Ag cur do thuairisce…

Colúin eolais agus plé dár léitheoirí

Joe McHugh agus Enda Kenny: Bhí alt le John Walsh ar ‘aistear foghlama’ an Aire Stáit ar an mír scríofa is mó a léadh ar Tuairisc.ie go nuige seo. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Is iomaí duine atá tar éis cuairt a thabhairt ar Tuairisc.ie ó seoladh í agus táimid buíoch den phobal as a suim inár gcuid scéalta.

Tá na figiúirí maidir le líon na gcuairteoirí againn ag teacht isteach chugainn de réir a chéile agus roinnfimid an t-eolas sin libh nuair a bheidh a thuilleadh faisnéise carnaithe againn.

Is léir faoin tráth seo go bhfuil meascán ábhair Tuairisc.ie ag dul i bhfeidhm ar ár bpobal.

Cuireann sé áthas orainn go bhfuil na scríbhneoirí Gaeltachta seo againn ag mealladh an-chuid léitheoirí go dtí seo.

Is follasach go bhfuil lucht leanta ag leithéidí Joe Steve Uí Neachtain agus Mháirtín Jaimsie, bídís ag scríobh ar líne nó ar pár, nó, go deimhin, ag roinnt a gcoda linn ó bhéal.

Bhí sciob sceab, leis, ar ailt Sheáin Mhic an tSíthigh, Bhriain Uí Fhearraigh agus Bhridget Bhreathnach agus ar altanna le cuid den chéad ghlúin eile d’iriseoirí na Gaeilge, Maitiú Ó Coimín seo againn féin ina measc.

Údar spéise ag daoine, leis, iad scéalta Mháirtín Uí Chatháin ar an gceangal idir Conamara agus Meiriceá.

Idir an dá linn, tá an goile céanna i gcúrsaí spóirt is a bhí riamh agus go leor daoine ag coinneáil súile ar thuairiscí leithéidí Phádraic Uí Chiardha, Mhártan Uí Chiardha, Dhara Uí Chinnéide agus John Allen.

Ar eagla go gceapfaí gur chaitheamar an iomarca ama thiar, áfach, thug Antain Mac Lochlainn soir sinn ar thuras gairid ‘traen-seanchais’ a d’fhág cuid againn sna tríthí, in ainneoin dáiríre agus uaisleacht an mheoin is an áitimh aige san alt céanna.

Bíonn an-suim i gcolún Antain faoi chúrsaí teanga, FRIOTAL, mar a bhí in ailt tuairimíochta eile sa rannóg ‘Cultúr’ le Aifric Mac Aodha agus Darach Ó Scolaí, agus sna léirmheasanna cuimsitheacha le Brandy Mac Gearailt ar chúrsaí teilifíse agus scannán.

Ar ndóigh, ní bheimis beo murach cúrsaí reatha agus tá a bhfuil scríofa ag leithéidí Chathail Mhic Coille, Phóilín Ní Chiaráin, Paul Drury agus Alex Hijmans ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi seach tar éis go leor daoine a tharraingt isteach chugainn freisin.

Ar a shon sin is uile, tá na scéalta a bhfuil ceist na teanga ina gcroílár i measc na gceann is mó a bhfuil spéis ag daoine iontu agus ba í an mhír anailíse le John Walsh a mheall an líon léitheoirí is mó go nuige seo.

Cífidh sibh chomh maith go bhfuil na fóraim phoiblí tráchta oscailte anois againn i gcás roinnt mhaith scéalta mar a bhí á éileamh ag go leor agaibh aimsir an tseolta.

Amach ón suíomh féin, is léir ón anailís atá déanta againn féin go mbíonn borradh ar leith faoi na scéalta a scaiptear ar na meáin shóisialta.

Leanaigí oraibh, mar sin, ag scaipeadh ábhair dár gcuid ar na meáin chéanna, le bhur dtoil; bíodh sé ar Facebook, Twitter, nó ar an ríomhphost féin.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil liomsa, Kevin Hickey, ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'