‘Tá radacaigh déanta de ghníomhaithe óga teanga ag an naimhdeas don Ghaeilge’ – Coimisinéir Gaeilge

Dúirt Pól Deeds gur ag scigaithris ar sheanrá a luaitear le Shinn Féin a bhí sé nuair a dúirt sé gur buille ar son saoirse na hÉireann a bhí i ngach focal a labhraítear i gcoinne na Gaeilge

‘Tá radacaigh déanta de ghníomhaithe óga teanga ag an naimhdeas don Ghaeilge’ – Coimisinéir Gaeilge

Deir Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt go bhfuil an naimhdeas don Ghaeilge ó thuaidh tar éis daoine óga “a radacú” agus gurb é an naimhdeas sin a spreag cinneadh Chonradh na Gaeilge glacadh le rún chun gníomhú i dtreo Éire Aontaithe.

Agus é ag labhairt os comhair choiste Oifig an Fheidhmeannais i Stormont an tseachtain seo, dúirt Pól Deeds nach raibh sé ag iarraidh a rá an raibh sé ar son nó i gcoinne an rúin ar glacadh leis ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite. Dúirt sé, áfach, gur thug sé comhairle do bhaill an Chonartha machnamh a dhéanamh faoin mbealach is fearr daoine ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a chur san áireamh nuair a thagann sé chuig cúrsaí teanga.

Cothaíodh conspóid níos luaithe an mhí seo nuair a dúirt an Coimisinéir Gaeilge ag ócáid do Sheachtain na Gaeilge i Stormont “that every word spoken against the Irish language could be seen in one sense as another blow struck in the cause of Irish unification”.

Is ag tagairt don mhana a luadh le Sinn Féin in aimsir na dTrioblóidí a bhí Deeds, sin é gurb ionann “gach focal a labhraítear i nGaeilge agus piléar a scaoileadh ar son saoirse na hÉireann”.

Nuair a ceistíodh Deeds ag an gcruinniú an tseachtain seo faoina chuid cainte, dúirt an Coimisinéir Gaeilge gur ag déanamh “scigaithris” ar an mbun-mhana a bhí sé.

Dúirt Deeds gur ag iarraidh “fanacht glan” ar rún Chonradh na Gaeilge a bhí sé nuair a dúirt sé an méid.

Mhaígh sé gur iarracht a bhí ann comhairle a thabhairt d’aontachtóirí go mbeadh toradh ar an naimhdeas atá léirithe ó thuaidh don Ghaeilge agus dá oifig.

“Creidim go bhfuil an naimhdeas leanúnach don Ghaeilge tar éis radacú a dhéanamh ar roinnt gníomhaithe óga Gaeilge agus go ndearna siad cinneadh ansin ag an Ard-Fheis cúpla seachtain ó shin go raibh siad chun Éire Aontaithe a chur chun cinn, go bunúsach,” a dúirt Deeds.

Glacadh leis ag an Ard-Fheis go mbeadh Conradh na Gaeilge anois ag “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh an iomarca a rá faoi chinneadh an Chonartha mar gur “eagraíocht dhaonlathach” a bhí inti.

Bhí plé teasaí idir an Coimisinéir Gaeilge agus an Comhalta Timothy Gaston ón TUV. Dúirt Gaston gur léirigh a raibh ráite ag an gCoimisinéir nach raibh aon “fhéintuiscint” aige agus nach raibh aon tuiscint aige ar a bhfuil ag déanamh imní d’aontachtóirí.

Dúirt Deeds go raibh an pointe a bhí á dhéanamh aige soiléir agus d’fhiafraigh sé de Gaston an raibh sé i ndáiríre nár thuig sé é sin.

“Pointe an-soiléir a bhí ann. Ní dóigh liom go raibh go leor daoine ann nár thuig é, mar atá á rá ag an Uasal Gaston linn.

“Mar a dúirt mé, rinne roinnt aontachtóirí teagmháil liom, cainteoirí Gaeilge cuid acu, cuid acu nach ea, agus dúirt siad ‘Tá an ceart ar fad agat, tá sé seo á rá againn le blianta’. Is comhairle mhaith atá inti, mholfainn duit glacadh léi,” a dúirt Deeds.

Dúirt Deeds go raibh ionsaithe déanta ag Gaston airsean agus ar a oifig roimhe sin agus go raibh sé ag iarraidh a ról a pholaitiú.

D’fhiafraigh Gaston de Deeds an raibh sé ag iarraidh leithscéal a ghabháil leis an ngníomhaí dílseach Jamie Bryson as an méid a dúirt Deeds faoi roimhe seo.

Dúradh in agallamh leis an gCoimisinéir Gaeilge sa Belfast Telegraph gur dhúirt Deeds faoi Bryson, “I don’t even want his name in my mouth” agus go raibh “poison and enmity” léirithe aige d’oifig an Choimisinéara.

Dúirt Deeds gur “mí-aistriúchán” a bhí ansin ar an méid a bhí ráite aige i nGaeilge. Dúirt sé gur “nimh agus naimhdeas” a bhí ráite aige i nGaeilge agus gur “bitterness” a bhí i gceist aige.

“Mé fhéin an t-aon duine ar cheart dom leithscéal a ghabháil leis faoi sin mar chuir sé cuma an déagóra chantalaigh a bheadh ag téacsáil a chairde orm. Ní hé sin an cineál teanga a d’úsáidfinn dá mbeadh an rogha agam.”

Bhí Deeds i láthair ag an gcruinniú leis an gCoimisinéir don Ultais agus don traidisiún Ultach Briotanach, Lee Reynolds, agus leis an Dr Katy Radford, an Stiúrthóir ar an Oifig um Chéannacht agus Léiriú Cultúir.

Dúirt Deeds go raibh an triúr “dáiríre” faoi bheith ag oibriú lena chéile agus go raibh “tús chomh maith agus ab fhéidir a bheith ag súil leis” déanta ó ceapadh iad sna rólanna anuraidh.

Dúirt Deeds gur dúshlán a bhí le sárú aige a bhí sa naimhdeas atá ann don Ghaeilge agus sna deacrachtaí a bhíonn le rudaí a aontú ó thuaidh, ach gur dúshláin iad a d’fhéadfaí a shárú.

Dúirt Deeds freisin go raibh sé ráite aige leis an gCoimisinéir Reynolds neamhaird a dhéanamh ar fhoráil sa reachtaíocht a dúirt nach gá d’oifig an Choimisinéara cloí le comhairle ón gCoimisinéir don Ultais agus don traidisiún Ultach Briotanach.

Dúirt Deeds go raibh sé ag iarraidh a léiriú don phobal Protastúnach, aontachtach agus dílseach go raibh an Coimisinéir Gaeilge ag iarraidh aitheantas a thabhairt “dá bhféiniúlacht”.

Dúradh freisin ag an gcruinniú go mbeadh cúrsaí maoinithe ar cheann de na deacrachtaí ba mhó a bheadh ag na trí oifig nua.

Fág freagra ar '‘Tá radacaigh déanta de ghníomhaithe óga teanga ag an naimhdeas don Ghaeilge’ – Coimisinéir Gaeilge'