‘After enough Irish coffees, there’s funny Irish coming out of them…’

LÉIRMHEAS: An tOireachtas sa Gleneagle agus TG4 agus RTÉ ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Oireachtas

‘After enough Irish coffees, there’s funny Irish coming out of them…’ Sin í an bhreith a thug fear an bheáir sa Gleneagle ar phobal an Oireachtais (The Gleneagle, RTÉ1, Dé Domhnaigh) agus cur síos á dhéanamh aige ar fhonn óil na nGael i rith na féile. Dar leis gurb é an caife Gaelach agus Baileys is mó a bhíonn á ndiúgadh i ndiaidh na gcomórtas amhránaíochta agus ceoil. Díríonn an tsraith sé chlár seo ar fheidhmiú inmheánach óstán cáiliúil Chill Airne agus an tseachtain seo, ba é an tOireachtas, nó “Ireland’s longest running arts festival” faoi mar a thugann siad air, a bhí i lár an aonaigh. Ina theannta sin, maítear gur “annual Mecca” é do dhíograiseoirí na teanga. Seachas cúpla seat fánach den rince ar an sean-nós, is beag de na comórtais a taispeánadh agus cé go raibh lucht an óstáin báúil leis an teanga, agus iarracht á déanamh ag an bhfoireann ilnáisiúnta an Ghaeilge a labhairt, taibhsíodh dom ar uairibh go raibh an teanga agus an fhéile í féin chomh coimhthíoch dóibh (fiú na hÉireannaigh ina measc) is a bheadh féile ó thír i bhfad i gcéin.   

Maítear go minic go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin ar an mbealach cósta sainithe is faide ar domhan agus barr bua á bhreith aige ar leitheidí The Garden Route san Aifric Theas agus The Great Ocean Road i ndeisceart na hAstráile. Sníomhann an bóthar seo ó Chionn Mhálanna ó thuaidh go Cionn tSáile i gCorcaigh. Níl insint bhéil ar na hiontais agus tírdhreachanna álainne atá fan na slí agus ní haon iontas gurb é tuairim na n-údar go bhfuil éirithe thar na bearta leis an tionscnamh margaíochta/turasóireachta seo.

John creedon
John Creedon

Mar dhuine a thug sciúrdanna ar chodanna den dá bhealach luaite thuas, táim den tuairim nach féidir leo coinneal a choimeád leis na hiontais atá againn abhus. Leis sin ar fad, ní haon iontas go nginfí clár teilifíse as an ábhar seo, ach le seachtainí anuas tá dhá cheann feicthe againn ar an scáileán beag. Sna cláir Creedon’s Wild Atlantic Way (RTÉ1, Dé Domhnaigh) agus Féilte: Slí an Atlantaigh Fhiáin (TG4, Dé Domhnaigh) táthar ár dtabhairt ar chamchuairt bóthar, ceoil, bia agus cuileachtan.

Is láithreoirí caithiseacha iad John Creedon agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill a dhéananna a gcúraimí go slachtmhar. Tá cláir den saghas seo déanta ag Creedon cheana (Creedon’s Cities agus Creedon’s Retro Roadtrip). Sna cláracha úd, is Mercedes seanré a bhí faoina thóin ach is veain seanré Volkswagen, nó a Seanveain/Seanbhean faoi mar a thugann sé uirthi, a bhí á thabhairt timpeall.

An tseachtain seo, thug sé aghaidh ar Chontae an Chláir agus fan na slí, tugadh léargas ar an oidhreacht farraige a bhain le hInis Cathaigh. Bhí Máire Treasa i gConamara mar ar thug sí cuairt ar Mhanistir na Coille Móire agus Páirc Náisiúnta Chonamara. Rith sé liom féin gur cuireadh an iomarca béime ar an gceol, i dtáirge TG4 go háirithe, agus b’fhearr liom féin a thuilleadh béime a bheith ar stair agus ar phobal na gceantar éagsúil.

Ar a shon sin is uile, cláracha taitneamacha iad seo a spreagfadh thú leis an mbóthar a bhualadh.

Fág freagra ar '‘After enough Irish coffees, there’s funny Irish coming out of them…’'