A n-áit i measc na n-uaisle daingnithe ag Cill Chainnigh, foirne peile na Gaeltachta faoi bhrú

Caitheann Tuairisc súil siar ar chluiche ceannais camógaíochta na hÉireann agus conas mar a d’éirigh le foirne peile agus iomána Gaeltachta i gcomórtais na gcraobhacha

A n-áit i measc na n-uaisle daingnithe ag Cill Chainnigh, foirne peile na Gaeltachta faoi bhrú

A n-áit i measc na n-uaisle daingnithe ag Cill Chainnigh

Fiú roimh chluiche ceannais an Domhnaigh, ní raibh aon amhras ach go raibh Cill Chainnigh i measc na bhfoirne camógaíochta is fearr a bhí ann le deich mbliana. Is idir na Cait, Corcaigh nó Gaillimh a imríodh gach cluiche ceannais ó 2013 ach, mar sin féin, bhí rud éigin le cruthú ag Cill Chainnigh go fóill.

Cé gur bhuaigh na Cait Craobh na hÉireann faoi dhó le deich mbliana anuas, chaill siad cúig chluiche ceannais eile freisin le linn na tréimhse sin agus dá mbeadh an séú ceann caillte acu, údar mór díomá a bheadh ann, go háirithe agus Corcaigh ligthe ar ais sa chluiche arís acu Dé Domhnaigh.

Léirigh imreoirí Chill Chainnigh an mianach atá iontu chun an cluiche a bhuachan, áfach, agus sheas siad an fód in am na cinniúna.

Nuair a rinneadar an beart i gcluiche ceannais 2020, ní raibh lucht tacaíochta ar bith i bPáirc an Chrócaigh mar gheall ar na srianta Covid-19. Agus an chraobh tugtha leo acu Dé Domhnaigh, bhí Cill Chainnigh in ann an gaisce a cheiliúradh leis an slua.

Léiríonn bua Chill Chainnigh cé chomh hiomaíoch agus atá craobh na camógaíochta. Le deich mbliana anuas, tá ceithre chraobh buaite ag Corcaigh, trí cinn tugtha leo ag Gaillimh agus anois trí cinn eile buaite ag Cill Chainnigh. Tá bearna shuntasach ann idir iadsan agus na foirne eile ach nuair a imríonn Cill Chainnigh, Corcaigh agus Gaillimh in aghaidh a chéile tugann siad spreagadh dá chéile imirt chomh maith agus is féidir leo.  

Tús mall arís ag Corcaigh

Nuair a chailleann foireann cluiche ceannais na hÉireann le haon phointe amháin, mar a rinne Corcaigh Dé Domhnaigh, bíonn iliomad cúiseanna aiféala argan dream a chlis –  deiseanna a cuireadh amú, pasanna a chuaigh ar strae agus botúin bheaga eile. Bhí mí-ádh ar Chorcaigh leis an gcúl a ghéill siad i dtreo dheireadh an chluiche ceannais in aghaidh Chill Chainnigh ach seans gurb é an rud is mó a ghoillfidh ar na Muimhnigh an tseachtain seo ná an tús mall a chuireadar leis an gcluiche.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí a gcéad phointe aimsithe ag na Cait théis 15 soicind agus faoin am go raibh ceathrú uaire imeartha, bhí Cill Chainnigh cúig phointe chun tosaigh agus bhí teipthe ar Chorcaigh scór ar bith a aimsiú. Lena gceart a thabhairt do mhná Chorcaí, tháinig siad ar ais sa choimhlint go láidir roimh leatham agus iad ar comhscór ag an mbriseadh, 1-4 in aghaidh 0-7. Ach i gcluiche ina raibh an iomaíocht chomh géar sin, beidh na Corcaígh ag machnamh ar conas a bheadh cúrsaí dá mbeadh tús níos fearr curtha acu leis an imirt.

An rud is mó a chuirfidh isteach ar Chorcaigh ná go raibh rabhadh faighte acu sa chluiche leathcheannais. In aghaidh Phort Láirge sa chluiche sin, thóg sé beagnach 25 nóiméad ar mhná Chorcaí a gcéad scór a fháil ach d’éirigh leo teacht aniar a dhéanamh agus an cluiche a bhuachan. Is cinnte go ndearnadh an fhadhb sin a phlé roimh an gcluiche ceannais ach, ar chúis éigin, tharla an rud céanna arís agus d’íoc Corcaigh go daor as sa deireadh.

Foirne Chonamara faoi bhrú i nGaillimh

Tá craobhacha peile agus iomána anois faoi lán seoil in an-chuid contaetha timpeall na tíre agus an deireadh seachtaine seo a cuireadh tús le Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe. Drochdheireadh seachtaine a bhí ann d’fhormhór na bhfoirne Gaeltachta sa chomórtas.

Curaidh 2020, Maigh Cuilinn, an t-aon dream ón iarthar a bhuaigh ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr faighte acu ar a gcomharsana ó dheas, An Spidéal. Bhí na fir ó Chois Fharraige ceithre phointe chun tosaigh tráth sa dara leath ach spreag iarimreoir na Gaillimhe Peter Cooke, a bhfuil tréimhsí caite aige ag obair i Meiriceá le blianta beaga anuas, teacht aniar Mhaigh Cuilinn agus bhí an bua acu 0-15 in aghaidh 0-12.

Chlis ar na trí fhoireann eile ó Chonamara Dé Sathairn. Tá Naomh Anna, Leitir Móir i nGrúpa A le Maigh Cuilinn agus an Spidéal agus iad ar ais sa ghrád sinsir i mbliana ach bhuaigh Réalta Thuama go héasca ar fhir Cheantar na nOileán, 2-14 in aghaidh 0-12. Beidh obair mhór le déanamh anois acu más leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus Cora Finne agus Uachtar Ard sa ghrúpa céanna.

Tá An Cheathrú Rua agus Bearna faoi bhrú cheana féin i nGrúpa B. Bhí an-seans ag an gCeathrú Rua an ceann is fearr a fháil ar Naomh Séamus i gcluiche a imríodh in Indreabhán ach scóráil Eoin Concannon cúilín an bhua d’fhir na cathrach go déanach in am cúitimh. Bhí bua cumasach ag Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach ar Bhearna tráthnóna Dé Sathairn, 2-15 in aghaidh 0-12. Beidh An Cheathrú Rua anois ag imirt in aghaidh sheaimpíní na bliana seo caite, An Creagán-Maigh Locha, an deireadh seachtaine seo chugainn agus tabharfaidh Bearna aghaidh ar Naomh Séamus.

Tús uafásach d’fhoirne na Gaeltachta i gCiarraí

Tá An Ghaeltacht ag streachailt cheana féin agus iad ag iarraidh teacht slán ó Ghrúpa 3 den Chraobh Idirmheánach Peile i gCiarraí tar éis do Ghleann Beithe-Gleann Chárthaigh an ceann is fearr a fháil orthu sa chéad bhabhta Dé Domhnaigh. Chaill fir Chorca Dhuibhne le haon phointe amháin, 0-10 in aghaidh 0-9, ach cé go ndearnadar teacht aniar sa dara leath, goillfidh líon na ndeiseanna a chuir siad amú go mór ar an nGaeltacht. Bhí an-deis ag Dara Ó Sé na foirne a chur ar comhscór ó chic 45m ag deireadh cluiche teasaí a imríodh i gCill Gharraí an Lóndraigh ach, amhail go leor deiseanna eile a bhí ag an nGaeltacht, cuireadh an ceann sin amú. 

Imreoidh An Ghaeltacht in aghaidh Chill Chomáin i nGallaras Dé Domhnaigh seo chugainn, cluiche a chaithfidh siad a bhuachan más leo seans ar bith a bheith acu ar ardú céime i mbliana.

Drochthoradh a bhí ann do Phiarsaigh na Dromoda freisin agus buaite ag na Mistéalaigh orthu i nGrúpa 2. Is in aghaidh Léigiúin Chill Airne a bheidh fir Uíbh Ráthaigh sa chéad bhabhta eile.

I gCraobh Shinsir na gClubanna, bhuaigh An Spá ar Dhaingean Uí Chúis sa gcéad bhabhta i nGrúpa A, 3-9 in aghaidh 0-13. Chuir Paul Geaney an Daingean chun tosaigh luath sa chluiche ach ba dheacair leo scóranna a fháil in aghaidh fir Chill Airne. Spreag an cúl a scóráil David Spillane don Spá a fhoireann agus fuair sé féin agus Ryan Carroll ceann eile an duine sa dara leath chun an bua a chinntiú.

An Rinn, Bhulf Tón agus Clann na nGael ar an mbóthar ceart

Bhí scéal níos fearr ann d’fhoirne Gaeltachta a d’imigh chun páirce i gcraobhacha peile agus iomána sa Mhí agus i bPort Láirge ag an deireadh seachtaine.

Tá áit sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Idirmheánach Iomána na nDéise bainte amach ag An Rinn tar éis dóibh an tSráidbhaile a chloí Dé Sathairn, 5-17 in aghaidh 0-13. D’aimsigh Fearghal Ó Cuirrín 3-4 agus fuair Oisín Ó Ceallaigh 1-9. Tá cluiche eile i nGrúpa 3 fós le himirt ag an Rinn in aghaidh Cheapach Choinn Dé Sathairn, cluiche a shocróidh cé a chríochnóidh ar bharr an ghrúpa.

Cuireadh tús leis na craobhacha peile i gcontae na Mí an deireadh seachtaine seo freisin. I gcomórtas na sinsear, chuidigh an 1-3 a scóráil Saran Ó Fionnagáin do Bhulf Tón le curaidh 2021 an ceann is fearr a fháil ar An Scrín, 3-9 in aghaidh 0-12. Sa Chraobh Idirmheánach, bhuaigh Clann na nGael ar Chnoc na Mí, 4-9 in aghaidh 0-15, agus an-tús curtha acu le Grúpa D.

Fág freagra ar 'A n-áit i measc na n-uaisle daingnithe ag Cill Chainnigh, foirne peile na Gaeltachta faoi bhrú'