In Ainm an Athar agus an Mhic

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na teaghlaigh sin ina bhfuil gradam All-Star peile ag athair agus mac

Kerry's David Moran lifts the Sam Maguire 21/9/2014
David Moran, a thug leis Craobh na hÉireann agus Gradam All-Star i mbliana. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

David agus Denis ‘Ogie’ Moran

Is iad seo an bheirt is déanaí atá tar éis an beart a dhéanamh isteach sa ghrúpa seo.

gur chaith David beagnach 30 mí gortaithe idir 2011 agus 2013, bhí tharr barr i ngeansaí Chiarraí i mbliana ó tháinig sé chun páirce in aghaidh na Gaillimhe sa gcluiche ceathrú ceannais.

Ar ndóigh, bhí ‘Ogie’ lárnach i ré órga Chiarraí i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí.

D’imir sé chuile nóiméad san ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí le linn na tréimhse sin. I 1981 a bhuaigh sé an t-aon ghradam All-Star atá aige.

Mark McHugh with his father Martin 23/12/2012
Mark McHugh, agus a athair Mairtin ‘Beag’, a bhí mar ‘All-Stars’ nuair a bhuaigh Dún na nGall Craobh na hÉireann i 2012 agus 1992. Pictiúr: Lorraine O’Sullivan

Mark agus Martin ‘Beag’ McHugh

go bhfuil an t-athair agus an mac sách beag sa chás seo, is mór an tionchar a bhí acu ar an bpáirc.

Bhí lámh chiniúnach ag Martin ‘Beag’ i mbua Dhún na nGall nuair a thug siad leo a gcéad Chraobh i 1992 agus bhuaigh sé ‘Imreoir na Bliana’ chomh maith le All-Star an bhliain sin.

Ar an gcaoi chéanna, bhí ról lárnach ag Mark sa mbua dhá bhliain ó shin nuair a bhí an condae faoi stiúir Jimmy McGuinness. Fuair Mark All-Star i 2012.

Dermot Snr agus Dermot Jnr a ceiliúradh ar an bpáirc cúpla bliain ó shin. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Dermot Snr agus Dermot Jnr Earley

Nuair a dhéantar trácht ar na himreoirí is fearr nár bhuaigh Craobh na hÉireann, is minic a luaitear muintir Earley, Dermot Snr agus Dermot Jnr.

gur imir Dermot Snr le foireann sinsear Ros Comáin ar feadh scór blianta, níor leag sé lámh ar Chorn Mhic Uidhir riamh.

Shroich Dermot Jnr cluiche ceannais na hÉireann le Cill Dara i 1998 ach leis na Gaillimhigh a bhí an lá an babhta sin. Bhuaigh sé a dara gradam All-Star i 2009, tríocha bliain tar éis dá athair an dara ceann aige féin a bhuachan.

Paddy Reynolds (ar chlé) ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann i 1999. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Pat agus Paddy Reynolds

D’imir Pat Reynolds sa líne leathchúil i dtrí chluiche ceannais Uile-Éireann don Mhí, ag buachan ceann amháin i 1967. Roghnaíodh ar an bhfoireann ‘Cú Chulainn’ é, macasamhail na All-Stars, an bhliain sin agus roghnaíodh é ar an gcéad fhoireann All-Stars i 1971.

D’imir a mhac, Paddy, sa líne chéanna don Mhí agus bronnadh All-Star air i 1999, bliain inar bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann lena chontae don dara huair.

Tim agus Tadhg Kennelly

Tim Kennelly 1982
Tim kennelly, athair Tadhg, ag imirt do Chiarraí i 1982. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Duine eile de laochra Chiarraí le linn na laethanta órga sin ab ea Tadhg Kennelly.

Bhí Kennelly mar chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh i 1979.

Deich mbliana tar éis dá mhac, Tadhg, dul go dtí an Astráil chun imirt san AFL, d’fhill sé ar an bhfód dúchais i 2009 le lorg a athar a leanúint.

Bhuaigh Ciarraí ar Chorcaigh sa gcluiche ceannais an bhliain sin agus thug Tadhg All-Star leis, chomh maith leis an mbonn a bhí mar fhíoradh brionglóide aige.

Bernard and Alan Brogan celebrate 18/9/2011
Bernard (ar chlé) agus Alan Brogan (ar dheis) ag ceiliúradh Craobh na hÉireann i 2011. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bernard Snr, Alan agus Bernard Jnr Brogan

Taobh le Brian Mullins i lár na páirce do ‘Heffo’s Army’, a bhíodh Bernard Brogan Snr.

Bhuaigh sé Craobh na hÉireann i 1976 agus 1977 agus bronnadh gradam All-Star air i 1979.

a bheirt mhac, Alan agus Bernard Brogan, ar fhoireann Bhaile Átha Cliath faoi láthair agus trí ghradam All-Star agus dhá bhonn Uile-Éireann an duine acu. Bronnadh gradam ‘Imreoir na Bliana’ ar Bernard i 2010 agus ar Alan i 2011.

Kevin O’Neill, tar éis buaileadh eile díomách do Mhaigh Eo. INPHO/Tom Honan

Liam agus Kevin O’Neill

Bhí Liam mar bhall d’fhoireann na Gaillimhe a chaill trí chluiche ceannais Uile-Éireann in imeacht ceithre bliana, idir 1971 agus 1974.

Bronnadh All-Star ar Liam i 1973, an bhliain a chaill Gaillimh in aghaidh Chorcaí.

raibh an t-ádh le Kevin i gcluichí ceannais ach an oiread. Chaill sé le Maigh Eo i 1996 agus arís i 2006.

raibh Kevin ach naoi mbliana déag d’aois nuair a roghnaíodh ar fhoireann na All-Stars i 1993 é.

Brian McGuigan 16/9/2003
Brian McGuigan (ar chlé) agus a athair Frank (ar dheis), a bhuaigh Gradaim All-Star do Thír Eoghan. Pictiúr: ©INPHO/Andrew Paton

Frank agus Brian McGuigan

gur bhuaigh Frank McGuigan All-Star i 1984, níl mórán measa aige ar a ghradam.

Tar éis sárthaispeántas a thabhairt in aghaidh Thír Eoghan i gcluiche ceannais Uladh an bhliain sin, bhain drochthimpiste bóthair dó a chuir deireadh lena ré mar imreoir.

I 2006, chuir McGuigan a ghradam All-Star ar eBay mar agóid. Ní mó ná sásta a bhí sé nár roghnaíodh a mhac Brian mar All-Star i 2005. Bronnadh All-Star ar Brian i 2003.

Fág freagra ar 'In Ainm an Athar agus an Mhic'