Ag tógáil ceatha le cupán uisce – sáraíonn sé gnáthchith te, ní sásamh go dtí é

Theip ar an uisce te, agus meabhraíodh dár gcolúnaí gur sa tsimplíocht atá an sonas

Ag tógáil ceatha le cupán uisce – sáraíonn sé gnáthchith te, ní sásamh go dtí é

Theip ar an gcoire, an gléas sin a théann an t-uisce don teas lárnach agus don chith.

Ní bheadh fáil ar theicneoir a réiteodh an fhadhb go dtí tráthnóna ach bhí orm mo chuid gruaige a ní; bhí coinne agam ag an ngruaigeadóir ar maidin.

Ansin chuimhnigh mé ar sheift a d’fhoghlaim mé nuair a bhí cónaí orm sa Bhrasaíl.

I gcathair Salvador, mar a mbíodh cónaí orm, ní bheadh fonn ort cith te a thógáil an chuid is mó den bhliain. Ach sa ‘gheimhreadh’ (ní thiteann an teocht faoi bhun 22 céim riamh) ba mhaith ann an gléas leictreach i sconna an chithfholcadáin a théann an t-uisce.

Is ea, tá tú á léamh seo i gceart. Leictreachas agus uisce, díreach os do chionn agus tú ag tógáil ceatha. Bheadh cosc scun scan ar a leithéid de chóras san Eoraip, agus is minic a thug an gléas céanna turraing dom.

Ach níorbh iad na turraingí is measa. Ní mhaireadh an corna miotail a théadh an t-uisce ach mí nó dhó agus ansin bhíodh ort é a athrú, jaibín deacair nár fhoghlaim mé i gceart riamh, agus sa deireadh tháinig mé aníos le réiteach níos fearr: cith a thógáil le cupán.

Bheirínn pota uisce ar an sorn, dhoirtinn i mbuicéad é, mheascainn uisce fuar tríd agus ar aghaidh liom. Cupán plaisteach agus suaitheantas fhoireann sacair Bahia clóite air a d’úsáidinn chun an t-uisce a chaitheamh anuas orm féin.

Ar thóir an chupáin sin a chuaigh mé gan smaoineamh nuair a theip ar an gcoire i mo theach breá Eorpach an lá cheana ach ar ndóigh d’fhan an diabhal rud sin sa Bhrasaíl nuair a d’fhág mé slán leis an tír sin bliain go leith ó shin. Ach thug mé liom an cupán dearg stáin a n-ólainn caife as, agus bhí díreach an méid ceart sa chupán sin.

Ní mór a bheith airdeallach nuair a bhíonn cith á thógáil agat le buicéad agus cupán. Níl ach lán an bhuicéid agat, agus an rud deireanach atá uait ná dul amach as an seomra folctha agus breis uisce a fhiuchadh sa chistin agus tú fliuch báite agus do chuid gruaige lán seampú.

Ach má bhíonn tú spárálach tomhaiste bíonn uisce fágtha i mbun an bhuicéid nuair a bhíonn tú réidh, agus is féidir é sin a chaitheamh anuas ort féin d’aon iarraidh amháin. Ní sásamh go dtí é; sáraíonn sé gnáthchith te. Sa tsimplíocht atá an sonas: cuireadh cuí ar an gcoire ó shin ach seans go dtógfaidh mé cith le cupán arís ar ball beag.

Fág freagra ar 'Ag tógáil ceatha le cupán uisce – sáraíonn sé gnáthchith te, ní sásamh go dtí é'