Gaeltachtín bheag s’againne

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is pribhléid agus dualgas ag an am céanna é nuair atá Gaeilge agat. Tá lasair á hiompar agat agus caithfidh tú an lasair sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Tá mé i mo chónaí i mion-Ghaeltacht. Áit bheag atá ann, trí sheomra, cistineach, seomra suí, agus clós ar chúl an tí. Daonra fíorbheag atá ann. Cúigear san iomlán, seisear má chomhaireann tú an turtar (tá sé sa teach le sé bliana agus níor labhair sé fós, ach dá labhródh déarfainn gur Gaeilge a labhródh sé). Mionchanúint a labhraímid sa mion-Ghaeltacht seo freisin. Meascán atá ann de Ghaeilge Ros Muc, de Ghaeilge Inis Oírr, Gaeilge na Gaillimhe, Gaeilge na leabhar agus níl a fhios agam céard eile.

Is pribhléid agus dualgas ag an am céanna é nuair atá Gaeilge agat. Tá lasair á hiompar agat agus caithfidh tú do dhícheall a dhéanamh an lasair sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Cé go gcloisimid go minic go bhfuil drochmheas ar an nGaeilge, agus caithfear a rá go bhfuil in áiteanna, tá ardmheas uirthi chomh maith céanna.

Ó thosaigh muide ag caitheamh ár saoil mar chlann le Gaeilge, is mó dea-ghuí atá tugtha dúinn amuigh sa bpobal ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu ná a mhalairt. Spúinse, focal a chloisfidh tú cuid mhaith de má tá gasúir óga agat. “Tá siad ar nós spúinse ag an aois sin,” a dheireann ‘chuile dhuine leat. “Súnn siad ‘chuile shórt isteach.” Is maith an rud é don té ar mhaith leis a chlann a thógáil le Gaeilge, (ach fainic do chuid eascainí!) mar go bhfuil ar pháistí atá á dtógáil le Gaeilge dhá theanga a fhoghlaim ar a laghad. Tá sé scaitheamh maith ó tógadh aon duine in Éirinn a bheadh in ann a ghabháil ón gcliabhán aníos gan aon ghá le corrfhocal Béarla.

Níl a fhios agam cén sórt Gaeilge atá agam fhéin, ach is ceithre bliana ó shin nuair a rugadh an chéad pháiste dúinn bhí a fhios agam gur pé breac-Ghaeilge agus poill inti a bhí agam, bíodh sí seanchaite agus gioblach fhéin, ní raibh aon cheist ach gurb í a labhróinn leis na páistí.

Níor thug mé mórán suntais do mo chuid cainte fhéin ó lá go lá nó go raibh gasúir agam. Ní chloisfidh tú leath de na rudaí a bhíonn á rá agat nó go gcloisfidh tú glór beag le do thaobh á rá ar ais leat. Chaithfinn misneach a bheith agam go mbeadh muid in ann jab leath maith go leor a dhéanamh. Bíonn ort do bhealach fhéin a dhéanamh sa deireadh thiar agus bíodh an diabhal aige.