Míchiall na cogaíochta i mBéal Feirste ‘71

Scannán cumasach a thugann éachtaint ghléin ar fhiántas na cogaíochta atá i ’71, cé go bhfuil cuid de na heachtraí ann róshaothraithe

'71 pic

71

Stiúrthóir: Yann Demange

Cliar: Jack O’Connell, Charlie Murphy, Killian Scott, David Wilmot, Paul Anderson, Barry Keoghan.

Tá scannán den scoth feicthe againn thar na blianta ina bhfuil téamaí a bhaineann le trioblóidí an Tuaiscirt lárnach iontu; tosaíonn In the Name of the Father (1993), Bloody Sunday (2002) agus Hunger (2008) ag ráthaíocht i mo intinn ar an bpointe. Ar an dtaobh eile den scéal, déanaim mo sheacht ndícheall dearmad a dhéanamh ar leithéidí Patriots Game (1992) agus The Devil’s Own (1997).

Ina dhiaidh sin féin, dhéileáil na scannáin ar fad (tá breis agus 30 acu ann) le téama na dTrioblóidí trí dhírú ar eachtraí faoi leith nó scéalta pearsanta, ach is beag iarracht a dhéantar léamh a dhéanamh, nó léargas a thabhairt, ar pholaitíocht na dTrioblóidí ina n-iomláine.

Is le himeacht na mblianta a bheifear in ann an léamh oibiachtúil sin a dhéanamh, is dócha.

Cé go bhfuil sé bliana déag caite ó siníodh Comhaontú Aoine an Chéasta dealraíonn sé nach bhfuil an comthéacs ceart ann leis an léamh oibiachtúil a dhéanamh.

Mar sin, is go comhfhiosach, dar liom, a sheachnaítear aon tráchtaireacht pholaitiúil sa scannán seo.

Is dócha gur mothaíodh go bhfuil an tsíocháin ró-íogair agus róleochaileach le ladar a chur sa téama sin.

Ní fhágann sin coiscéim bhacaí sa táirge ach ciallaíonn sé gur táirge faoi leith é seo agus é ag díriú ar fhiántas na coimhlinte dála leithéidí Black Hawk Down (2001), ach gan a bheith chomh fuilteach, míobhánach céanna.

Tá an scéal suite i mBéal Feirste agus na Trioblódí faoi bharr lasrach. I dtosach an scannáin, cuirtear soineantacht, saontacht agus óige na saighdiúirí Sasanacha abhaile orainn agus is díol suntais nach bhfuil aon rian den bhuaileam sciath le sonrú.

Cinntíonn seo ar fad go bhfuil bá againn leis an saighdiúir Gary Hook (O’Connell) nuair a fhágtar leis féin é tar éis círéibe agus go mbíonn sé ar a theitheadh ar fud na cathrach.

Taibhsíodh dom go raibh cuid d’eachtraí an scannáin róshaothraithe agus cad é comhchealga, comghuaillíochtaí, feallanna, buamaú, eachtraí lámhaigh agus dúnamharuithe ag tarlú agus Hook i lár an aonaigh i gcónaí.

Deirimse srathar na hainnise leat.

Bíodh sin mar atá, éiríonn le Demange scannán cumachtach a sholáthar.

Mhothaíos ar uairibh gurb é míchiall na cogaíochta príomhthéama an scannáin.

Níl sa chogaíocht ach “rich c*n*s telling dumb c*n*s to kill poor c*n*s,” a deir an dochtúir Eamon go léirsteanach.

Déantar gruaim agus ainnise Bhéal Feirste a athchruthú go paiteanta (cé gur i Yorkshire a rinneadh formhór an taifeadta) agus cabhraíonn an suíomh go mór le teannas agus réalachas an scannáin, ach is téama é seo a d’fhéadfadh a bheith cíortha in aon láthair cogaíochta.

Tá meitheal chumasach aisteoirí bailithe agus samhlaíodh dom ag pointe amháin go raibh cliar Love/Hate earcaithe ina iomláine le triúr ón tsraith lárnach (Murphy, Scott agus Keoghan).

Bíonn an paróisteachas seo ag dó na geirbe agam ar uairibh – is é sin go bhfuil an mheitheal aisteoirí cumasacha Éireannacha chomh beag sin go mbíonn siad le feiscint ar fud na mball.

A leiriú sin ná go bhfuil dhá scannán Éireannacha sna pictiúrlanna faoi láthair agus David Wilmot sa dá cheann.

Tugann Scott agus Murphy taispeántais chumasacha uathu agus tá Corey McKinley greannmhar agus déistineach mar an dílseoir óg.

Is é O’Connell a dhéanann an scannán a iompar agus tugann sé taispeántas den scoth uaidh. Éiríonn leis an eagla, an tsaontacht agus an chrógacht a mheascadh le chéile go nádúrtha.

Scannán cumasach a thugann éachtaint ghléin ar fhiántas na cogaíochta.

Fág freagra ar 'Míchiall na cogaíochta i mBéal Feirste ‘71'