Ag comhaireamh líon na marbh sa sléacht is measa san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda

Tá 7,031 bás sibhialtach dearbhaithe ag na Náisiúin Aontaithe suas go deireadh na bliana seo caite ach deir siad gur cinnte go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin

Ag comhaireamh líon na marbh sa sléacht is measa san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda

Is minic a mhaíonn lucht tacaíochta na Rúise sa chogadh in aghaidh na hÚcráine go raibh ‘cinedhíothú’ á dhéanamh ar mhuintir an Donbas ag an Úcráin idir 2014 agus 2021 nó gur mharaigh an Úcráin ‘na mílte’ sibhialtach sa réigiún sna blianta sin.

Go minic cuirtear figiúir an-sonrach leis seo agus deirtear gur mharaigh an Úcráin 14,000 sibhialtacht sa Donbas sna blianta sin.

Tá sé ar cheann de na rudaí deirtear chomh minic sin go síleann daoine go gcaithfidh go bhfuil sé fíor. Seans gurb é Putin fhéin a chuir tús leis an mbréag seo nuair a mhaígh sé gur maraíodh 13,000-14,000 sibhialtach sa Donbas in ocht mbliana ach gur thug an tIarthar neamhaird ar an scéal.

De réir na Náisiún Aontaithe maraíodh 3,106 sibhialtach sa choimhlint san Úcráin idir 2014 agus 2021.

San áireamh ansin tá sibhialtaigh a mharaigh fórsaí na hÚcráine agus sibhialtaigh a mharaigh fórsaí na Rúise, na léirsitheoirí a maraíodh in éirí amach an Maiden i gCív in 2014 agus an 217 sibhialtach a mharaigh seachfhórsaí na Rúise ar bord eitleán MH17, aerlíne na Malaeisia.

Bliain 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022
2084 955 112 117 58 27 26 25 7031

Básanna dearbhaithe sa choimhlint san Úcráin (Sibhialtaigh) 2014-2022. Foinse: Na Náisiúin Aontaithe. Nóta: Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an fíorfhigiúr do 2022 ‘i bhfad níos airde’ ná an líon atá dearbhaithe acu.

Maraíodh an chuid is mó díobh – breis agus 3,000 – sa chéad dhá bhliain tar éis don Rúis a ladhar a chur isteach sa Donbas go míleata. Ina dhiaidh sin thosaigh líon na mbásanna ag laghdú agus bhí níos lú sibhialtach á marú ná mar a tharla formhór blianta le linn na dtrioblóídí i dTuaisceart na hÉireann: 27 in 2019, 26 in 2020, agus 25 in 2021. Níor mhiste a lua nach raibh éinne á marú i gcogaíocht sa Donbas roimh 2014.

Ó thosaigh ionsaí na Rúíse ar an Úcráin ar fad mí Feabhra 2022 tá méadú as cuimse tagtha ar líon na sibhialtach atá á mharú – a bhformhór mór á marú ag fórsaí na Rúise.

Tá 7,031 bás sibhialtach dearbhaithe ag na Náisiúin Aontaithe suas go deireadh na bliana seo caite ach deir siad gur cinnte go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.

Fiú mura gcuireann muid ach na básanna dearbhaithe san áireamh, is ionann sin agus a rá go ndeachaigh an Rúis i ngleic le ‘cinedhíothú’ san Úcráin trí líon na sibhialtach atá á marú a mhéadú ó 25 in 2021 go breis agus 7,000 in 2022 – méadú 27900%.

Ach cé chomh hard i ndáiríre is atá líon na sibhialtach a maraíodh go dtí seo? Nuair a deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an fíorfhigiúír ‘i bhfad níos airde’ cé chomh mór is atá sin?

Admhaíonn na Náisiúin Aontaithe, mar shampla, nach bhfuil tuairim dá laghaid acu cé mhéad duine a maraíodh i Mariupol ach deir siad nár tháinig ach 10% d’fhoirgnimh na cathrach slán. Measann an áisínteacht nuachta AP, bunaithe ar anailís ar ghriangrafanna satailíte gur tochlaíodh 10,300 uaigh nua i Mariupol idir tús mhí Márta agus mí na Nollag. Ba é meastachán Choimisiún na hEorpa ag deireadh mhí na Samhna go raibh 20,000 sibhialtach maraithe san Úcráin faoin am sin. Ach mheas ceannasaíocht mhíleata Mheiriceá níos luaithe i mí na Samhna gur 40,000 an líon sibhialtach a bhí maraithe.

Dar ndóigh ní chuireann seo san áireamh líon na sibhialtach a éigníodh, a céasadh, a bascadh nó a d’fhulaing tráma eile de bharr an chogaidh. Táim tar éis díriú ar bhásanna sibhialtach ach níor mhiste a lua gur ghnáthshibialtaigh ab ea na scórtha míle de na saighdiúirí atá á marú ar an dá thaobh den chogadh seo go dtí le déanaí.

Measann foinsí Meiriceánacha agus Eorpacha gur maraíodh breis agus 100,000 saighdiúir ar an dá thaobh go dtí seo – sé sin breis agus 200,000 san iomlán. Is ionann sin agus a rá gur tuairim is 220,000-240,000 bás an figiúr iomlán go dtí seo sa chogadh agus is i méid atá an figiúr ag dul i gcaitheamh an ama.

Fágann sin, de bharr chinneadh Vladamir Putin ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, tar éis níos lú ná bliain cogaíochta gur maraíodh tuairim is 70 oiread an méid daoine a maraíodh le linn 38 bliain de na trioblóidí i dTuaisceart na hÉireann. Is ionann líon na mbásanna agus a dhá oiread an líon a maraíodh i gcogaí uile na hiar-Iúgslaive idir 1991 agus 2001.

Ní fhacthas sléacht den chinéal seo san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Agus an baol atá ann, nach bhfuil sé ach ina thús.

Fág freagra ar 'Ag comhaireamh líon na marbh sa sléacht is measa san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda'

  • Eoin Ó Murchú

    In ionradh Mheiriceá ar an Iaráic, measann an Iraq Family Health survey go bhfuair 151,000 bás.
    Measann an Lancet gur os cionn 600,00 an figiúr ceart, agus sibhialtaigh an chuid is mó díobh. Ach na bí buartha, ní Eorpaigh iad is ní bhacann muid leo.

  • Seán Mag Leannáin

    “Ní fhacthas sléacht den chinéal seo san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Agus an baol atá ann, nach bhfuil sé ach ina thús.” Cúis mhór imní agus níl caint ar bith, ná cead cainte fiú amháin, ar thionsnamh síochána. Aithním na deacrachtaí ar ndóigh ach tá contúirt mhór ag baint leis an bpolasaí reatha chomh maith – tuilleadh agus tuilleadh arm cogaidh agus cabhair míleata a chur ar fáil ó na tíortha NATO don Úcráin.

  • Seán Mag Leannáin

    Rogha an dá dhíogha – crochadh nó loscadh – atá ann ach b’fhéidir go raibh sé mar sin riamh i gcás cogaidh. Agus tá gné nua scanrúil ag baint leis an gcogadh seo nach raibh ann sa tslí chéanna aimsir an dara cogadh domhanda – ‘sé sin go ngéaróidh sé go cogadh núicléach agus ollscrios na hEorpa nó fiú an domhain má tharlaíonn sin. Ní maith liom nach bhfuil aon chaint faoi thionsnamh síochána de aon saghas, nó na féidearthachtaí fiú, i láthair na huaire.

  • Gearoid O Raghallaigh

    Dá mba rud é gurbh iad na Meiriceánaigh a rinne an t-ionradh ar an Ucráin bheadh Kív agus roinnt mhaith cathracha eile san Ucráin scriosta agus bheadh na milliúin marbh.
    Dúirt Curtis Lemay, ceannaire Aerfhórsa Mheiriceá sa chogadh i gCóiré i rith na caogaidí den chéad seo caite
    “ Chuamar anonn agus throideamar agus fá dheireadh dhóamar go talamh gach baile I gCóiré Thuaidh agus roinnt bailte I gCóiré Theas, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ….. ar feadh tréimhse trí bliana, nó mar sin mharaíomar – abair- 20% de phobal Chóiré thuaidh”. Seo í slí cogaidh na Meiriceánach.
    https://libquotes.com/curtis-lemay/quote/lbv4p4l
    Tá mé tar éis teacht i dtír ar an phláinead seo agus ní thig liom a thuigbheáil cén fath nach gcuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne S.A.M. agus a chuid comhghuallaithe mar gheall ar a cuid cogaidh mídhleathacha. Cad tuige an Rúis agus tíortha eile amháin?