Gan díon, gan dídean

Tá neart plé agus scansáil déanta le tamall anuas ar fhadhb na díthreabhachta agus na tithíochta atá againn sa tír seo. Is cinnte gur maith mar atá an chaint seo ag tarlú, cionn is gur ábhar sciúirse leanúnach dúinn mar phobal, gan trácht ar gur drochléargas amach is amach ar Rialtas reatha na tíre, chomh […]

Daoine gan dídean ar Shráideann Bhaile Átha Cliath: Pictiúr: Photocall Ireland
Daoine gan dídean ar Shráideann Bhaile Átha Cliath: Pictiúr: Photocall Ireland

Tá neart plé agus scansáil déanta le tamall anuas ar fhadhb na díthreabhachta agus na tithíochta atá againn sa tír seo. Is cinnte gur maith mar atá an chaint seo ag tarlú, cionn is gur ábhar sciúirse leanúnach dúinn mar phobal, gan trácht ar gur drochléargas amach is amach ar Rialtas reatha na tíre, chomh maith le Rialtais a chuaigh rompu, go bhfuil daoine inár measc sa lá atá inniu ann nach bhfuil díon os a gceann.

Tá sé doiligh méar a leagan ar fhigiúirí cruinne ó thaobh an méid daoine atá gan díon, gan dídean ar fhód na hÉireann in aon am faoi leith, ach tá se measta ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go bhfuil suas le 2,660 daoine gan dídean sa tír agus measann Focus Ireland, an ghníomhaíocht a chuireann réimse leathan seirbhísí agus áiseanna tábhachtacha ar fáil do dhaoine gan baile, go dtiocfadh leis na figiúirí céanna seo a bheith níos cóngaraí do 5,000 duine.

Fosclaíodh mo shúile féin ar an fhadhb seo ar bhealach iontach réalaíoch ar na mallaibh. Le linn dom bheith ag tiomáint frí chroílár Átha Cliath, maidin Dé Luain, i ndiaidh bua an Chiarraígh ar an Chonallach i bPáirc an Chrócaigh, thug mé casadh síos sráid bheag chúng.

Ar mo thaisteal domh, leag mé súil ar scuaine leathan daoine, idir leanbh is liath, a bhí ag fanacht go foighdeach ar dhoras glas d’fhoirgneamh mór lom liath foscailte agus fáiltiú rompu isteach. Seo doras Ionad Lae na gCaipisíneach, i Sráid Bowes, a sholáthraíonn seirbhís agus áiseanna do dhaoine atá fágtha ar dhroim an bhealaigh mhóir. Tá an tIonad á reáchtáil ag an mBráthair Kevin Crowley, Corcaíoch ó dhúchas, a chaith seal blianta i Mainistir na hArdaidh i gCraoslach, Tír Chonaill, sular thóg sé a chuid seoltaí le aghaidh a thabhairt ar an ardchathair. Is iad a mhacasamhail an Bráthair Kevin agus a chomhoibrithe a chuireann an ‘aíocht’ sa Chríostaíocht, dar liom, nuair a shíntear lámh ar bhealach praiticiúil chucu sin a bhfuil dealús agus ainnis saolta anuas trom orthu.

Chaith mé féin seal ama mar oibrí deonach san Ionad Lae céanna na blianta ó shin. Le bheith fírinneach, shíl mé ag an am nach mbeadh sé i bhfad eile go dtí nach mbeadh gá níos mó lena leithéid d’ionad, mar go mbeadh réiteach ar cheist easpa tithíochta agus go mbeadh saoránaigh uilig na tíre ábalta codladh an hoíche a bheith acu, slán sábháilte faoi dhíon. Faraor, chan mar a shíltear a bhítear agus a mhalairt ar fad atá i gceist sa lá atá inniu ann. Tá sé iontach soiléir ar fad don saol mór agus a mháthair go bhfuil géarghá lena leithéid de sheirbhís agus áiseanna, nuair a tchí muid a mhacasamhail Ionad Lae na gCaipisíneach ag dáileadh corradh is 1,200 beartán bídh agus suas le 600 béile, sé lá na seachtaine, do dhíthreabhaigh a bhfuil an bhróg ag teannadh orthu.

Tá an chontúirt i dtólamh ann, go ligfear i neamhaird agus i ndearmad cás na ndaoine atá gan díon os a gceann. Ar an ábhar sin, tá sé fíorthábhachtach go gcinnteofar nach amhlaidh a bheas. A fhad is a bhíonn a leithéid de sheirbhísí a sholáthar do dhaoine gan áit chónaithe agus ráchairt leanúnach orthu, mar atá faoi láthair, is cinnte go leanfaidh an cheist achrannach seo ag piocadh go géar ar choinsias an phobail.

Is fíor go mbeidh na figiúirí de dhaoine gan teach agus daoine atá ag fanacht ar liostaí tithíochta, ina mheabhrú laethúil dúinn, nach dtig luí siar agus na maidí a ligean le sruth. Go dtí go dtaga an tráth sin de chor i gcinniúint ár dtíre, nach mbeidh daoine gan díon, gan dídean inár measc, níl sé ceart ná cóir gan aird a dhíriú ar an cheist.

Is cúis buartha dúinn go cinnte na figiúirí a léiríonn an ganntanas leapacha atá ar fáil agus go raibh 127 ina luí faoi réaltógaí na spéire i mí Aibreán na bliana seo sa phríomhchathair amháin, gan trácht ar láithreacha eile i gceithre haird na tíre. Ta géarghá le hardú suntasach ar líon na leapacha atá ar fáil i dtearmainn dídine.

Is seanscéal le meirg é fán am seo go bhfuil brú fiánta ar a leithéid de leapacha agus measaim nach bhfuil ach an t-aon réiteach amháin ar an fhadhb seo; iontach simplí – tuilleadh leapacha láithreach bonn.

Tá cainteanna ar bun go tiubh na leatha seo ó thaobh na cáinaisnéise atá amach romhainn; seo an t-am leis an ‘aíocht’ céanna a ndearna mé tagairt dó, a chur san pholaitíocht, chan ar mhaithe leis an dream is cumhachtaí agus is láidre inar measc, ach chun tairbhe na ndaoine a bhfuil géarghá acu leis. Is tuar dóchais go cinnte go bhfuil páirtí sóisearach an Rialtais ag déanamh trup agus a n-Aire ins an Roinn Comhshaoil ag brú na ceiste seo chun tosaigh lena chuid cainte faoin Tionscnamh Tithíochta 2014, ach seo an t-am le beartais fhiúntacha, seachas breis briathra binne agus béalghrá gan aon fhiúntas, uatha sin a bhfuil sé de dhualgas reachtúil orthu réiteach na faidhbe a aimsiú ar ár son uilig. Ar ndóigh, chan leapacha gearrthéarmacha réiteach na faidhbe ach oiread, ach leapacha fadtréimhseacha, sin an sprioc a gcaithfear díriú air gan a thuilleadh moille.

Fiú, muna bhfuil ann ach an t-aon duine amháin gan leabaidh oíche, agus léiríonn na figiúirí dúinn go bhfuil i bhfad níos mó i gceist, sin duine a bharraíocht gan teach gan dídean sa tír seo. Cha dtig linn leithscéal de shórt ar bith a bheith againn ar an méid seo sa lá atá inniu ann. Caithfear deireadh go deo a chur le brú na ndaoine is leochailí inár measc go himeall an tsochaí agus páirt lárnach a bhronnadh orthu uilig, ionas go mbeidh achan nduine againn, sábháilte, te teolaí faoi dhíon, go háirithe anois agus umhlaíocht an gheimhridh ag déanamh orainn.