A scríbhneoirí na Gaeilge, tá ceisteanna againn oraibh! Eolas á lorg do thaighde nua…

Tá suirbhé ar bun ag Aontas na Scríbhneoirí d'fhonn fáil amach cé hiad scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu...

A scríbhneoirí na Gaeilge, tá ceisteanna againn oraibh! Eolas á lorg do thaighde nua…

Cé hiad scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu? Cén dream is líonmhaire ina measc – filí, gearrscéalaithe, scríbhneoirí don aos óg, lucht critice nó eile? Cad iad na haoisghrúpaí is treise ina measc? An bhfuil scríbhneoirí comhaimseartha againn ó gach contae in Éirinn, gach cathair, gach Gaeltacht?

Tá suirbhé ar bun ag Aontas na Scríbhneoirí maidir leis na ceisteanna seo – agus más scríbhneoir tusa ar foilsíodh leabhar amháin leat ar a laghad, nó drámadóir a raibh dráma nó script leat ar stáitse nó ar chainéal aitheanta, ba bhreá leis an Aontas go líonfá ceistneoir gairid. Ní gá bheith i do bhall den Aontas chuige sin. Tá an ceistneoir ar fáil anseo.

Beidh torthaí an tsuirbhé le feiceáil ar líne ón bhfómhar seo chugainn i mBunachar na Scríbhneoirí Gaeilge a bheidh mar chuid den suíomh gréasáin nua atá á dhearadh don Aontas. Liosta iomlán inchuardaithe scríbhneoirí Gaeilge ár linne a bheidh sa bhunachar, mar áis do léitheoirí agus lucht eagraithe féilte, leabharlannaithe, iriseoirí agus taighdeoirí.  Tá sé i gceist go mbeidh sonraí ar fáil sa bhunachar maidir le líon agus inscne na scríbhneoirí, na haoisghrúpaí a mbaineann siad leo, a gcúlra tíreolaíoch agus a gcúlra ó thaobh na Gaeilge de. Beidh eolas chomh maith ann faoi líon na leabhar i seánraí éagsúla agus faoi na foilsitheoirí a chuireann na leabhair ar fáil.

Táimid ag iarraidh ar ár gcomhscríbhneoirí go léir an ceistneoir seo a líonadh anois. Rinneamar buntaighde ar bhonn deonach sa bhliain 2016 agus fuaireamar amach go bhfuil suas le 500 scríbhneoir Gaeilge inár measc ar foilsíodh saothar leo. Is cinnte gur líon i bhfad níos mó é seo nár mar a shíltear de ghnáth. Tá scríbhneoirí i ngach seánra lasmuigh den chóras scolaíochta san áireamh againn: mar shampla, staraithe, eagarthóirí a chnuasaigh aistí ar shaíocht na Gaeilge, aistritheoirí a aistríonn leabhar go Gaeilge, údair phictiúrleabhar, drámadóirí, filí, úrscéalaithe agus go leor leor eile.

Tá an ceistneoir leagtha amach go simplí, ionas nach nglacfaidh sé ach cúig nóiméad é a líonadh. Glacfar leis an gceistneoir mar dheimhniú ar an eolas agus mar chead ón scríbhneoir a chuid sonraí a chur ar fáil go poiblí sa Bhunachar. Tá a lán den eolas le feiceáil cheana ar shuímh na bhfoilsitheoirí agus in áiteanna eile ar líne, ach ar mhaithe le cosaint sonraí tá sé riachtanach an cead a fháil ó na scríbhneoirí féin.

Tuigimid féin, ar ndóigh, mar a chuirimid go léir ceistneoirí ar an méar fhada! Fuair na céadta scríbhneoirí fógra faoin togra cheana, a bhuíochas do na foilsitheoirí Gaeilge a thoiligh é a sheoladh amach chuig a gcuid scríbhneoirí féin. Tá cuid mhaith ceistneoirí líonta agus seolta ar ais chugainn – agus tá an nasc á chur ar fáil anseo arís do na scríbhneoirí sin nár shroicheamar fós. Tá tuilleadh eolais faoin suirbhé agus faoin mbunachar anseo.

Tá suíomh nua gréasáin an Aontais á dhearadh ag Ronan Doherty, a thuill an-mholadh as a chuid oibre ar shuíomhanna eile, ina measc www.portraidi.ie, www.comhar.ie agus www.scathan.ie. Chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil don togra i mbliana, rud a chabhróidh go mór leis an Aontas cur leis an bhfreastal a dhéanann sé ar na baill. Sa bhliain 2015 a bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí agus bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill nua: tá ballraíocht ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge pé acu ar foilsíodh a saothar nó nár foilsíodh. Tá tuilleadh eolais faoi obair an eagrais ar an suíomh reatha.

Tá gach súil againn go spreagfaidh an Bunachar plé agus díospóireachtaí nua sa todhchaí. Mar shampla, cad iad na seánraí leabhar atá an-tearc sa Ghaeilge agus cad iad na fáthanna is mó leis sin? Cén soláthar atá againn i réimsí an taistil, an spóirt nó an bhia? An iad na fir seachas na mná is líonmhaire fós mar scríbhneoirí i ngach réimse seachas an scríobh don aos óg, mar ba léir dúinn sa bhuntaighde? Cad iad na ceantair nó an cúige is treise ó thaobh na scríbhneoireachta agus cad atá le foghlaim againn ón léargas sin?

Amach anseo, tá súil ag Aontas na Scríbhneoirí cur leis an togra seo ach tuilleadh maoinithe a fháil. D’fhéadfaí teidil na leabhar a chur ar fáil sa Bhunachar freisin, agus a leathanach gréasáin féin a bheith ag gach ball den Aontas ar spéis leo a leithéid mar mhodh poiblíochta agus cumarsáide. Idir an dá linn, áfach, tá súil againn ceistneoir a fháil ó na céadta scríbhneoirí. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil! 

-Is baill d’Aontas na Scríbhneoirí iad Anna Heussaff agus Éilís Ní Anluain ar foilsíodh úrscéalta agus leabhair i seánraí eile leo

 

Fág freagra ar 'A scríbhneoirí na Gaeilge, tá ceisteanna againn oraibh! Eolas á lorg do thaighde nua…'