A ngreim ar an mbarr le daingniú ag Cúige Mumhan

Tá cluichí tábhachtacha roimh na cúigí go léir i mbabhtaí 5 de na comórtais Eorpacha

A ngreim ar an mbarr le daingniú ag Cúige Mumhan

Imreoir Chúige Mumhan, Jean Kleyn, ag imirt i gcoinne Chúige Chonnacht ag tús na míosa. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Níl aon dabht ann ach gur thug chuile chúige, seachas Cúige Uladh, b’fhéidir, sárthaispeántas rugbaí dúinn le linn na gcluichí idirchúige. Bhí dhá bhua iontacha as trí chluiche ag Cúigí Laighean agus ag Cúige Mumhan agus fiú má theip ar Chúige Chonnacht in dhá chluiche, bhí siad thar barr sa dá chluiche céanna. Chuir Cúige Uladh tús maith lena bhfeachtas, nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Chúige Mumhan agus iad á n-imirt i mBéal Feirste trí seachtaine ó shin, ach lig siad na maidí le sruth ó shin i leith. 

Tá deireadh anois leis an gcomórtas beag taobh istigh den chomórtas Pro 14 agus is ar na comórtais Eorpacha a bheas aird chuile dhuine sa gcoicís atá amach romhainn.

Níl ach dhá chluiche le n-imirt sna réamhbhabhtaí, rud a fhágann go n-íocfaidh na cúigí go daor as aon bhotún. Is iad na Muimhnigh is túisce a bheas ag cur chun páirce agus iad as baile anocht, Dé hAoine,  i nGloucester. Tá Cúige Mumhan ar bharr Ghrúpa 2 den chomórtas seo faoi láthair agus 12 pointe acu. Dhá chluiche a bhuaigh siad go dtí seo, bhí comhscór acu i gceann eile agus chaill siad cluiche amháin. Tá dhá chluiche caillte ag Gloucester as an gceithre chluiche a d’imir siad go dtí seo, ceann acu sin agus iad i gcoinne Chúige Mumhan a fuair an ceann is fearr orthu, 36-22, bPáirc Thuamhan i mBabhta 2. Is cinnte gur spreagadh iontach do Chúige Mumhan an dá bhua iontacha a bhí acu le coicís anuas, i gcoinne Chúige Laighean agus Chúige Chonnacht. Ní hionann an cás ag Gloucester é, foireann a chaill faoi dhó le coicís anuas, rud a fhágann sa gceathrú háit ar thábla an Premiership iad. Tá mise ag tuar bua don tríú seachtain as a chéile do na Muimhnigh.

Seans gur san RDS a bheas sárchluiche an deireadh seachtaine seo agus curaidh an chomórtais Cúige Laighean agus Toulouse, an t-aon fhoireann eile a fuair greim ar an gcraobh seo ceithre bhabhta, ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Is iad na cuairteoirí atá ar bharr Ghrúpa 1 faoi láthair, iad dhá phointe chun cinn ar Chúige Laighean atá ar 15 pointe. Bhí an lámh in uachtar ag Toulouse sa gceithre chluiche a d’imir siad go dtí seo, ina measc an ceann i gcoinne Chuige Laighean, cluiche a bhuaigh siad le haon phointe amháin, 28-27.

Ach is in Toulouse a bhí an cluiche sin agus is fiú a rá go raibh an t-ádh glan ar fhir an bhaile an lá a thabhairt leo. Beidh lucht leanta na Laighneach ag súil gur scéal eile ar fad a bheas san RDS an Satharn seo. Is minic é ráite gur beag rath a bhíonn ar fhoirne ón bhFrainc agus iad ag imirt thar lear, ach mar sin féin is iad Toulouse atá ar bharr an Top 14 faoi láthair agus bhí dhá bhua mhaithe acu le coicís anuas. Bí ag súil le cluiche crua, fisiciúil anseo. An fhoireann a mbeidh an lá leo, beidh siad ar bharr an tábla agus iad cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais, fiú agus cluiche amháin fós le himirt. Cúige Laighean an rogha agus buntáiste an bhaile acu.

Beidh cluiche suimiúil againn amárach freisin i mBéal Feirste, mar a mbeidh Cúige Uladh, atá sa dara háit i nGrúpa 4 agus 14 pointe acu, agus Racing 92, atá ar bharr an tábla agus 19 pointe acu, ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Níor chaill foireann na Fraince oiread agus cluiche amháin fós sa gcomórtas seo. Go deimhin, thug siad léasadh (44-12) do na hUltaigh nuair a chas siad orthu i bPáras i mBabhta 2. Seans nach mbeidh farasbarr chomh mór ag na Francaigh an Satharn beag seo ach shamhlóinn go mbeidh an bua acu ar na hUltaigh mar sin féin.

Sa gcomórtas sóisearach, beidh Cúige Chonnacht ag cur fáilte chuig an mBóthar Beag roimh Sale Shasana. Trí phointe atá idir na Connachtaigh agus Sale, an fhoireann atá ar bharr Ghrúpa 3 de Chorn an Dúshláin. Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 2, bhí an bua ag Sale, 34-13, i Sasana. Níl aon dabht freisin ach go bhfuil foireann na Gaillimhe ag imirt i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí siad ag tús an tséasúir nuair a chas siad ar Sale cheana. Bua eile sa mbaile do na Connachtaigh agus iad á ngríosú ag a lucht leanta dílis.

Fág freagra ar 'A ngreim ar an mbarr le daingniú ag Cúige Mumhan'