Ábhar ó Rathcarran National School foilsithe ar Dúchas.ie

Ní raibh stádas Gaeltachta ag Ráth Chairn na Mí nuair a bhí Bailiúchán na Scol á chur le chéile sna 1930í agus ba i mBéarla amháin a bailíodh an t-ábhar ón gceantar atá le léamh anois ar Dúchas.ie

Ráth Chairn

Tá fáil anois ar Dúchas.ie ar bhéaloideas agus stair a bhaineann le Ráth Chairn na Mí. Cuireadh an t-ábhar a bailíodh ó dhaltaí scoile idir 1937 agus 1938 ar an suíomh le deireanas, rud a fhágann gurb é ábhar Chontae Chorcaí an t-aon bhailiúchán ó chontae Gaeltachta nach bhfuil ar fáil go fóill. Cuireadh ábhar ó 18 contae eile leis an suíomh ó cuireadh tús leis an obair ag deireadh na bliana 2013.

Ní contae Gaeltachta a bhí i gContae na Mí, áfach, nuair a bhí Bailiúchán na Scol á chur le chéile. Ní raibh muintir Chonamara ach dhá bhliain nó mar sin i Ráth Chairn nuair a tosaíodh ar an obair agus is i mBéarla ar fad atá an t-ábhar a bailíodh i ‘Rathcarran’ – idir sheanfhocail, amhráin agus scéalta.

Ba í Caitlín Ní Chonnachtáin a bhí ag múineadh i scoil Ráth Chairn nuair a bailíodh an t-ábhar agus tá 115 mír sa bhailiúchán ón scoil sin.

Ba é Contae na Mí, agus Cúige na Mí mar a bhí ann fadó, lárionad na hÉireann agus ba ann a dhéantaí Ard-Ríthe na hÉireann a ghairm. Tá an bailiúchán áirithe, mar sin, lán eolais faoi Theamhair na Mí agus na seanríthe a bhíodh ann.

Tá eolas freisin le léamh faoi Bhriseadh na Bóinne i 1690 chomh maith le béaloideas, amhráin agus stair faoin abhainn féin. Tá dhá scéal ann a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca agus cúpla scéal faoi Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe.

Ghlac beagnach 120 scoil páirt sa scéim i gContae na Mí agus tiomsaíodh 37 imleabhar d’ábhar béaloidis. Tá ábhar béaloidis as Bailiúchán na Scol á fhoilsiú ar Dúchas.ie ó dheireadh 2013 agus is í aidhm an tionscadail go mbeidh imleabhar uile Bhailiúchán na Scol ar fáil ar líne faoi dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Ábhar ó Rathcarran National School foilsithe ar Dúchas.ie'