciníocha dár díobh é an cluiche ina bhfuil sé ina mháistir air. Is ríchuma sin leis an PGA mar nach acu atá an t-airgead. Tá 86% de mhaoin na Státaí ag 20% dá bpobal

Bhí dhá bhliain eile ann sula dtiocfadh Adolph Hitler i gcumhacht nuair a d’fhógair an Chomhairle Idirnáisiúnta Oilimpeach i 1931 go mba i mBeirlín a bheadh Cluichí na bliana 1936. 

Bhí eolas forleathan ar fud an domhain ag an am faoin spídiúlacht a bhí Giúdaigh a fháil sa tír. Sular thosaigh na Cluichí tugadh isteach dlí ag glacadh leis na Nürnberger Gesetze – na dlíthe a d’fhógair go mba leis an gcine Airianach a bhain Gearmánaigh, go mba le ceann níos ísle a bhain na Giúdaigh agus go raibh scrios le déanamh orthu.

Thosaigh caint ar bhaghcat.

Sular thosaigh sin ag bailiú nirt, thug Hitler cuireadh chun na Gearmáine do Cheannasaí Chomhairle Oilimpeach na Stát Aontaithe Avery Brundage i 1935 agus d’éirigh leis iarraidh mhaith den chluain a chur air. Níor chuir Uachtarán na Stáit Aontaithe Frankin D. Roosevelt a ladar sa scéal beag ná mór, cé gur labhair ambasadóirí agus teachtaí eile de chuid na tíre sin ar fud an domhain go láidir ar son baghcat a dhéanamh ar na Cluichí. An rud céanna a bhí le rá faoi chuid mhaith de chumhachtaí móra eile an domhain.

Sa mBreatain, sa bhFrainc, sa tSualainn, san Ísiltír agus sa tSeicslóvaic freisin labhraíodh ar a leithéid, ach níorbh fhada gur múchadh a nglórtha ag an mana a chuir Brundage agus daoine eile chun cinn a d’fhógair nach meascann an pholaitíocht agus an spórt le chéile.

Bhain Jessie Owens beagán den straois den Führer i 1936. 

In imeacht deich mbliana bhí sé mhilliún Giúdach curtha chun báis ina thír siúd agus sa gcuid eile den Eoraip a bhí faoina smacht.

Mheasfá go bhfoghlaimeodh Brundage agus ceannairí spóirt eile rud éicint as an uafás. Ní hamháin nár tharla sin, ach i 1952, vótáil tromlach na dteachtaí Oilimpeacha as tíortha an domhain ceannas na heagraíochta ina hiomláine a thabhairt don té a ndearna Hitler ceap magaidh de. Rinneadar amhlaidh go ceann scór bliain eile. 

Nuair a chuir Vladimir Putin a chuid trúpaí thar teorainn na hÚcráine (den dara huair le ocht mbliana) beagán os cionn míosa ó shin, shocraigh eagraíochtaí stiúrtha an domhain sa sacar agus in F1 nach ina thír a d‘imreofaí Cluiche Ceannais Shraith na Seaimpíní agus go raibh Grand Prix na Rúise á chur ar ceal. 

Ciúnas den chuid is mó atá le cloisteáil ó shin óna leathbhádóirí agus freisin ó chuid de na dreamanna i sruthanna eile an tsaoil ar minic chun cinn iad le linn gortaí, creathanna talún, súnámaithe agus tragóidí ollmhóra eile.

Ag cogaíocht agus ag cosaint a muintire in aghaidh piléar, roicéad agus buamaí atá laochra spóirt na hÚcráine – ar shráideanna Chív, áit arb é Vitaly Klitschko Méara na cathrach anois, fear a raibh craobhacha trom-mheáchain dornálaíochta an domhain aige féin agus ag a dheartháir Vladimir tráth. Eisean anois lena ais sa trinse, mar a bhíodh sa gcró.

Ba chóir gur i Londain i mbun traenála do throid in aghaidh Anthony Joshua a bheadh Oleksandr Usyk i láthair na huaire – bhuaigh sé ar an Sasanach ansiúd sa bhfómhar seo caite gur bhailigh craobhacha dornálaíochta an WBA, IBF, WBO agus IBO. Ina áit sin is i mbun saighdiúireachta ina thír dhúchais a gheofas tú é.

 Ar shráideanna Odessa atá trodaí eile, a bhfuil dhá bhonn Oilimpeach aige.

In éide chogaidh freisin tá Oleg Luzhny a d’imir do Dynamo Kyiv, sular aistrigh sé go Arsenal agus Wolves agus an t-imreoir leadóige Sergiy Stakhovsky a bhuaigh ar Roger Federer in Wimbledon tráth.

Fág freagra ar 'Ag troid in aghaidh ionraitheoirí na Rúise atá laochra spóirt na hÚcráine'