Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí

Quotations

Comórtas – Cláraigí! Cláraigí! Cláraigí!

Faoi mar a dúramar go deireanach, tá duais bhreá le buachtaint acu sin a chláraíonn le Nuachtlitir Tuairisc.ie. Lóistín do bheirt in Óstán an City West le haghaidh Oireachtas na Gaeilge na bliana seo chugainn atá ann.

Trí oíche atá i gceist leis an duais agus deis ag na buaiteoirí bheith ar a sáimhín só in óstán galánta le linn mhórfhéile na nGael. Mura bhfuil tú cláraithe linn fós, mar sin, seo do sheans… Cláraigí roimh 6 pm Dé Céadaoin seo chugainn, an 4 Feabhra, 2015, le go mbeidh sibh san iomaíocht don duais iontach seo…

‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie 2015’

Is mór ag Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil tús á chur go luath againn le ‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie’. Ag deireadh na bliana a bhronnfar an gradam ar an té is mó a mbeidh éacht déanta aige ar son na teanga le linn na bliana seo.

San iomaíocht don ghradam seo, beidh na daoine éagsúla a mbronnfaidh Tuairisc.ie Gradam Gael na Míosa orthu as seo go deireadh na bliana. Is iad foireann Tuairisc.ie a ainmneoidh Gael na Míosa ó mhí go chéile ach beidh fáilte, ar ndóigh, roimh mholtaí ón bpobal ach iad a chur chuig nuacht@tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. Más ar ríomphost atá bhur moladh á dhéanamh agaibh, cuirigí isteach, le bhur dtoil, na focail ‘Gael na Míosa’ i mbosca an ábhair. Tá fáilte anois roimh mholtaí do ‘Gael Mhí Eanáir’.

Chun go mbronnfaí gradam ‘Gael na Míosa Tuairisc.ie’ ar dhuine, níorbh fholáir don duine sin gaisce ar leith a bheith déanta aige ar son na Gaeilge. D’fhéadfadh an gaisce sin a bheith déanta aige in aon réimse den saol. Ní gá i gcónaí go mbeadh Gaeilge ag an té a roghnófaí mar Ghael na Míosa ach sa chás nach mbeadh Gaeilge ag duine, is gá go mbainfeadh a ghaisce go sonrach le cur chun cinn na teanga.

Mar shampla, bheadh leithéid gaisce Lester Ryan san áireamh, cé nach bhfuil ach an cúpla focal aige.

Fógrófar amach anseo na sonraí maidir leis an gcóras roghnaithe a bheidh ann do ‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie 2015’. Bronnfar gradaim na míosa agus mórghradam na bliana ar na buaiteoirí ar fad ag ócáid bhronnta i dtreo dheireadh na bliana.

Os cionn 500,000 amharc leathanaigh

Cúis áthais dúinn ab ea é an tseachtain seo gur sroicheadh 500,000 amharc leathanaigh (pageviews) ar Tuairisc.ie. Ó bunaíodh an suíomh ar an 9 Deireadh Fómhair seo caite, thug os cionn 60,000 duine (úsáideoir) os cionn 177,000 cuairt orainn, de réir na bhfigiúirí is déanaí againn ó Google Analytics.

Ba í an tseachtain seo an tseachtain ba rathúla fós againn ó thaobh tráchta de. Os cionn 11,000 duine a bhain úsáid as Tuairisc.ie le seachtain anuas. Táimid fíorbhuíoch díbh ar fad, go háirithe sibhse a thagann thar n-ais chugainn arís agus arís eile.

Trácht na seachtaine

franco-baresi-01
Franco Baresi, libero.

Is é Páid Ó Donnchú as na Forbacha i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe, a d’fhág an trácht ab ansa linn ar Tuairisc.ie an tseachtain seo. Ag trácht dó ar alt Bhreándáin Mhic Gearailt faoi cheist na Gaeilge agus TG4 agus don díospóireacht a lean faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an focal ‘scuabadóir’ slán mar aistriúchán ar an téarma sacair Béarla ‘sweeper’, mhol Páid go mbainfeadh tráchtairí na Gaeilge leas as ‘libero’ na hIodáilise ina leithéid de chás. Ghéill sé, áfach, nach ndéanfadh an ‘libero’ an beart ach ar éigean.

‘Sop in áit an scuabadóra a bheadh ann!’ arsa fear seoigh na bhForbacha.

Níl aon amhras ach gur tharraing alt léirmheastóireachta Mhic Gearailt ar chaighdeán Gaeilge TG4 go leor airde agus conspóide freisin. Bhí croí an Ghearaltaigh san áit cheart, áfach, agus ní gá gurb ionann locht a fháil ar nathanna cainte duine agus locht a fháil ar an duine féin, cé go bhfuil íogaireachtaí ag baint leis an gceist seo, gan amhras.

Tar éis na mbeart, pé acu ag caint nó ag scríobh atá an duine, ní bhíonn saoi gan locht agus féachann cuid nach beag d’iriseoirí agus de chraoltóirí na Gaeilge cúram mar is ceart a dhéanamh den teanga.

5591822012_8f720a7379
Brian Tyers

Cé nach ar chúrsaí spóirt amháin a thrácht an Gearaltach, ba é an chuid sin dá alt is mó a tharraing caint.

Is féidir linn na cúrsaí seo a phlé go hoscailte is go neamhbhalbh ach tacaíocht a thabhairt dá chéile ag an am céanna. Chuige sin, b’fhéidir nár mhiste meitheal bheag a bhunú (ar a mbeadh daoine mar Mhícheál Ó Sé, Mártan Ó Ciardha, Brian Tyers, Dara Ó Cinnéide agus a thuilleadh nach iad) a thiocfadh le chéile agus a phléifeadh téarmaí spóirt. Sa chás go dtaibhseofaí dóibh gur iasacht ón mBéarla is ea nath áirithe atá sa chúrsaíocht, d’fhéadfaidís leagan dúchasach a mholadh ina áit.

Neosfaidh an aimsir an dtarlóidh sé sin.

Sin é ár gcion-na an turas seo.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Aontaoim leat faoi mheitheal bheag a bhunú. Caith isteach Eóin Ó Neachtain chun plé le cúrsaí rugbaí COMH MAITH.