Tá an Garda Síochána ag achainí dhaoine i gcónaí cabhrú leo lena gcuid fiosrúchán faoin tubaiste a tharla ar an Chraoslach i nDún na nGall beagnach trí bliana ó shin.
Cothrom na míosa seo, ar an 7 Deireadh Fómhair 2022 a tharla pléasc mhór ag stáisiún peitil ar an Chraoslach, eachtra inar maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí.
I ráiteas a d’eisigh an Garda Síochána an tseachtain seo, dúradh go raibh siad go fóill i mbun fiosrúcháin, i gcomhpháirt leis an Bhiúro Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil, leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus leis an Choimisiún um Rialáil Fóntais.
Deir na Gardaí go bhfuil comhad, a bhaineann leis an bhfiosrúchán sa Chraoslach, curtha chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Dúirt na Gardaí, go bhfuil siad go fóill ag iarraidh ar dhaoine teacht chun tosaigh má tá “aon eolas” acu maidir leis an tubaiste. Tá siad ag iarraidh labhairt go háirithe le haon duine a bhí ag an ionad tráchtála, agus ag an láthair inar tharla an phléasc thubaisteach, ag am ar bith “roimh an bpléasc”.
Thug siad le fios gur bailíodh 1,000 ráiteas agus gur cuireadh 1,000 tuairisc i dtoll a chéile faoin tubaiste go dtí seo.
Chomh maith leis sin, dúradh gur gabhadh seachtar mar chuid den fhiosrúchán, seisear fear agus bean amháin, ach nár cúisíodh duine ar bith go fóill.
Sa ráiteas, deirtear go bhfuil oifigigh idirchaidrimh go fóill ag tacú leis na teaghlaigh agus go mbíonn cruinnithe eolais á reáchtáil acu go minic. Dúradh go raibh an cruinniú is deireanaí ar siúl ag tús na seachtaine seo.
“Agus an comóradh 3 bliana ag teannadh linn ar an 7 Deireadh Fómhair, tá muid ag smaoineamh ar na daoine a fuair bás, a dteaghlaigh agus ar phobal an Chraoslaigh,” a dúradh i ráiteas na nGardaí.
Fág freagra ar 'Achainí eile déanta ag na Gardaí ar an bpobal cabhrú leo lena bhfiosrúchán faoi thubaiste an Chraoslaigh'