FÍSEÁN: Lá stairiúil agus an Ghaeilge le cloisteáil in Westminster

Labhair feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, i nGaeilge inniu i bparlaimint Westminster agus ceist á cur aici faoin éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh

Chualathas an Ghaeilge á labhairt i bparlaimint Shasana in Westminster inniu nuair a chuir feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, ceist faoin éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley.

Measadh go bhféadfadh gurb í seo an chéad uair a labhraíodh an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain.

Ar an 19 Feabhra 1901 thug Thomas O’Donnell, feisire parlaiminte agus gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge as Ciarraí, cuid dá chéad óráid in Westminster i nGaeilge ar mhaithe le haird a tharraingt ar chás na teanga. Is cosúil go bhfuil bearna sa taifead parlaiminte oifigiúil san áit ar labhair O’Donnell Gaeilge, ach tuairiscítear go ndúirt sé go gcaithfeadh sé “labhairt ins an Feis Sacsanach seo in mo theanga féin”.

An taifead oifigiúil d’óráid Thomas O’Donnell. ÍOMHÁ: Hansard

Dúirt Liz Saville-Roberts, feisire parlaiminte do Dwyfor Meirionnydd, in Westminster inniu:

Is cearta daonna iad cearta teanga agus tá cothrom na Féinne tuillte ag lucht labhartha na Gaeilge. 

“Under the St Andrews Agreement of 2006 the British government pledged to introduce an ‘Irish Language Act based on the experiences of Wales and the Republic of Ireland’. Will the Minister uphold its commitment by introducing an Irish Language Act if power-sharing institutions are not restored within six months?.”

Ina dhiaidh sin, chuir Liz Saville-Roberts aistriúchán Béarla ar fáil don teach ar an gcuid sin dá ráiteas a bhí i nGaeilge.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley gur thuig sí go raibh tuairimí láidre ag daoine faoi cheist an achta Gaeilge ach nach bhféadfaí an bonn a bhaint de na socruithe bunreachtúla maidir le dílárú na cumhachta ‘ar fud na Ríochta Aontaithe’.

Nuair a dúirt Liz Saville-Roberts go raibh a gcearta ag dul do phobal na Gaeilge, dúirt feisire parlaiminte de chuid an DUP Greogry Campbell “let them have them”.

Ghabh Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge buíochas leis na feisirí parlaiminte a thacaíonn leis an éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh agus le Liz Saville-Roberts, go háirithe.

“Is é an t-éileamh atá againn ná go gcuirtear muid ar comhchéim le pobail mhionteangacha dúchasacha eile ar fud na n-oileán seo i dtaobh stádais agus reachtaíochta,” arsa Comer. 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge go raibh súil aige go bhfuair an t-éileamh ar acht Gaeilge éisteacht in Westminster.

Dúirt sé gur bhuail Conradh na Gaeilge leis an Rúnaí Stáit Karen Bradley níos luaithe i bliana agus gur “ábhar díomá” don eagraíocht nach bhfuil “aon dul chun cinn” déanta faoi cheist an achta ó shin.

“Agus bac á chur ag an DUP ar chearta teanga anseo, ní mór anois do Rialtas na Breataine coimitmintí s’acu féin ó 2016 a chur i bhfeidhm.

Dúirt Mac Giolla Bhéin nár chóir “go séanfadh Westminster na cearta sin ar an phobal ó thuaidh”.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Lá stairiúil agus an Ghaeilge le cloisteáil in Westminster'

  • Adam Lawson

    Míle maith aici!! Tá sé de rún agam an Bhreatnais a fhoghlaim – an bhfuil fios ag éinne faoi fhoclóir Gaeilge-Breatnais maith?

  • Liamo

    Tá go deimhin. Foclóir ag Joe Mitchell agus bí i dteagmháil le Dewi Rhys Jones a bhfuil cúrsa bunleibhéal Breatnais trí Ghaeilge scríofa aige

  • An Teanga Bheo

    Teanga Eorpach agus Breatimeacht ag tiocht sna salaí uirthi go díon mo léan ?