Ag súil leis an spleodar, an gus agus an mustar atá ar iarraidh le fada sa pheil

Faoi dheireadh na sraithe peile beidh 228 cluiche imeartha agus barúil mhaith againn an moladh nó damnú atá le tabhairt do na rialacha nua

Ag súil leis an spleodar, an gus agus an mustar atá ar iarraidh le fada sa pheil

Killian Spillane. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Más iad buaiteoirí an World Series 2025 sa daorchluiche, nó ainm an chapaill a thabharfaidh an Melbourne Cup leis i mbliana atá ag déanamh tinnis duit, is fada an fanacht atá romhat – go hard os cionn 300 lá. Ní hionann déarfainn do fhreagra na ceiste is mó atá ag lucht léite an cholúin seo faoin mbliain atá ar leic an tairsí againn.

Tá mé ag dul amú go mór nó is í an chloch is mó atá ar a bpaidrín siúd ná an seans atá ann go dtabharfaidh na hathruithe atá molta do chluiche na Peile Gaelaí ar ais an spleodar, an gus agus an mustar atá ar iarraidh as le fada.

Cuirfear tús le Sraithchomórtais Peile Allianz ag deireadh na míosa seo agus faoin am a dtiocfaidh siad chun críche 10 seachtaine dár gcionn beidh 228 cluiche peile imeartha agus barúil mhaith an moladh nó damnú atá le tabhairt dá bhfuil déanta.

Tá mé cinnte go mbeidh na hathruithe céanna le feiceáil agus le cloisteáil i mórchuid áiteanna as seo go sin agus más ag freastal ar an imirt atá tú go mbeidh fáil orthu sa gclár a cheannóidh tú ag an ngeata. Ach ní dochar na 7 gcinn acu atá ann a liostáil anseo daoibhse a bheas ag breathnú orthu ar TG4. Beidh sibh in ann an leathanach seo a oscailt ar an bhfón agus sin a leagan ar uillinn na cathaoireach, nó ar do bhrollach féin ag brath ar cén síneadh atá ort.

  1. Tús Imeartha: Peileadóir amháin as an dá thaobh a bheas i lár na páirce ar chaitheamh isteach na liathróide – ina seasamh ag an taobhlíne a bheidh an bheirt eile.
  2. An Marc: Ní mór go mbeadh an té atá á éileamh laistigh don líne 20m agus an té a chiceáil a bheith san imirt oscailte lasmuigh den 45m. I gcás sin tarlaithe le linn buntáiste is ceadaithe leanacht don imirt go mbeidh deireadh leis an mbuntáiste sin. Muna dtarlaíonn a leithéid, is ceadaithe filleadh ar an marc.
  3. An cúl báire: Ceann simplí. Tá dhá choinníoll i gceist le pas a thabhairt don chúl báire. Ní mór dó a bheith laistigh dá bhosca féin nó i leath cosanta a chéilí comhraic.
  4. Solo agus Imir: Nuair a fhógraítear feall ar imreoir, in áit fanacht agus cic saor a ghlacadh, is ceadaithe anois dó solo tapa a dhéanamh agus tabhairt faoi ruathar láithreach.
  5. Triúr v Triúr: Ní mór don dá fhoireann go mbeadh triúr dá n-imreoirí i chaon leath.
  6. An Cic Amach: Beidh stua 40m amach ón gcúl. Ní ceadmhach don fhreasúra teagmháil leis an gcic amach go mbeidh an stua sin trasnaithe. Ní féidir leis an té a fuair an cic amach ón gcúl báire an liathróid a sheoladh ar ais chuigesean.
  7. Scóráil: Is fiú dhá chúilín anois scór lasmuigh de stua 40m, aon chúilín amháin is fiú scór laistigh den stua sin agus an ceann 20m.

Chomh maith leis sin tabharfar an liathróid 50m chun cinn i gcás moill a bheith á chur ar an bhfreasúra cic saor a ghlacadh nó i gcás léiriú láidir easaontais. Ag captaen na foirne amháin a bheas cead labhartha leis an réiteoir.

Ar aghaidh faoi lán seoil a luaithe agus a bheas na Sraithchomórtais thart an lá deiridh de Mhárta – tús á chur le Craobh Peile na hÉireann an deireadh seachtaine is túisce d’Aibreán, Cluichí Ceannais Peile na gCúigí an dá Dhomhnach is túisce de Bhealtaine, babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann ag deireadh an Mheithimh agus Corn Mhig Uidhir á bhronnadh an Domhnach deireanach d’Iúil.

Níl a shamhail i m’intinn ach an scannán Unstoppable ina raibh Denzel Washington ag iarraidh traein a bhí gan stiúir a stopadh agus í ag déanamh ar cheann de mhórchathracha na Státaí.

I lár an Aibreáin a chuirfear tús le Craobhacha Iomána Laighean – cluiche ceannais na Mumhan á imirt ar an Satharn, an 7 Meitheamh agus ceann Laighean lá arna mhárach. Lá i ndiaidh lae freisin a imreofar na Réamhbhabhtaí Ceathrú Ceannais (14/15 Meitheamh); na Babhtaí Ceathrú Ceannais (21/22) agus na Babhtaí Leathcheannais (5/6 Iúil). Coicís ina dhiaidh sin a bheas an iomaíocht ar Chorn Mhic Cárthaigh.

I Ráth Chairn Glas na Mí a imreofar Comórtas Peile na Gaeltachta faoi Chincís 2025, é eagraithe ansin ag Cumann Chlann na nGael.

Agus ceiliúradh déanta ag Cumann Peile na mBan ar an 50 bliain atá caite ar an bhfód ag an eagraíocht sin, fágann leagan amach an lae inniu ar a gcuid iomaíochta siúd freisin gur beag de 2025 a bheas caite nuair a bheidh a gcuid comórtas siúd iad féin faoi lán seoil – é i gceist seacht mbabhta de na Sraithchomórtais a bheith imeartha faoi dheireadh an Mhárta agus na babhtaí ceannais ar an 12/13 Aibreán.

Beidh na Craobhacha cúige thart faoi dheireadh na Bealtaine agus imreofar Cluichí Ceannais na hÉireann an Domhnach is túisce de Lúnasa.

Ní bhíonn féilire na Camógaíochta chomh plódaithe sin. Ar an Domhnach deireanach d’Fheabhra a chuirfear tús lena gcuid sraithchomórtas siúd. Ar an Domhnach, an 13 Aibreán, a bheas babhta ceannais Shraithe Roinn 1 ar bun.

Fág freagra ar 'Ag súil leis an spleodar, an gus agus an mustar atá ar iarraidh le fada sa pheil'