Foirgneamh breá nua, ach cá bhfuil sé go díreach?

BRISEANN AN DÚCHAS: An tseachtain seo, Seán Mac an tSíthigh. Lot-ainmneacha na hÉireann - Is mór idir “Sceichín an Rince, Teampall Toinne, Co. Thiobraid Árann" agus leithéidí “B71 C2MD.”

DSCF0297
Foirgneamh breá nua, ach cá bhfuil sé go díreach?

“Cá bhfuil an foirgneamh nua san thiar i bparóiste an Fheirtéaraigh suite – an ceann atá tógtha ag an Údarás agus an Comharchumann?” Bhí fios go maith ag fear na ceiste cá raibh an foirgneamh nua agus bhí fios go maith agamsa go raibh lúbaireacht éigin mar thaca lena chuid fiosrachta. Lúbaire cuileachtúil an fear céanna.

“Ar an mBuailtín,” arsa mise agus mé do mo réiteach féin dá chuid cleasaíochta. Ach bhí an bheart déanta aige orm cheana féin. “Bhfuileann tú siúrálta nach i mBaile an Fheirtéaraigh atá sé?” ar seisean.

‘Sea! Scéal casta. Seans go bhfuil aithne ag an saol Gaelach ar Bhaile an Fheirtéaraigh – sráidbhaile beag in iarthar Chorca Dhuibhne, tuairim is 8 míle siar ón nDaingean. Sáipéal, scoil, ceithre cinn de phubanna, músaem, bearaic Ghardaí agus comhartha bréa ag fógairt go bhfuileann tú ar do shlí isteach go ‘Baile an Fheirtéaraigh.’

Ach ní hé sin a thugann muintir na háite ar an sráidbhaile in aon chor. Le cuimhne na gcat, níl mar ainm air ach an “Buailtín” (nó Buailtín na nGealbhan de réir an tseanchais).

Ach seas ag ceann thiar an tsráidbhaile, léim thar claí agus tánn tú i mbaile fearainn Bhaile an Fheirtéaraigh agus is ansan atá an foirgneamh nua seo tógtha.

Ballyferriter West a bhaist lucht na suirbhéireachta ordanáis ar an mbaile fearainn seo sna 1840í (ainneoin ná fuil a leithéid d’áit ann agus ‘Ballyferriter East,’ ná aon tsaghas Baile an Fheirtéaraigh eile go deimhin).

Deirtear go raibh oifig poist sa bhaile fearainn seo fadó nó gur bogadh é go dtín mBuailtín sa Ghort Mór, an baile fearainn taobh leis.

Fé mar a bhog oifig an phoist, dhein lucht maorlathais trasphlandú ar an logainm ‘Ballyferriter’ chomh maith. Níor bronnadh aon stádas oifigiúil ar an mBuailtín bocht sa teanga ghallda, ach aghaidh fidil ‘Ballyferriter’ a bhualadh air.

Beag an baol, áfach, ach go mbainfidh do litir a sprioc amach, cuma cé acu an Buailtín nó Baile an Fheirtéaraigh nó Ballyferriter West atá scríte ar an gclúdach agat – a bhuíochas d’fhear an phoist agus an aithne atá aige ar an bpobal.

Ach dein talamh slán de, a deirtear linn, ná beidh aon bhaol in aon chor ann go raghaidh do litir ar strae nuair a thiocfaidh córas postchóid nua i réim ar fuaid na tíre an bhliain seo chughainn. Beidh sraith uimhreacha agus litreacha aibítire mar mharc aitheantais ag gach aon tigh agus gnó sa tír.

Tá breis agus deich mbliana ann (2003) ó beartaíodh tabhairt féna leithéid de chóras.

I 2005, ceapadh Coiste Náisiúnta Postchód agus dúirt Aire Cumarsáide na linne sin, Noel Dempsey, go mbeadh an sliogán cnagtha ag an gcóras nua roimh Lá Coille 2008.

Ach fágadh an togra ag lapadaíl in umar na haimiléise – easaontas fén gcóras agus fén dteicneolaíocht a d’úsáidfí, ach lena chois sin, achrann ag léanúint an phróisis tairisceana. Mair a chapaill agus geobhair postchód.

Thart ar bhliain ó shin, d’fhógair an tAire Pat Rabbitte go mbeadh an córas nua i bhfeidhm le teacht an Earraigh 2015 – an conradh bronnta, ar deireadh, ar an gcomhlacht Capita Ireland.

Córas seacht ndigit a bheidh ann ach is daor na digití iad – €26.5m euro a chosnóidh an tionscnamh, a deir an Roinn Cumarsáide.

Má thagann sé, agus gealltar dúinn go dtiocfaidh, is dócha go raghaidh pobal na hÉireann i dtaithí ar an gcóras nua de réir a chéile, fé mar a chuamair i dtaithí ar an euro nó an cosc ar thobac a chaitheamh in áiteanna fé leith.

Cé go mbeidh seasamh áirithe ag seanchóras na seoltaí i gcónaí, braithim ná fuil sa chóras nua ach tuilleadh creimeadh agus loitiméireachta ar ár n-oidhreacht logainmníochta.

Fé riail na Breataine, cuireadh iachall orainn leaganacha gallda a úsáid in áit ár seanainmneacha Gaelacha féin. Seanainmneacha iad so go bhfuil brí, saibhreas agus ceol ag roinnt leo.

Is mór idir “Sceichín an Rince, Teampall Toinne, Co. Thiobraid Árann,” cuirim i gcás, agus leithéidí “B71 C2MD.”

Tabharfar tús áite do chód atá cumtha ag ríomhaire. An fada uainn an lá go gcuirfear an ruaig go hiomlán ar an seoladh traidisiúnta?

Deirtear linn go mbeidh an córas nua níos cruinne agus níos éifeachtúla. Glacaim leis sin, ach braithim go mbeimíd níos boichte dá bharra i bhfaid na haimsire; agus níor mhaith liom bheith ag braith ar chóid in éagmais seoltaí.

Cad a tharlóidh dod litir mara mbeadh agat ach an cód agus digit nó dhó siar is aniar trí dhearúd agat?

Cuimhním ar fheirmeoir ón bparóiste a bhí cois cúntúrach liom oíche i dTigh Chéin ar an mBuailtín (a.k.a. Baile an Fheirtéaraigh).

Fear mór cearta teangan an fear céanna agus bhí faillí an Stáit i leith na teanga ag déanamh tinnis dó. Dúirt sé go gcuireann sé mar bhráca ar mháistrí na hoifigiúlachta é freastal air ina theanga féin agus go n-éilíonn sé comhfhreagras scríte (a sheoladh féin san áireamh) bheith as Gaolainn ag an uile dhream acu…ach amháin an Roinn Talmhaíochta.

B’ait liom é agus cheistíos tuilleadh:

“Níor mhaith liom go raghadh an seic ar strae!” ar sé.

N’fheadar an gcuirfidh sé siúd a mhuinín i seacht gcinn do dhigití ach an oiread.