‘I gcathair mhór na Gaillimhe,
An lá cheana is mé liom féin,
Thug mé cuairtín ar an stáisiún,
san áit a mbíodh an traein.
Ag breathnú ar na ráillí dom,
Ag síneadh amach ó dheas,
Nach iomaí duine a d’fhág é ariamh,
Is nár smaoinigh a theacht ar ais.’
Sin é an chéad cheathrú den amhrán ‘Mé Féin agus mo Mhéit’ agus ar ndóigh, ba é Tom a’ tSeoige as Leitir Móir i gConamara, an cumadóir.
Chuimhnigh mé ar an amhrán sin an lá cheana agus mé ag léamh an scéil ar Tuairisc faoin iarracht atá ar bun ag Iarnród Éireann leis an nGaeilge a neartú ar na traenacha.
Chuile sheans gur ar an traein as Gaillimh go Baile Átha Cliath ba mhó a labhraítí Gaeilge ar chóras iarnróid na tíre seo, in imeacht na mblianta.
Ar an gcéad iarraidh is iontach liom go gcreideann Iarnród Éireann go bhfuil orthu ceist a chur ar dhaoine faoin gcaoi a n-airíonn siad nuair a chluineann siad an Ghaeilge dá labhairt ar an traein i bPoblacht na hÉireann. Seo giota beag as an alt i dTuairisc:
“Tá ceisteanna sa suirbhé faoi na mothúcháin a bhíonn ag paisinéirí na dtraenacha ar chloisteáil na Gaeilge ar na seirbhísí iarnróid dóibh, faoi cé chomh compordach is a bhíonn cainteoirí Gaeilge agus iad ag labhairt na teanga ‘lena gcairde agus a muintir’ agus le ‘strainséirí’.”
Bheifí ag súil go mbeadh mothúcháin mhaithe acu! Bhí cuid againn go breá compordach i gcónaí ag labhairt Gaeilge – sular éirigh sí faiseanta – ar an traein, agus ní fhaca muid go raibh aon chomhthíos ag aon duine linn! Ní bhíodh scáth ná náire orainn gur aniar as ceantracha sceirdiúla Chonamara a tháinig muid. Ach ar an taobh eile den scéal tá Iarnród Éireann i mbun iarracht dháiríre agus tá tacaíocht ag dul dóibh. Tá fiúntas san bplean go mbainfí leas as an bhFáinne ar fheisteas na foirne. B’fhéidir go spreagfadh sin tuilleadh Gaeilge ar an traein.
‘An Fáinne’ le caitheamh ag oibrithe traenach le cumas sa Ghaeilge a léiriú do phaisinéirí
Agus muid ag trácht ar chúrsaí teanga ar an traein tugadh muid chun cuimhne cás na bhfear óg a bhí in amhrán Tom a’ tSeoige ar thraein na himirce. Bheadh sé chomh dóigh céanna nach raibh ach teanga amháin acu san am sin. Níl le rá faoin scéal uilig ach gur ait an mac é an saol.
Ag labhairt di ag ócáid chomórtha fhir an Bheet – na fir a chuaigh anonn as Gaeltachtaí na hÉireann go dtí na monarchana próiseála biatais i Sasana sna blianta a caitheadh – dúirt bean as tuaisceart Chonamara gur minic a scríobh a hathair an seoladh baile ar litreacha d’fhir as an nGaeltacht nach raibh mórán Béarla acu. In Ionad na nImirceach i gCarna a bhí an ócáid ar bun. Go suáilceach agus go neamhurchóideach a bhí an bhean ag cur síos ar na scéalta a chuala sí óna hathair. Bhí cairdeas agus tuiscint agus trust idir na fir uilig as Conamara. Ach ba léir go raibh strus ag baint le cás na bhfear a bhí lag ar an mBéarla. Agus b’fhéidir gur thug caint na mná léargas chomh maith agus a fuarthas fós ar chás agus ar mhaolú na teanga.
Is é an peaca nach raibh Gaeilge ag file Chathair Saidhbhín, Sigerson Clifford, mar chum sé véarsaí áille tuaithe. Bhí an ceann faoi Thraein na dTaibhsí, an ‘ghost train’ as Cathair Saidhbhín go Baile Átha Cliath ar cheann acu. D’fhágadh sí Cathair Saidhbhín ag meán oíche agus théadh sí soir thrí Chiarraí i rith na hoíche ag bailiú lucht tacaíochta na Ríochta agus í ag tornáil léi go Baile Átha Cliath chuig cluiche ceannais peile na hÉireann .
Agus pébí Fáinne a bheidh ann ná ligeadh muid i ndearmad ‘Amhrán an Mhéit’ ar thraein na Gaillimhe, agus í ar ráillí na himirce. Tá ‘mate’ linn uilig san amhrán sin.
Má bhí aon cheisteanna teanga ag an dá mhéit ar an aistear sin, d’fhéadfadh sé gur bhain siad le cúpla abairt Bhéarla a theastódh ag am tae. Ní raibh fear ná bean fáinne ann. Samhail bhrónach san am sin.
Ach tá fáinní an tsaoil agus na Gaeilge, gaibhte timpeall anois.
Fág freagra ar 'Bhí cuid againn compordach i gcónaí ag labhairt Gaeilge ar an traein, sular éirigh sí faiseanta'