Deir Catherine Connolly go bhfuil “eagla an domhain” roimh a feachtas uachtaránachta ar Fhine Gael agus an rialtas agus gurb in faoi ndeara na hionsaithe atá á ndéanamh uirthi agus an feachtas ag druidim chun deiridh.
“Is dóigh go bhfuil eagla an domhain ar Fhine Gael agus ar an rialtas mar gheall ar an ngluaiseacht atá taobh thiar dom agus beidh an ghluaiseacht seo ag leanúint ar aghaidh beag beann ar aon toradh,” a dúirt an t-iarrthóir neamhspleách le Tuairisc.
Tabharfaidh Heather Humphreys agus Catherine Connolly faoin díospóireacht deiridh eatarthu anocht ina bhfeachtas don Uachtaránacht agus gan ach trí lá eile feachtasaíochta fágtha.
Dúirt Catherine Connolly gur díol suntais líon na ndaoine a dúirt léi le linn an fheachtais go raibh an Ghaeilge tábhachtach dóibh agus dúirt sí gur údar díomá é i gcónaí di nach raibh aon díospóireacht ag TG4.
“An méid daoine a tháinig suas chugam agus iad a rá ‘tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dom, níl agam ach cúpla focal, níl sí agam fós’ – thuig siad agus chuir siad in iúl domsa go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach agus [go bhfuil sé tábhachtach] go mbeadh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile.”
“Ar an bpointe sin, ní mór dom a rá go bhfuil díomá orm nach bhfuil díospóireacht ar siúl ar TG4. Ní thuigim cén fáth ná cén chaoi a rinne siad an cinneadh gan díospóireacht a bheith againn. Is féidir fotheidil a úsáid agus is dócha go mbeidh orthu breathnú ar an gcinneadh seo agus b’fhéidir é a athrú don todhchaí.”
Agus bean neamhspleách na Gaillimhe i bhfad chun cinn ar bhean Mhuineacháin, iarrthóir Fhine Gael, sna pobalbhreitheanna, measann tráchtairí go leor gurb í díospóireacht seo Prime Time ar RTE anocht an seans is fearr a bheidh ag Heather Humphreys leis an taoide a chasadh.
Táthar ag tuar dá bharr go ngéaróidh iarrthóir Fhine Gael athuair ina cuid ionsaithe ar Connolly.
Beidh Catherine Connolly ag súil go ngabhfaidh a cur chuige féin i bhfeidhm ar an lucht vótála, an fód a sheasamh ach sin a dhéanamh go sibhialta stuama.
Síltear go gcáinfidh an t-iarrthóir neamhspleách cur chuige an Rialtais sa bhfeachtas seo.
Tá sé ráite ag Connolly go raibh “suaraíl níos measa ná riamh” ag baint leis an mbealach ar chuir Heather Humphreys síos ar an obair a rinne Teachta Dála Ghaillimh Thiar agus í ina habhcóide sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.
Agus Heather Humphreys ag caint leis an Sunday Independent ag an deireadh seachtaine, dúirt sí nár “thriail sí féin riamh airgead a dhéanamh ar mhí-ádh dhaoine eile”.
Mar fhreagra ar an gcáineadh sin dúirt Catherine Connolly go raibh an cheist sin freagartha aici arís agus arís eile. Is “suaraíl níos measa na riamh” é go mbainfeadh iarrthóir Uachtaránachta mí-úsáid as sin ar an mbealach a ndearna sí.
Chuir an tAire Oideachais, Helen McEntee ó pháirtí Fhine Gael, ‘fimíneacht’ i leith Catherine Connolly, agus an tAire ag áitiú gur bhunaigh Connolly a slí bheatha mar pholaiteoir “ar a cáineadh ar an rud céanna a rinne sí ina gairm sa dlí”.
D’eisigh Fine Gael físeán ionsaithe faoin gceist sin, físeán ar thug na Daonlathaithe Sóisialta “ionsaí Trumpach” air.
Dúirt Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur “dul amú agus míchuibhiúlacht iomlán” a bhí ann ag Fine Gael “ionsaí gránna” a dhéanamh ar Catherine Connolly “díreach mar gheall go ndearna sí obair an abhcóide”.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan, Fianna Fáil, go raibh an dualgas atá ar dhlíodóir seirbhísí dlí a chur ar fáil “fíor-riachtanach do riar an chirt”.
“Ní hionann dlíodóir ag glacadh le cás agus a rá go n-aontaíonn an dlíodóir sin le hiompar nó tuairimí an chliaint. Níl an dlíodóir ach ag soláthar seirbhísí dlí,” a dúirt O’Callaghan inné.
Maíonn lucht tacaíochta Connolly go bhfuil “feachtas clúmhillte” á rith ina héadan. Dúirt Gary Gannon, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, go raibh daoine atá sinsearach i bpáirtí Fhine Gael ag iarraidh “ainm Connoly a mhilleadh” le “ráitis náireacha” ar “míléiriú gránna iad ar an gcaoi a bhfeidhmíonn córas dlí na tíre seo”.
Sa phobalbhreith is deireanaí ag The Irish Times, léiríodh tacaíocht 38% do Connolly agus ní raibh ag Humphreys ach 20%.
Agus í faoi agallamh ag Tuairisc, dúirt Catherine Connolly nach raibh sí chun géilleadh d’ionsaithe agus go seasfadh sí lena tuairimí.
“Sheas mise gan aon duine a bheith taobh thiar díom ach m’fhoireann agus ansin tháinig na páirtithe agus tá sé tábhachtach domsa béim a chur ar chomh neamhspleách is atá mé. Sheas mé mar iarrthóir neamhspleách, tá aigne neamhspleách agam agus leanfaidh mé ar aghaidh.
“Ach chuir sé gliondar ar mo chroí gur tháinig an méid sin daoine taobh thiar dom agus is dóigh gur scáthán é ar chosmhuintir na tíre agus ar an rud atá ag teastáil uathu ó phoblacht.”
Beircheart
Tá súil ‘am go bhfuil an bua ag Connolly mar ceapaim go seasann sí dár luachanna sa tír seo. Léiríonn an feachtas clúmhillte in aghaidh Connlly gur bagairt í.
Diarmuid
Ta súil agam go mbeidh an bua ag Jim Gavin. Tá sé chun eirigh as laitreach, agus ansin beidh toghcán eile againne, agus seans go mbeidh rogha níos fearr iarrathoirí. Beidh uinhir a dó agam do Connolly: tá sí go dona ach tá Heather níos measa!