A Mhaighdean Mhuire, a mháthair Dé, tugaimis aitheantas duit as an éacht sa stábla suarach san fadó

Tá a fhios againn, gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de, a laghad measa atá ag lucht creidimh d’aon tsórt ar staid is ról is tábhacht na mban

A Mhaighdean Mhuire, a mháthair Dé, tugaimis aitheantas duit as an éacht sa stábla suarach san fadó

‘Crowning’ dealbh a rinne Esther Strauss den Mhaighdean Mhuire agus í sa riocht is go raibh sí ag tabhairt leanbh ar an saol

Agus tréimhse bheannaithe na Nollag is na hathbhliana á ceiliúradh ag Críostaithe an domhain mhóir, Críostaithe den uile chineál, bhí ceist bheag im’ chrá agus mé a machnamh ar ról na máthar, sa cheiliúradh seo, ról Mhuire, máthair an linbh Íosa.

Ar éigean a fhaigheann sí aon aird gur fiú trácht air, san éacht seo ar fad – sé sin leanbh a iompar trí ráithe, agus é a thabhairt ar an saol, ar shop tuí i stábla bréan ina raibh bó agus asal mar chomhluadar aici, más fíor.

Ar éigean gurbh é an Ritz láthair na breithe.

Aon phictiúr riamh a thairg aon ealaíontóir de Mhuire, máthair Dé, is geall le mainicín gan anam, gan splanc, gan spleodar í.

Gan bun cleite amach ná barr cleite isteach, mar a deir an seanrá.

Í go múinte mánla gan ribe gruaige as ord, an leanbh Íosa ina baclainn amhail is dá mbeadh foireann giollaí aici len í fhéin is a leanbh a ghléasadh suas don bpictiúr.

Labhair le haon bhean a thug leanbh ar an saol agus neosfaidh sí duit, sé sin má tá sé de mhisneach inti féachaint siar ar an eachtra uafáis san, an tráma ar a dtugtar go neafaiseach ‘breith nádúrtha’ agus gheobhair scéal.

Ceann a chuirfeadh an ghruaig ag seasamh ar do cheann más den nglúin ban í nár tugadh fiú amháin aspirin di is í fé luí seoil. Faic ach ‘Push, Missus’.

Agus is fada ó bheith ina bhunóicín deas ciúin séimh leis an tabhartas a bhíonn tugtha ar an saol aici ach cráiteachán brúite basctha tar éis dó aistear chanáil na broinne a chur dó.

Canathaobh ná taispeántar dúinn ‘réalachas’ an aistir?

An amhlaidh go bhfuil an baol ann go gcaithfí níos mó airde a thabhairt do ról na máthar ins an ‘mhíorúilt’ seo?

Go gcaithfeadh an fireannach nuashaolaithe seo, Dia idir sinn is an t-olc, an t-ardán a roinnt le bean, fiú nuair is í a mháthair, a ghaibh trí Ifreannn péine chun beatha a thabhairt dó, atá i gceist?

Tá a fhios againn, gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de, a laghad measa atá ag lucht creidimh d’aon tsórt ar staid is ról is tábhacht na mban.

Dála an scéil má dheinenn tú taighde beag geobhaidh tú amach gur minice atá Muire luaite san Qur’an, ná mar atá in aon leagan den ‘Bhíobla Naofa’.

Fág ar leataobh í, ná tabhair aitheantas dá ról i saolú Mhac Dé.

Is maighdean í agus is máthair í agus ná ceap ná bréagnaíonn aon cheann de na teidil sin a chéile.

Nuair a dhein an t-ealaíontóir Ester Strauss dealbh de Mhuire, máthair Dé agus í sa riocht is go raibh sí ag tabhairt leanbh ar an saol, ní róshásta a bhí Críostaithe ‘beannaithe’.

Ní fada in aon chor a bhí an ‘píosa ealaíne’ ar taispeántas in eaglais i gcathair Linz na hOstaire nuair a bhain lucht agóide an ceann den íomhá seo de Mhuire.

Smaoinigh air sin ar feadh neomat.

Aitheantas á thabhairt d’éacht na máthar fé luí seoil ag an ealaíontóir, agus deintear an ‘dealbh’ a mhaslú is a mhilleadh.

Tá sé de dhroch-cháil ar an gcathair sin Linz, cathair dheas dála an scéil ón méid a chonaic mé di agus mé ar cuairt ann roinnt blianta ó shin, an droch-cháil seo a luaitear os íseal, gur chaith an bhrúid mhíthrócaireach san Adolf Hitler cuid mhaith dá óige ins an gcathair chéanna.

Ní foláir nó bhí a mhianach barbartha san aer an lá ar ionsaigh ceartchreidmhigh dealbh Mhuire agus í ag tabhairt Mac Dé ar an saol.

In ainm Dé, agus tréimhse  na saoire is na síochána caite agus an Bhliain Úr agus Nollaig na mBan imithe, tugaimis aitheantas mar is cóir dá mháthair as a d’fhulaing sí, agus an t-éacht a dhein sí sa stábla suarach san Oíche Nollag fadó.

Fág freagra ar 'A Mhaighdean Mhuire, a mháthair Dé, tugaimis aitheantas duit as an éacht sa stábla suarach san fadó'

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, tuairisc.ie, Dé Máirt, Eanáir 7, 2025.

    Tá Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag breith phiscíní mar gheall ar dhícheannadh deilbhe le hEsther Strauß den Mhaighdean Mhuire in Ard–Eaglais Chaitliceach Linz, san Ostair. Is é mo thuairimse go bhfuil ábhar blaisféimeach i dteideal an ailt ag Seosaimhín, agus dá réir sin, níl sé i gceist agam teideal an ailt a thabhairt ann seo. Is é tuairim an tSeanadóra agus an abhcóide shinsearaigh, Michael McDowell, gur féidir, i gcónaí, cion blaisféime a dhéanamh, ainneoin an focal ‘diamhaslach’ a bheith caite amach as téacs Bhunreacht na hÉireann de dhroim an Achta um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht) –– Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris. Deireadh Fómhair 26, 2018, a tionóladh an Reifreann air sin.

    Dar le Seosaimhín gur léiriú is ea an dealbh den Mhaighdean Mhuire le hEsther Strauß, de Mhuire a bheith i dtinneas clainne, más fior, agus Íosa Críost á shaolú di. Is léir go bhfuil sí féin agus Esther Strauß dall ar ghnáthchuimhne na hEaglaise Caitlicí ar shaolú an linbh Íosa, is é sin, nach raibh Muire i dtinneas clainne, agus Íosa á shaolú di [Apacailipsis Eoin, Caib. 12, nóta buin leathanaigh b]. Níl smál Pheaca an tSinsir ar anam Mhuire. Ní dhearna sise peaca maraitheach, ná peaca solathach riamh, fiú. Pionós ar Éabha ba ea, ise agus gach uile bhean eile, ach Muire, a bheith i dtinneas clainne agus leanbh á saolú dóibh. Pionós ar Ádhamh, agus ar gach uile fhear eile, ach Críost, ba ea na mallachtaí go léir a chuir Dia air, i dtaobh Peaca an tSinsir a dhéanamh. Cé nach aistriúchán rómhaith Béarla ar an mBíobla is ea an Jerusalem Bible, tá meas ar na nótaí buin leathanaigh sa leagan sin, mar go bhfuil meas ar an leagan bunaidh Fraincise, agus ar na nótaí buin leathanaigh sa leagan Fraincise. Seo agaibh m’aistriúchán féin ar nóta buin leathanaigh b, i gCaib. 12 den Apacailipsis, sa Jerusalem Bible:
    Íona agus pianta linbh na mná, ráineodh gur ag meabhrú na mallachta ar Éabha dúinn atá, a ngoinfeadh a ginse an nathair ar ball, sa chás gur ag seasamh don chine daonna ar fad atá Iosrael. Ní dócha, in aon chor, gur ag cuimhneamh ar Mhuire atá Eoin [údar an Apacailipsis], ná gur shíl sé seo tagairt ar bith a dhéanamh do bhreith fhisiceach an Mheisias, don Ionchollú].
    Ón mBíobla Naofa ag Pádraig Ó Fiannachta, trócaire air, na focail ‘Íona agus pianta linbh’. Pádraig Ua Maoileoin, beannacht Dé lena anam, tharraingíodh sé an abairt seo chuige, anois is arís:
    ‘Ná bíse do mo dhalladhsa leis na heolaistí; tá m’aigne déanta suas agam.’ Is cuma le hEsther, agus le Seosaimhín, cad a dhéanfaidh na heolaistí. Tapaíonn an bheirt acu an deis chun buille eile fós a bhualadh ar son an Fheimineachais.

    Ba é comhdhearcadh na naomh le fada riamh gur mó an bheann atá ag Íosa Críost ar na hachainíocha ag Muire, ná ar na hachainíocha ag gach uile dhuine dhuine eile dá raibh, nó dá mbeidh, riamh ann –– agus iad go léir a chur le chéile. Déarfaidh na heacsaircistithe leat go mbíonn Muire i láthair 70% de na heacsaircistí, agus gur gnách go gcaitheann na deamhain teitheadh, nuair a láithríonn Muire. Cuid mhaith de na drochrudaí a tharla i gcaitheamh na gcéadta bliain, do thíortha agus don Eaglais, is amhlaidh a thuar Muire go dtarlóidís, mura n–athródh an cine daonna béasa: Maighdean an Dea–Tharlaithe [Nuestra Virgen del Buen Suceso] in Quito, Eacuadór, in 1582–1634; Muire Fatima, sa Phortaingéil, 1917. Bhí géilleadh ag Naomh Padre Pio i bhfíseanna Gharabandal i dtuaisceart na Spáinne [1961–1965]. Láithrigh an Mhaighdean Mhuire don tSr Agnes Sasagawa, in Akita, sa tSeapáin [1973–1975]. Is athrá, cuid mhaith atá i bhfíseanna Fatima, Gharabandal, agus Akita, ar theachtaireachtaí ó Mhaighdean an Dea–Tharlaithe in Quito, Eacuadór [1582–1634]. Tuairiscíonn eacsaircistithe gurb iomaí eacsairciste a láithríonn Naomh Padre Pio air, agus gur mór an chabhair a thugann sé seo chun na deamhain a ruaigeadh.

    Gerhard Ludwig Müller, a bhí ina Mhaor ar Chomhdháil Theagasc an Chreidimh ag an Vatacáin [2012–2017], agus ar Cairdinéal is ea ó 2014 é, rinne sé amach gur mí–leas idé–eolaíochta a bhí Esther Strauß a bhaint as saolú Íosa Críost don Mhaighdean Mhuire, mar gur léiriú mímhodhúil mínáireach ar an Maighdean Mhuire atá sa dealbh sin. Déanann Seosaimhín amach gur Críostaithe a rinne an dícheannadh ar an dealbh. Cá bhfios di? Is fíor go ndearna líon mór d’fhíréin Ard–Eaglais Linz an dealbh a ghearán le húdaráis na hEaglaise. Ach tá an–deabhóid ag na Moslamaigh do Mhuire. Is minic a thugann Moslamaigh turas ar scrínte do Mhuire i séipéil Chaitliceacha, agus iad ag iarraidh achainíocha ar Mhuire. Tuigtear do Mhoslamaigh go leor gur pearsa dhiaga is ea Muire, ach nach bhfuil in Íosa Críost ach fáidh naofa. Ní Moslamaigh amháin a bhíonn ag déanamh loitiméireachta ar shéipéil sa Fhrainc, agus sa Spáinn, abair. Bíonn aindiachaithe á déanamh sin chomh maith.

    Tá mná go leor ag diúltú do dheachtóireacht an Fheimineachais, mar a bhí go dtí le déanaí. Cuir i gcás, vótáil cuid mhaith ban NÍL leis an Reifreann ar an Teaghlach i Márta 2024. Tá feiminigh radacacha ann a gcuireann sé siar ó thuaidh ar fad iad, na focail ‘bean’, agus ‘máthair’, a bheith á ruaigeadh as doiciméid oifigiúla, agus gan cead a bheith ag mná a gcuid féin leithreas, agus a gcuid féin seomraí sosa a bheith acu. Ní rás go deo é.

    Bliain Nua faoi Chompord do lucht léite tuairisc.ie ar fad.

  • WTF

    Thar barr!