A machnamh á dhéanamh ag feisire parlaiminte maidir le rún faoi acht Gaeilge a chur faoi bhráid Westminster

Deir Liz Saville-Roberts, an chéad duine a labhair an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain, go bhfuil a machnamh á dhéanamh ag a páirtí ar ‘na bealaí uile’ a bhféadfaidís tacú leis an bhfeachtas ar mhaithe le hacht Gaeilge ó thuaidh

A machnamh á dhéanamh ag feisire parlaiminte maidir le rún faoi acht Gaeilge a chur faoi bhráid Westminster

Tá a machnamh á dhéanamh ag an Fheisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, maidir le rún a chur faoi bhráid Pharlaimint na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach don Tuaisceart.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Liz Saville-Roberts, an chéad duine a labhair an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain, go raibh “tacaíocht iomlán” á tabhairt ag a páirtí don fheachtas ar son acht teanga don Tuaisceart.

Dúirt an feisire parlaiminte do Dwyfor Meirionnydd, go raibh a machnamh á dhéanamh ag a páirtí ar “na bealaí uile” a bhféadfaidís tacú leis na hiarrachtaí chun acht Gaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart.

I measc na mbealaí sin, dheimhnigh Saville-Roberts go raibh plé á dhéanamh acu maidir le leasuithe ar Bhille Thuaisceart Éireann a chur os comhair Westminster.

“Mar pháirtí náisiúnta na Breataine Bige, bímid an-chúramach gan cur isteach ar chúrsaí a bhaineann le Tuaisceart Éireann, díreach mar a bheimis féin doicheallach roimh aon chur isteach ó Westminster i gcás gnóthaí a cineach do rialtas na Breataine Bige.

“Caithfimid a bheith cáiréiseach ach mar sin féin tá an-bhá agam féin agus ag mo pháirtí leis an acht Gaeilge agus bheimis mar pháirtí an-sásta plé a dhéanamh maidir lenár dtacaíocht d’aon leasuithe ar Bhille Thuaisceart Éireann a bhainfeadh le cearta teanga,” arsa Saville-Roberts.

Dúirt sí go raibh Plaid Cymru “breá sásta cuidiú aon tslí gur féidir” chun “cás an achta Gaeilge a chur chun cinn” ach go raibh “ceist ann cibé ar cheart aon rud a chur síos a mbeadh tionchar aige ar an reachtaíocht i dTuaisceart Éireann”.

“Nuair a phléamar é seo le déanaí inár bpáirtí féin, luadh roinnt cásanna a raibh baint acu le cumhachtaí forchoimeádta inar thacaíomar le leasuithe ar Bhille Thuaisceart Éireann,” a dúirt sí.

Léirigh Liz Saville-Roberts a tacaíocht don éileamh ar an reachtaíocht teanga cheana nuair a labhair sí Gaeilge i bParlaimint Westminster mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Measadh go bhféadfadh gurbh í sin an chéad uair a labhraíodh Gaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte roimh an scéal go raibh machnamh á dhéanamh ag an fheisire Liz Saville-Roberts ar rún a chur os comhair Westminster maidir le hacht Gaeilge don Tuaisceart.

“Is dea-scéala é go bhfuil tacaíocht á tabhairt aici don fheachtas ar son acht teanga in Westminster. É sin ráite, sa chás nach bhfuil Stormont ag feidhmiú agus ó tharla gur éirigh le moladh go dtabharfaí isteach reachtaíocht ar son comhionannas pósta, bheadh muid ag súil go dtacófaí le rún ar son cearta teanga,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Is é an feisire de chuid an Lucht Oibre Conor McGinn, as deisceart Ard Mhacha ó dhúchas, a mhol go dtabharfaí reachtaíocht ar son comhionannas pósta sa Tuaisceart isteach in Westminster.

Bhí Liz Saville-Roberts agus Conor McGinn i measc an chúigear feisirí parlaiminte a shínigh litir a cuireadh chuig iar-Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley mí an Mhárta ar mhaithe le brú a chur uirthi gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Dúradh sa litir, a shínigh na feisirí parlaiminte Conor McGinn (Lucht Oibre), Angus Mac Neil (SNP) agus David TC Davis agus Guto Sebb, ar Tóraithe iad beirt, go raibh dualgas ar rialtas na Breataine reachtaíocht teanga a thabhairt isteach don Tuaisceart cheal feidhmeannas a bheith ag feidhmiú ann.

Fág freagra ar 'A machnamh á dhéanamh ag feisire parlaiminte maidir le rún faoi acht Gaeilge a chur faoi bhráid Westminster'