Achainí le déanamh ar RTÉ an Ghaeilge a chur ar chlár plé na ndíospóireachtaí uachtaránachta

Deir Conradh na Gaeilge gur údar ‘díomá’ nár luadh cúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta sa chéad díospóireacht teilifíse idir an triúr iarrthóirí

Achainí le déanamh ar RTÉ an  Ghaeilge a chur ar chlár plé na ndíospóireachtaí uachtaránachta

Pic: Sasko Lazarov/© RollingNews.ie

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge “teagmháil dhíreach” a dhéanamh le RTÉ le hachainí ar an gcraoltóir náisiúnta ceisteanna faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur ar an triúr iarrthóirí toghcháin le linn na díospóireachtaí a bheidh ar RTÉ sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc go raibh “díomá” ar an eagraíocht nár luadh cúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta ar an eagrán speisialta de The Tonight Show a craoladh ar Virgin Media One oíche Dé Luain.

Labhair an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly i nGaeilge agus í i mbun cainte leis an lucht féachana ag tús an chláir agus arís ag deireadh na díospóireachta nuair a dúirt sí go mbeadh “fáilte Uí Cheallaigh” roimh gach duine in Áras an Uachtarán dá dtoghfaí í.

Dúirt iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys “go raibh maith agat” uair nó dhó le linn na hoíche agus bhí thart ar an méid céanna Gaeilge ag Jim Gavin ina chuid cainte siúd.

Níor pléadh aon cheist a bhain go sonrach le cúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta, agus níor tarraingíodh aníos ceachtar de na ceithre mhór-éileamh atá ag Conradh na Gaeilge agus a bhí ag croí an mhórshiúil ‘Cearta’ i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.

“Tá díomá orainn nár pléadh ceist na Gaeilge ná na Gaeltachta ar an gclár, ach bhí sé spéisiúil go leor na tráchtanna ar fad ar na meáin shóisialta a fheiceáil faoin úsáid a bhain Catherine Connolly as an teanga.

“Is léiriú a bhí sa mhéid sin go bhfuil spéis ag an bpobal i gceist na Gaeilge sa toghchán seo agus sa chumas atá ag na hiarrthóirí í a labhairt agus a úsáid.

“Déanfaimid teagmháil dhíreach le RTÉ roimh aon díospóireacht ar an stáisiún sin le cur in iúl dóibh go bhfuil sé tábhachtach na ceisteanna atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chúrsaí oideachais, tithíochta, agus maoinithe a chur ar na hiarrthóirí,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh tuiscint ag an gcéad uachtarán eile ar an nGaeilge mar gheall gurb é an t-uachtarán “céad saoránach na tíre” agus go gcaithfeadh an té a thoghfar a bheith in ann freastal ar “phobal uile na tíre”.

Tá an Ghaeilge curtha i lár a feachtais ag Catherine Connolly ó d’fhógair sí go seasfadh sí don uachtaránacht an samhradh seo.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar le Tuairisc inné go raibh “plean an-simplí” aici an Ghaeilge a chur chun cinn mar uachtarán – “í a labhairt gach lá”.

Fág freagra ar 'Achainí le déanamh ar RTÉ an Ghaeilge a chur ar chlár plé na ndíospóireachtaí uachtaránachta'