Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm

Bhí cruinnithe ag lucht bainistíochta RTÉ le lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanas ag ar pléadh cuid de na ciorruithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag RTÉ

Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm

Níl sé i gceist ag RTÉ aon eisceacht a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta ná do Nuacht RTÉ/TG4 agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta.

Bhí cruinnithe ag lucht bainistíochta RTÉ le lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanas ag ar pléadh cuid de na ciorruithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag RTÉ “tríd an eagraíocht ar fad”.

Thug urlabhraí de chuid RTÉ le fios do Tuairisc nach bhfuil sé i gceist ag RTÉ aon eisceacht a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta ná do Nuacht RTÉ, seirbhísí a bhfuil acmhainní teoranta acu mar atá, agus na ciorruithe seo á dtabhairt isteach.

Dúradh go mbeidh “athruithe léiriúcháin ar fud RTÉ” agus go bhfuil an t-athrú sin “leanúnach agus riachtanach” le go mbeadh an eagraíocht in ann “freastal níos fearr a dhéanamh” ar riachtanais an lucht féachana agus an lucht éisteachta.

Maíodh go raibh RTÉ “tiomanta” don Ghaeilge agus go mbaineann na “hathruithe” a bheidh le déanamh tríd an eagraíocht le plean RTÉ “seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar”.

“Bíonn bainistíocht RTÉ i dteagmháil le foirne ar fud na heagraíochta go rialta, lena n-áirítear ár gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta. Tá ár bpleananna do thodhchaí RTÉ leagtha amach i straitéis cúig bliana RTÉ.

“Baineann an straitéis seo le todhchaí RTÉ agus leis an tábhacht a bhaineann le RTÉ a bhfuil athrú déanta air. Baineann sí le seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar, seirbhís a bheidh ar fáil do chách. Tá tiomantas don Ghaeilge san áireamh anseo,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Nuair a seoladh straitéis cúig bliana RTÉ 2025-2029 anuraidh, luadh go raibh sé i gceist ag an gcraoltóir náisiúnta foireann a bheadh “níos lú agus níos lúfaire” a bheith acu.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní eisceacht atá i gceist maidir le RnaG, ach tuiscint go bhfuil foirniú na heagráíochtai i bhfad nios ísle na foirniú raidió Bhearla RTÉ. Ni feiodir labhairt faoi sciar cothrom den ualach mura bhfuil sciar cothrom den fhoirniu ann ag an tús. Ní raibh riamh, agus de réir mo chuid taithí féin ón am go raibh mé ag obair le RnaG bíonn tionchar – agus ualach – níos mó ar RnaG na mar a bhíonn ar na seirbhísí Bhéarla. Ní eisceacht ach cothrom na Feinne atá ó mhuintir na Gaeilge.