Ag caitheamh ama le spásanna bána

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: baineann draíocht ar leith leis an méid nach ndeirtear, ach faraor géar níl reachtaíocht dhocht dhaingean ann a rialódh úsáid an spáis bháin i dtéacs.

Ag caitheamh ama le spásanna bána

Deirtear go minic gur ‘idir na línte’ a bhíonn fíortheachtaireacht phíosa scríbhneoireachta ar fáil. Ní aontaím leis sin a bheag nó a mhór. Sna focail chlóite, dúch dubh ar pháipéar bán, ba cheart do bhunbhrí gach téacs a bheith. Aon rud eile, agus níl a jab á dhéanamh i gceart ag an scríbhneoir. 

Sin ráite, is fíor go mbíonn tábhacht ar leith leis an méid nach ndeirtear os ard. Sin é an draíocht dhofheicthe a chothaíonn comhpháirteachas idir scríbhneoir agus léitheoir, sin é an scríbhneoir ag rá leis an léitheoir: ‘tá muinín agam asat go n-oibreoidh tú an méid seo amach duit féin’. Ceann de bhunphléisiúir na léitheoireachta, dar liom.

Ach caithfidh an méid nach ndeirtear os ard dul in áit éigin. Cá gcuirtear a leithéid de rud agus ‘draíocht dhofheicthe’? 

Ní idir na línte i sliocht leanúnach téacs, dar liom, ach sna haisfhilltí crua idir na paragraif éagsúla agus sna línte breise bána a fhágtar idir radharcanna. Is sna sosanna beaga bídeacha sin a bhíonn an t-am ag an léitheoir anáil a tharraingt agus brí a bhaint as an téacs os a chomhair.

Cúpla bliain ó shin, cuireadh gearrscéal de mo chuid i gcló in iris liteartha gan cuid mhór den spás bán a bhí curtha sa scéal d’aon ghnó agam ann. Áit éigin idir mo ríomhaire agus na clódóirí, shocraigh déithe na teicneolaíochta na línte bána breise a scar míreanna éagsúla an scéil óna chéile a bhaint amach. Léigh mé an scéal. Nuair a bhain mé an deireadh amach bhí mé gearranálach, agus b’fhacthas dom nach raibh mé tar éis brí an scéil a thabhairt liom i gceart – in ainneoin gur mé féin a scríobh é.

Ach mar a dúirt an fealsamh aitheanta Johan Cruijff tráth, ‘bíonn a bhuntáiste féin ag baint le chuile mhíbhuntáiste’.

Cuireadh ar mo shúile dom arís eile nach bhfuil rialacha daingne ann maidir le húsáid an spáis bháin i dtéacs.

Mar phíosa spraoi – ba léir go raibh leadrán ceart orm an lá sin – rug mé ar pheann luaidhe agus chuir marc ar leathanaigh na hirise sna háiteanna ar shíl mé gur cheart do na línte bána breise a bheith. Ansin, chuir mé an leagan ‘athmharcáilte’ i gcomparáid leis an leagan den scéal a chuir mé chuig an iris an chéad lá riamh. 

Ní raibh ach cuid de na spásanna bána san áit chéanna.

Níl aon reachtaíocht dhosháraithe ann a rialódh úsáid línte bána breise i dtéacs. Bíonn a chur chuige féin ag gach scríbhneoir agus ag gach foilsitheoir, agus ní gá go mbeidís ar aon intinn. Táthar ann, fiú amháin, nach mbacann leo.

Déanaim féin iarracht cloí leis an riail seo: líne bhán bhreise idir dhá phíosa téaxcs nuair a bhíonn léim in amlíne an scéil, nuair a bhogann an t-aicsean ó láthair amháin go láthair eile, nó (i gcásanna áirithe) nuair a bhogann insint an scéil ó charachtar amháin go carachtar eile. Ach bíonn eisceachtaí ar gach riail – agus géarghá leo. Bheadh cuma chiotach, stadach ar théacs a mbeadh barraíocht spásanna bána ann.

Faraor géar, fágann an easpa rialacha sin go bhféadfadh duine i bhfad an iomarca ama a chaitheamh ag plé le leagan amach fisiciúil an téacs. Ó am go chéile caithim féin leathuair an chloig le spás bán beag bídeach amháin, á chur isteach agus á bhaint amach arís. Ach ansin, má bhíonn an t-ádh liom, cuimhním ar an ngearrscéal úd a cuireadh i gcló gan mo chuid línte bána breise ann agus an turgnamh eolaíochta a rinne mé ina dhiaidh sin.

Is cuma go pointe áirithe cá háit, chomh fada is a bhíonn spás bán i dtéacs. Sosanna sa chomhrá iad aisfhilltí crua agus línte bána breise ina mbreathnaíonn scríbhneoir agus léitheoir isteach i súile a chéile.

Fág freagra ar 'Ag caitheamh ama le spásanna bána'

  • Mise Áine

    @Sosanna sa chomhrá iad aisfhilltí crua agus línte bána breise ina mbreathnaíonn scríbhneoir agus léitheoir isteach i súile a chéile.

    Íomhá dheas, a chara.

    Alt suimiúil uait, mar is iondúil leat…go raibh maith agat!