Ní haon bhac ar Éirinn Aontaithe í an Ghaeilge, dar le Catherine Connolly, agus ní cóir stádas na teanga sa Bhunreacht a laghdú ar mhaithe leis an sprioc pholaitiúil sin a bhaint amach.
“Ní aontóinn le stádas oifigiúil na Gaeilge sa Bhunreacht a athrú ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe. Ní féidir stádas na Gaeilge a lagú nó a ligean i léig agus ní bac sin ar Éire Aontaithe a bheith ann,” a dúirt Connolly le Tuairisc i bhfreagra ar shraith ceisteanna faoi chúrsaí teanga a cuireadh ar an triúr iarrthóirí don uachtaránacht.
Dúirt Connolly go raibh “plean simplí” aici an Ghaeilge a chur chun cinn i gcaitheamh na seacht mbliana a chaithfeadh sí ina huachtarán dá dtoghfaí an mhí seo chugainn í – an Ghaeilge a labhairt gach lá “faoi mar a dhéanann [sí] faoi láthair”.
“Tá plean ar leith agam leis an nGaeilge a chur chun cinn le linn na huachtaránachta, agus is plean simplí é: an Ghaeilge a labhairt gach lá, faoi mar a dhéanaim faoi láthair.
“Timpeallacht a chruthú san Áras ina mbeidh sé nádúrtha an Ghaeilge a chloisteáil, a labhairt, agus a fheiceáil. A bheith fáilteach roimh iarrachtaí atá á ndéanamh acu siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus deiseanna foghlama agus cleachta a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge,” a dúirt sí.
Dúirt Connolly gur “thuig [sí] i gcónaí” go raibh an Ghaeilge ag cur lena “saol pearsanta agus oibre” agus gur thapaigh sí an deis a líofacht cainte “a fheabhsú agus a shaibhriú” trí chúrsaí amhail dioplóma sa Ghaeilge agus cúrsa aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe.
“Bím ag léamh ailt agus leabhair Ghaeilge go rialta. Tuigeadh dom an luach a bhaineann leis an nGaeilge, an bealach a chruthaíonn sí nasc láidir eadrainn féin agus ár sinsir agus tíreolaíocht ár dtíre. Is cuid nádúrtha den saol laethúil í agus tá mé thar a bheith buíoch faoi sin,” a dúirt sí.
Mar fhreagra ar an gceist an nglacann sí leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, dúirt sí go nglacann sí leis go bhfuil “géarchéim tithíochta agus fostaíochta agus seirbhísí sa Ghaeltacht”.
“Tá [na géarchéimeanna] ag cur as don Ghaeilge sna ceantair sin ach creidim go mór go bhfuil fonn ar mhuintir na Gaeltachta a dteanga a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Ní gá ach breathnú ar an méid daoine a tháinig le chéile le haghaidh mhórshiúl Cearta i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meán Fómhair le seo a thuiscint,” a dúirt sí.
Agus í ag caint ar chúrsaí oideachais agus ar an nGaelscolaíocht, dúirt Connolly gur “bhreá” léi dá mbeadh an rogha ag gach tuismitheoir in Éirinn oideachas trí mheán na Gaeilge a aimsiú dá gcuid páistí “más sin a dtoil”.
“Caithfear na ceantair Ghaeltachta a chosaint trí fhadhbanna tithíochta a réiteach agus as sin tiocfaidh láidriú agus méadú ar an méid páistí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge,” a mhaígh sí.
Tá tús áite ag an leagan Gaeilge de Bhunreacht na hÉireann sa chás go mbíonn neamhréir idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla. Dúirt Connolly go mbeadh an Ghaeilge atá aici ina buntáiste agus í ina huachtarán agus í ag plé le ceisteanna dlí agus bunreachtúla.
“Is buntáiste an Ghaeilge a bheith ar mo thoil agam agus tuiscint agam ar an dlí, agus bheadh sé ar mo chumas aon neamhréir a thabhairt faoi deara agus dul i ngleic leis trí chomhairle a fháil dá mba ghá,” a dúirt sí.
Beidh triúr iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide ar an 24 Deireadh Fómhair: Catherine Connolly, Heather Humphreys d’Fhine Gael, agus Jim Gavin d’Fhianna Fáil agus tá ceisteanna faoin nGaeilge curtha ag Tuairisc orthu triúr.
Pól Ó Braoin
Is beag maith a dhéanann sé ceist ar bith faoin nGaeilge a chur ar an mbeirt eile. Níl focal dá laghad acu ná níl suim dá laghad acu Gaeilge ar bith a chloisteáil ná a labhairt. Aireoidh mé go mór uaim Uachtarán na tíre a chloisteáil a chaint i mo theanga féin ó am go chéile anseo abhus in Éirinn. Nuair a thiocfas Gavin ná Humphreys isteach san Áras, ní chloisfear ár dteanga sa teach sin ón lá sin amach, faraor.
Séamas Ó Donnghaile
Ba mhaith liom post mar stiúrthóir ar cheolfhoireann RTÉ. Tá buanna ar leith agam. Is féidir liom ‘ceol’ a litriú go barréifeachtach agus bím in ann idirdhealú a dhéanamh idir an fheadóg mhór agus an chláirseach. Sílim go mbeinn in ann ceolfhoireann a stiúradh agus meas na gceoltóirí a bheith orm. Má cheaptar mar stiúrthóir mé, rachaidh mé ar bhunrang ceoil don chéad uair mar ní fhaca mé roimhe seo go raibh an ceol uaim féin nó ar mhuintir na tíre – go dtí go bhfaca mé post mór á fhógairt agus tuarastal ard leis. Is breá liom an ceol anois ó chonaic mé an fógra. … agus sin agaibh, a chairde, dearcadh beirte nach bhfuil uaimse mar uachtarán. Ach ar ndóighe, ceaptar uachtarán a thuilleann an pobal.
Pádraig
Ach a Phóil Uí Bhraoin níl an rás rite fós maidir leis an uachtaránacht ná lenár dteanga náisiúnta, bíodh a fhios agat. Nach bhfuil ‘fhios agat freisin go bhfuil CC chun tosaigh ar an mbeirt eile anois agus go bhfuil sí mar rogha na coitiantachta?
Vótáil Catherinne Connolly uimhir 1!!!!!