Tá an suíomh idirlín PEIG.ie le hathrú chuig a ainm nua ‘Scéal.ie’ ag deireadh na míosa seo. Beidh fáil ar an leagan nua den suíomh ón 30 Deireadh Fómhair agus seolfar go hoifigiúil é ar an 2 Samhain, Déardaoin an Oireachtais, i mBéal Feirste.
Sheasadh an t-ainm ‘PEIG’ do ‘pobal, eolas, ilmheáin, Gaeilge’ agus b’imeartas focal é ar ainm an tseanchaí chlúitigh Peig Sayers. Is é Conradh na Gaeilge atá i gceannas ar an suíomh agus foilsítear ann míreanna as nuachtáin, irisí, agus suíomhanna Gaeilge eile; folúntais in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta; féilire imeachtaí; eolaire gnó; agus tuilleadh eolais a bheadh ina ábhar spéise do lucht labhartha na Gaeilge.
D’fhógair Conradh na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo go raibh an cinneadh déanta ag an eagraíocht an t-ainm PEIG.ie a fhágáil ina diaidh agus é a athbhrandáil mar Scéal.ie roimh dheireadh na bliana seo. Nuair a seoladh an suíomh den chéad uair i mí Lúnasa 2014, dúirt an Conradh go rabhthas ag iarraidh an t-ainm ‘Peig’ a “athshealbhú” do lucht labhartha na Gaeilge.
Is minic a thagraítear do sheanchaí cáiliúil an Bhlascaoid Mhóir ar na meáin Bhéarla nuair atáthar ag caitheamh anuas ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha. Bhí leabhar Sayers, Peig, ar shiollabas na hArdteistiméireachta go dtí na 1990idí.
“Mothaímid go léiríonn an t-ainm nua [Scéal.ie] fís agus cuspóir an tsuímh i mbealach an-soiléir agus gonta, cé go mbeimid brónach slán a fhágáil leis an ainm PEIG.ie, a d’fhreastail go hiontach orainn ó cuireadh tús leis an suíomh i mí Lúnasa 2014,” a dúradh i ráiteas faoin athrú.
Maíonn an Conradh go mbeidh an suíomh nua “níos nua-aimseartha, níos simplí, agus níos iomasaí le húsáid” agus go “leanfaidh Scéal.ie ar aghaidh mar lárphointe eolais na Gaeilge”. Tá sé geallta ag an eagraíocht teanga go ndéanfar “feabhsúcháin agus forbairtí éagsúla” ar an suíomh mar chuid den athainmniú.
“Má tá aon nasc chuig leathanaigh ar PEIG.ie ar shuíomhanna nó ar ardáin eile tar éis don ainm a bheith athraithe, déanfar atreorú uathoibríoch go dtí na leathanaigh chuí ar Scéal.ie. Tiocfaidh athrú freisin ar leagan amach ár nuachtlitreacha, ach fós beidh an t-eolas céanna á roinnt go rialta,” a dúradh sa ráiteas.
Beidh an seoladh oifigiúil ann Déardaoin an 30 Deireadh Fómhair ag Oireachtas na Samhna.
Seán De Bláca
Scéal is ainm do forlíónadh Gaeilge an Irish Times agus an Irish Examiner! Ní bheinnse ró-shásta dá mba mise eagarthóir Scéal!