A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump 

Bhí Nikki Haley ag súil lena chruthú in New Hampshire go bhféadfadh sí Donald Trump a chur dá bhuille, ach tá an chuma ar an scéal gur ag snámh in aghaidh easa atá sí 

A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump 

Dhaingnigh Donald Trump in New Hampshire a ghreim ar an rás d’ainmniúchán na bPoblachtánach do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Léirigh torthaí réamhthoghchán New Hampshire athuair ceannas Donald Trump ar a pháirtí agus bhí a chéile comhraic Nikki Haley os cionn 10 bpointe taobh thiar de. 

Haley, an t-aon duine a bhí dáiríre san iomaíocht leis an iar-uachtarán don ainmniúchán, agus dúirt sí go raibh sé i gceist aici fanacht sa rás. Bhí Haley ag súil lena chruthú in New Hampshire go bhféadfadh sí Trump a chur dá bhuille, ach tá an chuma ar an scéal gur ag snámh in aghaidh easa atá sí. 

Dar le mórán gurb é réamhthoghchán New Hampshire an seans deireanach a bhí ag iarghobharnóir South Carolina a hiarracht chun an t-ainmniúchán a fháil a choimeád beo.  

Agus í ag súil le neamhspleáigh a mhealladh agus bua gan choinne a fháil, d’athraigh Haley cur chuige a feachtais agus ghéaraigh sí ar a cuid ionsaithe ar Trump.  

I ndiaidh an réamhthoghcháin in New Hampshire, dúirt Trump go raibh sé in am ag an bpáirtí seasamh le chéile ar son iarrthóra amháin. 

Cé nach raibh le buachan in New Hampshire ach 22 toscaire den 1,215 toscaire atá ag teastáil chun an t-ainmniúchán a fháil ag Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtánach, is minic ról mór millteach ag an stát i roghnú iarrthóirí ó tharla go mbíonn sé ar siúl ag tús an fheachtais. 

Tá Donald Trump ina rogha láidir na coitiantachta don ainmniúchán le tamall agus ba threise an stádas sin aige i ndiaidh dó buachan le 30 pointe ar Haley agus Ron DeSantis i gcácas Iowa an tseachtain seo caite.  

Aon iarrthóir poblachtánach riamh a bhuaigh an chéad dá stát d’éirigh leo ainmniúchán an pháirtí a fháil. Trump an chéad iarrthóir de chuid an pháirtí a bhuaigh Iowa agus New Hampshire agus nach raibh ina uachtarán ag an am. 

D’éirigh Ron DeSantis as an rás go dtí an Teach Bán i ndiaidh Iowa agus thug a bheannacht do Trump mar iarrthóir. 

Bhí New Hampshire ar an gcéad réamhthoghchán i bhfeachtas 2024 agus vótáil Poblachtánaigh, Daonlathaigh agus Neamhspleáigh dá rogha iarrthóra don olltoghchán a bheidh ar siúl i mí na Samhna.  

21 ainm a bhí ar bhallóid na nDaonlathach ach ní raibh ainm an uachtaráin Joe Biden ina measc.  

Is amhlaidh go raibh aighneas i measc na nDaonlathach faoi stádas an toghcháin agus gur shocraigh Biden gan dul sa ghleo ann. Mar sin féin, bhí seans ag daoine vótáil don uachtarán ach a ainm a scríobh isteach ar an mballóid. 

Idir an dá linn, bhí Donald Trump sa chúirt chomh maith le bheith i mbun feachtasaíochta roimh an réamhthoghchán.  

Tá cás clúmhillte, atá á thabhairt in aghaidh Trump ag an scríbhneoir E. Jean Carroll, á éisteacht in Manhattan faoi láthair.  

Chuir E. Jean Carroll i leith an iar-uachtaráin go ndearna sé ionsaí gnéasach uirthi i seomra gléasta i siopa sna 1990idí.   

Chinn an Breitheamh sa chás cheana go ndearna Trump clúmhilleadh ar Carroll in 2019 nuair a shéan sé go ndearna sé mí-úsáid ghnéis uirthi. Tá cinneadh le déanamh fós faoi na damáistí a íocfar le Carroll agus meastar go gcuirfear clabhsúr ar an gcás an tseachtain seo.

Bhí bua Trump in New Hampshire ar an léiriú is déanaí ar a sheasamh sa Pháirtí Poblachtánach, páirtí a bhfuil ceannas iomlán aige air nach mór in ainneoin 91 cúis a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla. 

Fág freagra ar 'A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump '

  • Pádraig O'hEipicín

    Maith thú Donald Trump.
    Go n-éirí Leat.