Cody ceart arís, mar is iondúil

D’fhéadfadh Brian Cody ceacht nó dhó a mhúineadh d’fhoireann Chorn Ryder na Stát Aontaithe.

Brian Cody 2/4/2011
Brian Cody agus Tom Watson. Pictiúir: Inpho

Dhéanfadh PGA na Stát Aontaithe beart níos measa ná Brian Cody a chur san áireamh agus iad ar thóir bainisteora a thabharfaidh foireann Chorn Ryder s’acu siúd as an bpoll domhain ina bhfuilid! Is cinnte nach n-earcóidh siad é, ach le bheith fírinneach is mór atá le foghlaim acu ón gcaoi a dtugann sé faoina dhualgas agus óna chumas na himreoirí a bhíonn faoina smacht a láimhseáil.

Shocraigh ceann feadhna gailf na Meiriceánach, Tom Watson, go bhfágfadh sé Phil Mickleson dímhaoin agus ina shuí ar a thóin an dara lá iomaíochta i nGleneagles agus ní cheadófaí an cheannairc a lean i Rang na Naíonán. Cead ag Mickleson a bheith ag cnáimhseáil leis, ach mheasfá go dtacódh duine nó beirt dá chuid imreoirí nó fiú dá leaschaptaen le Watson nuair a rinne Mickleson é a cháineadh go poiblí. Ina leaba sin, thosaigh siad ar fad de léim ag cur suime sa snas a bhí ar a gcuid bróga, ar na cuileoga a bhí ar an tsíleáil nó ag breathnú amach tríd na fuinneoga.

Ar an lámh eile, tháinig athrú intinne ar Cody faoina rogha báireora idir babhta leathcheannais (nár ghéilleadar aon chúl ann) agus cluichí ceannais iomána na hÉireann. Sa mullach air sin, faoin am ar thosaigh an athimirt, ba ag féachaint isteach ó bhinse na n-ionadaithe a bhí triúr d’fhoireann an chluiche comhscóir agus i lár an dara leath bhí an té is mó atá luaite le gradam ‘Iománaí na Bliana’ ag suí taobh leo.

Trí nóiméad a bhí fágtha ar an gclog nuair a fuair captaen Chill Chainnigh a chéad bhlaiseadh den imirt. Go deimhin, ní raibh Lester Ryan ar an bpáirc ón tús ach i gceann amháin de na cluichí craoibhe a d’imir Cill Chainnigh i mbliana (d’imir sé tuairim 20 nóiméad ina iomláine i dtrí cinn eile agus níor facthas beag ná mór é i gCluiche Leathcheannais na hÉireann, Cluiche Ceannais Laighean ná sa chéad chluiche in aghaidh na Gaillimhe).

Fós, tar éis dó glacadh le Corn Liamh Mhic Cárthaigh, is beag an baol go raibh aon rian den tseirbhe sa bpíosa breá cainte a rinne an Rianach as Gaeilge. Bhí sé chomh mórtasach agus a bheadh dá mba é a fuair cúilín an bhua i ngach cluiche a d’imir Cill Chainnigh i mbliana agus chomh buíoch deis a bheith faighte aige a chion féin a dhéanamh san éacht, más imeallach féin sin.

Bhí an bua ag foireann Cody, ar ndóigh, agus an teip a bhí i ndán do ghalfairí Tom Watson. Achníl míníu an scéil ar fad le fáil ansin. Ní bhíonn fuacht ná faitíos ar bhainisteoirí maithe seasamh lena dtuairiimí agus beart a dhéanamh dá réir. Seans gurb in a rinne Tom Watson freisin, ach ina chás siúd, ní bheidh a fhios go deo ar bheart críonna a bhí ansin nó nárbh ea.

Uair amháin eile, níl amhras faoin spéir ach go raibh beartais Cody lárnach nuair a tháing an cor deireanach i mbliain iomána den scoth. Murach an báireoir Eoin Murphy, is ar éigean a bheadh aon athimirt ann. Nuair a tháinig sin, chuir Kieran Joyce deireadh leis an tseilg a bhíonn ar bun de ghnáth ag Bonner Maher, chuir luas Pádraig Walsh le ceannas chosantóirí Chill Chainnigh agus ba é John Power a fuair an dara cúl a d’oscail bearna sé chúilín idir na foirne.

Cody ceart arís, mar is iondúil!