Ag ‘Dodgáil’ i nDún na nGall leis ‘An Taobh Tuathail’ ar RnaG

San oíche dhorcha a thagann fuaimeanna UÍ Chíobháin ar na RnaG chun tí agus baineann siad ceol as an chroí mheánaosta…

Ag ‘Dodgáil’ i nDún na nGall leis ‘An Taobh Tuathail’ ar RnaG

Bhí club oíche i nDún na nGall a raibh Dodge air lá den tsaol. Is ann a théadh na sluaite fiáine go hantráthach san oíche agus iad ar lorg damhsa. D’ólfá cúpla deoch sna tithe tábhairne áitiúla i nGaoth Dobhair agus chuirfeadh cinnirí óga na gcoláistí samhraidh an cheist: “An bhfuil tú ag dul ag dodgáil?”

Meascra ait ceoil a bhí ann – bhí Morrisey agus Whitney Houston mór an t-am sin; ise ag moladh ‘Héééé, I got to dance with somebody, dance with somebody tonight’ a fhad is a bhí Morrissey ag iarraidh ort an DJ a chrochadh.

Leoga, bíodh trua againn do mhná na hÉireann an t-am sin nó ní raibh de rogha acu ach damhsa le fir na hÉireann; fir na hÉireann a bhí faoi thionchar faisin a bhí leath bealaigh idir Disco Stu agus an Knightrider é féin, David Hasselhoff, lena ghruaig ghalánta chatach. De réir mar a caitheadh an oíche, is amhlaidh go ndeachaigh feisteas na bhfear in aimhréidh. Níorbh fhada go raibh léine bhreá Dhomhnaigh na bhfear scaoilte go coim, bolg geal Conallach le feiceáil faoi shoilse an dioscó. Ní raibh tú róchinnte faoi 2 a.m. cé acu a bhí na fir ar lorg mná nó ag baint mhóna.

An Taobh Tuathail (RTÉ Raidió na Gaeltachta, 10 p.m.) le Cian Ó Cíobháin a chuir Dodge i gcuimhne dom. San oíche dhorcha a thagann fuaimeanna UÍ Chíobháin chun tí agus baineann siad ceol as an chroí mheánaosta. Is ionann éisteacht leis agus bheith ar tonnta fuaime meallacacha. (An mar seo é d’Oisín agus é ag taisteal le Niamh Cinn Óir go Tír na hÓige?) Líonann na tiúineanna na cluasa; meallann siad ón tolg i dtreo urlár an damhsa thú. Sea, an fear meánaosta ag bopáil ar nós Kevin and Perry Go Large sa tseomra suí.

Tá ceol in ainmneacha na ngrúpaí: “Sin Funky Rat Dead as an tSualainn lena gceann nua, Run Fat Rat.” Agus tá ceol i nglór Uí Chíobháin leis, é ag cur nuacheol an domhain i láthair ar nós nach raibh ar an tsaol ach tú féin: “Seo, cogar, éist, seo rún duit” agus meallann sé lena bhriathra thú.

An gceannóinn Funky Rat Dead? Mo leithscéal, an íoslódálfainn port ar bith dá gcuid? Facaf, ní íoslódálfainn. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa de, is leor dlúthdhiosca Fatboy Slim, You’ve Come a Long Way, Baby, le do chuid dintiúr nuacheoil a chomhlíonadh. Dúirt Fatboy Slim a raibh le rá san earnáil leictreonach agus sin a bhfuil de, Right Here, Right Now, Right go Deo. (Níl aon fatboy mar do fatboy féin.)

Mar sin féin, cluinim Ó Cíobháin agus éiríonn na cosa corrach. Tagann an búm, búm, búm as an raidió, carnann cumha sa chroí agus bíonn fonn orm dul ag dodgáil. Samhlaím mé féin, spliff i mo dheasóg, buidéal Corona i mo chiotóg, an léine is fearr agam scaoilte go coim, à la Hoff, an séphaca s’agamsa ag lonrú faoin ghealach Chonallach agus mé ag damhsa, damhsa, damhsa, damhsa…

Fág freagra ar 'Ag ‘Dodgáil’ i nDún na nGall leis ‘An Taobh Tuathail’ ar RnaG'

  • DERRY O'SULLIVAN

    Spreagúil!