Tá fáilte ó chroí curtha roimh dheireadh a bheith leis an marú in Gaza, ach is cóir a bheith amhrasach fós faoina bhfuil ar intinn ag Iosrael maidir le Gaza agus leis an mBruach Thiar, áit a bhfuil na lonnaitheoirí i mbun foréigin ann i gcónaí.
Níl mórán muiníne ann go gcomhlíonfaidh Iosrael téarmaí phlean síochána Trump, nó gur bunús maith don tsíocháin fhadbhunaithe sa réigiún é plean Trump ach an oiread.
Tá ionsaithe ón aer déanta ag Iosrael cheana féin. Mháigh siad gur ag athbhunú an tsosa cogaidh a bhí siad I ndiaidh do Hamas é a shárú.
The Israeli military said it is reinforcing the Gaza ceasefire after it was “violated” by Hamas, signaling an end to strikes on the enclave that it claimed were carried out in response to earlier attacks on its forces.
Go bunúsach is é is aidhm don phlean go gcuirfí deireadh le Hamas ar fad: go ngéillfeadh siad a gcuid arm, nach mbeadh ról ar bith ag an eagraíocht taobh istigh de Ghaza is go n-imeodh a gcuid trodaithe as an gceantar ar fad – faoi phardún go tíortha Arabacha eile.
Tá na gialla scaoilte saor ag Hamas, agus roinnt príosúnach Palaistíneach scaoilte saor ó phríosúin Iosraelacha. Ach tá arm Iosrael fós sa gceantar. Tá siad in ainm is a bheith ag imeacht de réir a chéile ach cén t-iachall atá orthu?
Cé a rialóidh Gaza anois? Molann Trump Coiste Teicnealathach Neamhpholaitiúil Palaistíneach Sealadach a fheidhmeoidh faoi mhaoirseacht Bhord Síochána. Bheadh Trump féin i gceannas ar an mBord seo, agus leithéidí Tony Blair is daoine mór le rá idirnáisiúnta eile ann.
An chun leasa na bPalaistíneach a oibreos an Bord seo, nó chun leasa an impiriúlachais? An dtabharfar tús áite do chearta na bPalaistíneach nó an do bhrabach lucht infheistíochta ó Mheiriceá is ón Eoraip a thabharfar tosaíocht?
Is léir nach socrú maith é seo ach socrú a oireann don Iarthar is don iarchoilíneachas.
Ag an am céanna, ní reitric é ach fírinne go raibh cinedhíothú ar siúl ag Iosrael i nGaza, is na mílte maraithe, fiú fad a bhí sonraí an phlean seo á n-oibriú amach.
An bhfuil Iosrael ag glacadh leis an bplean mar a thuigeann muid é, nó an cleas é leis na gialla a thabhairt abhaile agus ansin dul ar ais ar an gcinedhíothú?
Faoin bplean, tá Catar, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc le bheith i nGaza le slándáil a riaradh, ach sa bhfadtéarma, an mbeidh na Palaistínigh – a bhfuil an oiread sin fulaingthe acu – sásta glacadh le máistrí nua coilíneacha, bíodh siad ina Meiriceánaigh, ina dTurcaigh nó ina nArabaigh?
Agus céard faoi na trodaithe féin i nGaza?
De réir an Wall Street Journal is daoine óga a earcaíodh le linn na coimhlinte seo an chuid is mó de na trodaithe atá fágtha i nGaza inniu. Daoine, b’fhéidir, a bhfuil a gcuid teaghlach ar fad scriosta, daoine a chonaic deartháir nó deirfiúr á marú ag naoscairí Iosraelacha.
Tá gráin as cuimse ag na daoine seo ar Iosrael agus ar an bhforghabháil, is ní féidir iad a lochtú mar gheall air sin. Níl eagla orthu roimh a mbás, ach díocas thar na bearta orthu díoltas a bhaint amach.
An nglacfaidh na trodaithe óga leis an bplean? Má éiríonn Hamas as, rachaidh cuid mhór de na trodaithe seo go dtí mion-eagraíochtaí eile, nó bunóidh siad a mion-eagraíochtaí féin.
Ní féidir lasracha na ceannairceachta a mhúchadh gan na Palaistínigh ar fad a mhúchadh.
Tá leid sa bplean seo gur i dtreo stát dá gcuid féin a rachaidh an scéal, ach níl aon rud cinnte, is tá sé séanta go láidir ag Netanyahu go nglacfadh sé lena leithéid.
Ag deireadh thiar níl aon cheart ag an Iarthar a rá cé a labhróidh thar ceann na Palaistíne, ach muintir na Palaistíne féin. Agus nuair a deir Micheál Martin gur eagraíocht sceimhlitheoireachta atá i Hamas, cé a thug an breithiúnas sin ach naimhde na Palaistíne?
Ní raibh sé stuama, i mo thuairim féin, ionsaí an 7 Deireadh Fómhair a dhéanamh ar Iosrael – bhí an praghas a d’íoc na Palaistínigh ró-ard – ach cé a déarfadh cén chaoi is cóir an máistir coilíneach a throid ach iadsan atá faoi chois aige?
Go pearsanta, is mó bá a bheadh agam leis an Údarás Palaistíneach ná le Hamas, ach ní cóir d’éinne glacadh leis an líomhain in aghaidh Hamas gur sceimhlitheoirí iad. Nó arbh sceimhlitheoir é Michael Collins?
Tá súil againn go bhfuil stop cinnte leis an marú, ach ní féidir éirí as an dlúthpháirtíocht mar gheall air sin. Tá ceart bunúsach ag na Palaistínigh stát dá gcuid féin a bheith acu, gan cead ó éinne.
Ag deireadh thiar, ní fiú dlúthpháirtíocht ar bith mura seasann muid leo sa bhfadtéarma agus iad ag lorg na saoirse faoi choinníollacha nua.
Ní féidir, sa gcomhthéacs sin, glacadh riamh le hIosrael mar stát dlisteanach amhail nár glacadh leis an nGearmáin Naitsíoch mar stát dlisteanach. Tá brú ar Iosrael faoi láthair agus orthu siúd a sheas leis fiú le linn an chinedhíothaithe seo.
Tá dualgas ar an saol mór a chinntiú go mbeidh stát Palaistíneach ann, stát a bheidh saor ón impiriúlachas agus saor ó bhagairt ó Iosrael.
John Meehan
Aontaím 100% leat nuair a deir tú nach bhfuil aon cheart ag an Iarthar nó ag Iosrael a rá cé a bheas i mbun rialú Gaza agus Palaistín ach na daoine ó na tíortha sin.
Carraig
Tá an IDF ag marú leo i gcónaí in ainneoin an ‘sos comhraic’. Gnáthdhaoine a thrasnaigh an líne bhuí (líne ar mhapa) is gan fhios dada acu faoi.
Deir MSF (dochtúirí) go bhfuil páistí marbha nó martraithe á dteannadh leo i gcónaí sna hóispidéil.
Cuid acu, ar díleachtaithe roinnt mhór acu, a bhí ag súgradh le pléascáin nár phléasc.
Is iad na páistí sin na treallchogaithe a bheidh ann sa bhfáistine.
Stát Palaistíneach neamhspleách ina mbeidh stiúir ag na Palaistínigh ar a gcinniúint féin an t-aon dóigh atá ann le síocháin a chur i réim sna bólaí callshaothacha sin.
Beartas nár triaileadh fós agus beartas atá bunoscionn glan le huaillmhianta Netanyahu agus a chamthaí.
Seán Ó floinn
Dochreidte gur foilsíodh a leithéid d’alt ar Tuairisc.ie agus an t-údar ag cosaint bharbarthacht Hamas.
Deir sé nach ‘cóir d’éinne glacadh leis an líomhain in aghaidh Hamas gur sceimhlitheoirí iad. Nó arbh sceimhlitheoir é Michael Collins?’
An ndearna Michael Collins slad agus éigniú ar shibhialtaigh Shasanacha nach raibh baint ar bith acu leis an gcogaíocht agus ar bhain sé taitneamh as, faoi mar a rinne Hamas i gcás sibhialtaigh Iosraelacha?
Is grúpa é Hamas atá ag iarraidh na hIosraelaigh go léir a dhíothú agus ní dhéanann siad idirdhealú idir Giúdaigh agus Iosraelaigh i gcoimhlint an Mheánoirthir – tá siad ag iarraidh na Siónaigh/Giúdaigh ar fad in Iosrael a chur de dhroim an tsaoil. Bhí sceimhlitheoirí Hamas an-bhródúil as ‘Giúdaigh’ a mharú ar an 7ú Deireadh Fómhair (rud is léir ó thaifid ar ghlaonna gutháin a rinne na sceimhlitheoirí ar a muintir agus ó na físeáin a ghlac siad féin ar a ngníomhartha barbartha).
Tá Hamas ag déanamh slad ar phobal Gaza anois tar éis do na hIosraelaigh tarraingt amach ó cathair Gaza, iad ag scaoileadh le daoine ar a nglúine ar an tsráid a cuireadh ina leith gur brathadóirí iad (ar ndóigh, ní raibh aon triail cheart ann). Drong brúidiúil sceimhlitheoirí iad agus tá sé náireach go bhfuil ardán ag Eoin Ó Murchú chun iad a chosaint ar an suíomh seo. Cuireann sé samhnas orm.
Eoin Ó Murchú
Ní raibh mé ag cosaint Hama. Dúirt mé go soiléir gur mó mo bhá leis an Údarás Palaistíneach is nár aontaigh mé le beartas DF 7, cé gur thuig me go bhfuil fonn díoltais go mór orthu. Ach is iad na Palaistínigh a chaithfeas rogha a dhéanamh faoina modhanna troda is cé labhródh thar a son agus ní polaiteoirí ón taobh amuigh.
Carraig
A Sheáin Uí Fhloinn.
Daniel Raab, naoscaire de chuid an IDF ó na Stáit Aontaithe, ag borradh le mórtas as an méid sibhialtaigh a lamhaigh sé in Gaza.
I measc scata eile dá chomhshaighdiúirí caithréimeacha.
Bhunaigh an ICC a chás maidir le cinedhíothú a chur ar Iosrael, cuid mhaith, ar na ráitisí poiblí sin ó na hIosraelaigh féin ar líne.
Bímís ionraic agus cothrom faoin dá thaobh, a Sheáin, ná bímís leath-taobhach faoin bhfírinne.
Mhairbh Hamas 1200 duine, Deireadh Fómhair 7, 2023.
Ba náireach, míthrócaireach an beart é sin.
Mhairbh an IDF 65000 duine ón dáta sin i leith, leanaí is mná a bhfurmhór mór, agus líon eile gan áireamh fén smionagar.
Is de bharr p’léar sa cheann nó sa chroí a maraíodh formhór mór de na leanaí sin nár stracadh as a chéile le buamaí. Is ó Médecins Sans Frontières a thagann an t-eolas sin.
Ba léir go raibh pátrún cruinn dearfa fuarchúiseach ag gabháil leis na maruithe sin, adeir siad.
Phóstáil naoscairí an IDF gach marú a dhein ar shuíomh dá gcuid féin dar teideal ‘toddlers’.
Lamhaigh Raab garsún amháin a bhí ag iarraidh corp a dhritheár a shroichint, an dritheáir ar chaith sé leis cúpla nóiméad roimhe sin.
“N’fheadar, ar sé, cad a bhí chomh speisialta mar gheall ar an gcorp sin.”
Cuardaigh Daniel Raab ar an idirlín a Sheáin.
B’fhéidir go gcuirfidh sé sin “samhnas” ort chomh, ach coinnigh chugat féin é, más ea.