Na Conallaigh ag cur fáilte roimh Ghaillimh, Ciarraí ag súil le bua eile agus pointí ag teastáil go géar ó Ard Mhacha

Beidh na foirne uile i Roinn 1 na sraithe peile ag dul chun páirce agus cluichí tábhachtacha ag bun agus barr an tábla romhainn

Na Conallaigh ag cur fáilte roimh Ghaillimh, Ciarraí ag súil le bua eile agus pointí ag teastáil go géar ó Ard Mhacha

Sraith Náisiúnta Peile – Roinn 1
Dé Domhnaigh, 1 Márta
Ciarraí v Muineachán – Staid an Ghearaltaigh, 13:15
Maigh Eo v Ard Mhacha – Páirc Mhic Éil, 13:15
Dún na nGall v Gaillimh – Páirc Naomh Tiarnach, 13:15 (Beo ar TG4)
Ros Comáin v Áth Cliath – Páirc de hÍde, 14:00 (Beo ar Sheinnteoir TG4)

Agus an tóin tite as a bhfoireann i gcoinne Ros Comáin an tseachtain seo caite, is beag duine de lucht tacaíochta na Gaillimhe a bheidh ag súil le turas fada suas go Béal Átha Seanaidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann is láidre sa tír faoi láthair ach sin an dúshlán atá roimh bhuachaillí Phádraic Joyce inniu.

Idir mhaith agus olc atá feicthe againn ó Ghaillimh go dtí seo sa tsraith agus tugadh léiriú eile ar sin i Staid an Phiarsaigh ocht lá ó shin. Agus cóir láidir gaoithe ag tacú leo, d’éirigh le Gaillimh bearna 11 pointe a chur idir iad agus Ros Comáin ag leath ama agus bhí an farasbarr sin méadaithe go dtí 13 pointe luath sa dara leath agus an ghaoth ag lagú. Mar sin féin, d’éirigh le Ros Comáin teacht ar ais sa gcluiche le cabhair cúpla cúl bog go maith agus ba é pointe Chiaráin Lennon sa nóiméad deireanach a chinntigh an bua.

Údair dóchais do Ghaillimh taispeántais leithéidí Liam Uí Chonghaile, a d’aimsigh sé phointe, Shane McGrath, Rob Finnerty, John Maher agus Seán Kelly ach tá obair mhór le déanamh más leo toradh maith a fháil inniu.

Tá fadhb mhór ag Gaillimh leis na ciceanna amach agus iad ag brath rómhór ar Maher agus Céin D’Arcy an liathróid a bhuachan i lár na páirce agus tabharfaidh Hugh McFadden, Michael Langan agus Jason McGee a ndúshlán tráthnóna.

Rinne Daire Cregg Ros Comáin scrios ar Johnny McGrath agus Jack Glynn, beirt de na cosantóirí is fearr atá ag Gaillimh, an tseachtain seo caite chomh maith agus beidh Pádraic Joyce ag súil le Dia go mbeidh siad tagtha chucu féin inniu chun greim a choinneáil ar Oisín Gallen agus Connor O’Donnell, atá ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire.

Seans gur bua amháin eile a bheidh ag teastáil do Dhún na nGall chun a bheith cinnte d’áit i gcluiche ceannais na sraithe agus tar éis an chluiche crua a bhí acu i gcoinne Ard Mhacha an tseachtain seo caite, b’fhéidir nach mbeidh caighdeán imeartha na gConallach chomh hard is a bhí go dtí seo. Sin a bheidh muintir na Gaillimhe ag súil leis ar aon chaoi.

Tá taispeántais Ros Comáin go dtí seo imithe i bhfeidhm ar go leor daoine agus trí chluiche as a chéile anois buaite ag foireann Mark Dowd. Is minic na foirne a bhaineann an t-ardú céime ó Roinn 2 ag streachailt sa bpríomhroinn ach tá Ros Comáin ag dul ó neart go neart agus beidh siad mar rogha na coitiantachta inniu in aghaidh Átha Cliath. Ní raibh mórán brí i bhfir na príomhchathrach in aghaidh Chiarraí seachtain ó shin agus beidh feabhas ag teastáil chun aon tairbhe a bhaint as an turas siar.

Ní raibh Ciarraí i mbarr a maitheasa sa gcluiche sin i bPáirc an Chrócaigh ach beidh Jack O’Connor sásta go maith leis na taispeántais a thug leithéidí Paudie Clifford agus Tom O’Sullivan mar ionadaithe agus iad ag teacht ar ais ó ghortuithe. Tá Tony Brosnan, Seán O’Shea agus David Clifford ag imirt go maith agus ba cheart go mbeadh siad rómhaith do Mhuineachán i gCill Airne inniu.

Tá cluiche mór i gCaisleán an Bharraigh idir Maigh Eo agus Ard Mhacha. Bhí bua maith ag foireann Andy Moran ar Mhuineachán an tseachtain seo caite agus má éiríonn leo inniu, is ag díriú ar áit i gcluiche ceannais na sraithe a bheidh na Connachtaigh. Ba é taispeántas Kobe McDonald, a scóráil 1-4 tar éis dó teacht isteach mar ionadaí, is mó a spreag cainte ach seans go mbeidh sé níos deacra aigesean agus ag Maigh Eo inniu. Tá mí-ádh ar Ard Mhacha nach bhfuil acu ach an t-aon bhua amháin go dtí seo ach tá siad ag géilleadh an iomarca scóranna agus tá pointí ag teastáil go géar más leo fanacht i Roinn 1.

Fág freagra ar 'Na Conallaigh ag cur fáilte roimh Ghaillimh, Ciarraí ag súil le bua eile agus pointí ag teastáil go géar ó Ard Mhacha'