Thug Catherine Connolly agus Heather Humphreys aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht Prime Time RTÉ aréir, díospóireacht dheireanach an fheachtais uachtaránachta roimh lá na vótála Dé hAoine.
Cé a thug an lá léi? Ar éirigh le Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an taoide a chasadh nó an ndearna rogha na coitiantachta, an t-iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tuilleadh dul chun cinn?
Déanann Seán Tadhg Ó Gairbhí, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín léirmheas ar an méid a dúradh agus nach dúradh agus ar an lorg a d’fhéadfadh sé a fhágáil ar laethanta deireanacha an fheachtais.
Fág freagra ar 'Díospóireacht na huachtaránachta – a seans mór deireanach caillte ag Heather Humphreys?'